B’fhearr liom dá mbuafadh Sasana Corn an Domhain seachas Bleá Cliath a bheith ag crochadh Sam leo

Tá daoine breátha i Sasana, faoi mar atá i ngach tír, agus ní bheinn ag maíomh a shonas sacair ar an leantóir dílis

B’fhearr liom dá mbuafadh Sasana Corn an Domhain seachas Bleá Cliath a bheith ag crochadh Sam leo

Is dócha gur chualaís an ceann faoin gCorcaíoch agus an Sasanach? I rith Chorn an Domhain blianta siar ráinig go raibh Sasanach ag féachaint ar chluiche a thíre i dtigh tábhairne i dtuaisceart Chