Tógadh Siobhán Ní Ghadhra sna Forbacha i gConamara, ar ‘bhóithrín an Údaráis’. Is beag a cheap sí agus í ina cailín beag go mbeadh sí ag dul isteach san ardoifig mar Chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Údarás na Gaeltachta.
“Bhí mé ag siúl isteach ar na steipeanna ag dul isteach ag an ardoifig lá eicint le deireanas is mé ag cuimhneamh siar ar nuair a bhí muid inár ngasúr mar gur ann a bhíodh muid ag imirt peile. Is sórt páirc spraoi a bhí san áit dúinne. Bhí sé aisteach domsa anois ag siúl isteach ann mar nár shiúil mé isteach ann le blianta fada roimhe sin.”
Is sa gceantar thart ar ardoifig Údarás na Gaeltachta a d’fhás Siobhán aníos, an duine is óige de thriúr páistí i dteaghlach Gaelach.
“Am ar leith a bhí ann sna Forbacha. Gaeltacht ar ndóigh, ach is beag clann thart orainn a bhí ag labhairt Gaeilge ó lá go lá. Bhí muid féin ann agus b’fhéidir dhá theach nó trí theach eile thart orainn ar an mbóithrín. Gaeilge a bhí againn sa mbaile agus is cinnte go raibh an-suim ag mo mháthair agus ag m’athair sa nGaeilge agus an-mheas acu uirthi.”
D’fhás an tsuim sa scéalaíocht agus sa nGaeilge a bhí aici féin ina hóige agus tá a saol oibre caite aici ag obair in earnáil na scannán agus na teilifíse Gaeilge. Tá dhá dhuais Emmy buaite aici agus go leor aitheantais eile faighte aici as léiriúcháin bheochana agus drámaíochta. Tá sí ina ball de Bhord TG4, Ardán agus Deasc na hEorpa Cruthaithí i nGaillimh. San am atá caite bhí sí ar bhord an Blue Teapot Theatre Company agus ina comhalta Boird d’Údarás Craolacháin na hÉireann ó 2010-2015. Bronnadh Gradam Alumni Ollscoil na Gaillimhe uirthi sa mbliain 2016.
Thosaigh Siobhán Ní Ghadhra a saol oibre ag stiúideonna Roger Corman i nGaillimh i 1998. Ceapadh í ina dhiaidh sin mar Cheannasaí Léiriúcháin le Telegael agus ina dhiaidh sin mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin sular fhág sí chun Danú Media a bhunú in 2015. Faoi láthair, tá sí ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar Ros na Rún, ceann de na sraitheanna drámaíochta teilifíse is faide atá ar an bhfód in Éirinn.
D’fhoghlaim sí go leor sna blianta luatha sin ag obair le stiúideo Roger Corman. Bhí fuinneamh agus beocht faoi bhunú TG4 sa mbliain 1996 agus bhí deiseanna ar fáil do dhaoine le Gaeilge agus daoine sa nGaeltacht nach raibh ar fáil roimhe sin taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Rinne sí bunchéim sa nGaeilge agus san Eacnamaíocht in Ollscoil na Gaillimhe agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach ina dhiaidh sin.
“Nuair a chríochnaigh mé san ollscoil bhí Roger Corman tar éis stiúideo a oscailt ar an Tulaigh i ngar d’oifigí TG4. Bhí fógra ar Raidió na Gaeltachta ag rá go raibh siad ag cuartú daoine le dul ag obair leo. Bhí tú ag tosú ón mbun aníos, mar a déarfá, agus creidim fós go láidir gurb shin an chaoi is fearr le do cheird a fhoghlaim. Go dtéann tú isteach is go bhfoghlaimíonn tú de réir mar atá tú ag obair.”
Cé go raibh na stiúideonna ag obair ar ábhar i mBéarla do lucht féachana i Meiriceá, bhí Gaeilge ag go leor den fhoireann a bhí ag obair ann agus ba dhaoine ó na Gaeltachtaí iad go leor acu freisin. D’oibrigh Siobhán ar chúig scannán le Roger Corman agus fuair sí tuiscint ar an earnáil agus ar na rólanna éagsúla. Bhí spleodar faoi chúrsaí teilifíse agus scannán ag an am agus thug sé sin spreagadh di.
“Chríochnaigh mé mo bhunchéim i 1997 agus bhí TG4 díreach tar éis teacht ar an aer an bhliain roimhe sin. Bhí go leor cainte go raibh deiseanna fostaíochta ann agus deiseanna do dhaoine le Gaeilge. Chuaigh mé ar aghaidh i ndiaidh na bunchéime agus rinne mé Ard-Dioplóma sa Chumarsáid. Ba cúrsa réasúnta nua a bhí ansin ag an am ach bhí na daoine a raibh an cúrsa déanta acu roimhe sin, daoine ar nós Gráinne Seoighe, Máire Eilís Ní Fhlatharta, le feiceáil beo beathach ar TG4, nó Teilifís na Gaeilge mar a bhí ann ag an am. Bhí an t-ádh liom go dtáinig rudaí le chéile an t-am sin, an t-am a raibh mise ag críochnú mo chuid oideachais agus is san earnáil sin atá mé ag obair ó shin.”
Chaith sí thart ar dhá bhliain le stiúideo Roger Corman agus ina dhiaidh sin chuaigh sí ag obair le Telegael, comhlacht léiriúcháin físe atá lonnaithe sa Spidéal i gConamara. Daoine ar chuir sí aithne orthu trína cuid oibre le Corman a chuir glaoch uirthi lá.
“Bhí siad ag cuartú stiúrthóirí le bheith ag déanamh athghuthú ar chartúin le haghaidh TG4 is ag obair ar leaganacha Gaeilge de chláracha ar nós The Power Rangers, Dora the Explorer agus leithéidí sin. Bhí mé ag stiúradh glórtha ar na cláracha sin ar feadh tréimhse agus ansin tháinig an post aníos mar cheannasaí léiriúcháin le Telegael agus chuir mé isteach air.”
Chaith sí dhá bhliain déag le Telegael agus is le linn na hoibre sin a ghnóthaigh sí na duaiseanna Emmy. “Fuair mé deis le bheith ag obair ar chláracha le comhlachtaí léiriúcháin idirnáisiúnta ar fud na domhain. Bhí sé dochreidte. Taithí iontach a bhí ansin ag obair le léiritheoirí den scoth do chainéil mhóra ar nós Disney, Discovery Kids agus ag obair le daoine ar fud an domhain. Fuair mé go leor deiseanna taistil.”
Ní hamháin gur éirigh le Telegael ainmniúcháin a fháil do dhuaiseanna móra idirnáisiúnta ach d’éirigh leo na duaiseanna a thabhairt abhaile leo.
“Bhí muid ag dul anonn go Los Angeles agus bhí mé ag caint le mo chairde an deireadh seachtaine roimh ré is ag rá leo go raibh muid ag dul anonn ag na Emmys. An cheist a bhí acu ná ‘céard atá tú a’ gabháil a chaitheamh?’ Dúirt mise, ‘ara sure, tá gúna éigin agam sa mbaile.’ Is dúirt siad, ‘ní fhéadfaidh tú é sin a dhéanamh, gabh isteach go Gaillimh agus ceannaigh gúna!’ Só, sin é a rinne mé agus is maith an lá go ndearna mar ghnóthaigh muid an Emmy an uair sin.”
Ba dheacair di a chreidiúint go raibh an duais buaite acu. “Is cuimhin liom lá arna mhárach ag dúiseacht san óstán i Meiriceá is bhreathnaigh mé anonn is bhí an duais leagtha ansin ar an mbord in aice leis an leaba. Ghlaoigh mé abhaile ar John, ní raibh muid pósta fós ag an am, agus ar mo mháthair ag rá leo ‘Ní chreidfidh sibh céard atá tar éis tarlú!”
“Is iontach an rud a bhí ann domsa i mo shaol, is dóigh nár cheap mé go deo go mbeadh cailín as Cois Fharraige thall i Los Angeles ag fáil Emmy. Só tá sé fós cineál deacair agam é a chreidiúint amantaí.”
Is minic go mbíonn daoine in áiteanna eile ar domhan níos oscailte ó thaobh na Gaeilge dhe ná mar a bhíonn muintir na hÉireann sa mbaile, dar léi. “Níor chuir éinne aon cheist orm riamh, tuige a bhfuil tú ag obair trí Ghaeilge?”
Cé gur sa nGaeltacht a d’fhás Siobhán aníos sna 1980idí i gConamara, is é saol an Bhéarla a bhí mórthimpeall uirthi ó thaobh na meán de, agus ó thaobh spóirt agus eile taobh amuigh den scoil agus sa mbaile. Tá athrú mór tagtha air sin idir an dá linn agus ábhar teilifíse, leabhair agus imeachtaí go leor ar fáil trí Ghaeilge anois ag a clann féin agus iad ag fás aníos sa nGaeltacht.
“Tá mise i mo chónaí anois ar na hAille in Indreabhán, an áit a raibh cónaí ar mo Dhaideo nuair a bhí mise i mo ghasúr. Bhí an Ghaeilge fite fuaite inár saol i gcónaí agus tá anois i gcomhthéacs mo chlainne féin agus mise i mo chónaí sa nGaeltacht agus mé ag tógáil mo chlann féin le Gaeilge. Nuair a bhí mise óg, ní raibh aon TG4 ann, ní raibh ábhar ar bith ann domsa mar ghasúr ag an am, b’fhéidir go ndéarfadh Bosco cúpla focal, rud éigin ar nós ‘Slán abhaile’ ar RTÉ ach dháiríre ní raibh tada tarraingteach faoi do dhaoine óga ag an am.”
Is é saol an Bhéarla a bhí in uachtar agus ní raibh cleachtadh ag daoine ábhar a fheiceáil i nGaeilge ar an teilifís.
“Na rudaí a rinne muid taobh amuigh den teach, más buan mo chuimhne-se, is i mBéarla den chuid is mó a rinneadh na rudaí sin. Ní mar atá le mo chlann féin anois atá in ann ranganna ceoil, ranganna damhsa agus mar sin a dhéanamh trí Ghaeilge.”
Is ag cruthú deiseanna do na daoine atá ag iarraidh saol a chaitheamh sa nGaeltacht, oibriú sa nGaeltacht agus na daoine atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge a fheiceann Siobhán ról Údarás na Gaeltachta sna blianta atá amach romhainn.
“Baineann obair an Údaráis ar ndóigh leis na Gaeltachtaí, baineann sé le cúrsaí tionsclaíochta, agus cultúrtha. Cuimhním ar an ádh a bhí ormsa go raibh mé in ann é sin a dhéanamh [fanacht sa nGaeltacht] agus cén chaoi gur féidir linn na deiseanna sin a thabhairt do dhaoine amach anseo.”
Tá cúrsaí tithíochta ar cheann de na dúshláin móra sa Ghaeltacht faoi láthair. Ceist náisiúnta atá ann ach tá go leor impleachtaí ag an easpa tithíochta ar an saol sa Ghaeltacht.
“Feicim é seo go rialta i mo chuid oibre le Ros na Rún, tagann daoine ag obair linn ar feadh tréimhse chuile bhliain agus tá sé ag fáil níos deacra acu lóistín a aimsiú. Sílim go bhfuil ról ann don Údarás a bheith ag breathnú ar an gceist ó thaobh cúrsaí teanga di. Tuigim gur ceist náisiúnta í, ach bhrisfeadh sé do chroí go bhfuil daoine óga ann atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí sa nGaeltacht ach go bhfuil ag cinneadh orthu áit a fháil le cónaí ann.”
Feiceann Siobhán go bhfuil difríocht mhór á déanamh ag an bhforbairt teicneolaíochta ó thaobh cúrsaí fostaíochta i gceantair Ghaeltachta.
“Domsa, sílim gurb iad an chéad ghlúin eile a chaithfear a bheith ag cuimhneamh orthu. Ní díreach gasúir ach daoine atá ag teacht amach as an ollscoil anois agus iad thar a bheith cáilithe. Cén chaoi gur féidir a chinntiú go mbeidh postanna tarraingteacha ar fáil sa nGaeltacht?
“Agus cén chaoi gur féidir dul i ngleic leis na dúshláin le go mbeidh tithíocht ann, fostaíocht ar ardchaighdeán agus an t-infreastruchtúr ann le go mbeidh daoine in ann a saol a chaitheamh i gceantar Gaeltachta is nach mbeadh míbhuntáiste ar bith orthu. Is duine an-dearfach mé, nó deirtear liom gurb ea, is ba mhaith liom go mbeifí in ann tacú le daoine agus iad a thabhairt ar aghaidh.”
Pádraic
Píosa deas. Is é an trua nach gcuireann sibh níos mó daoine faoi agallamh!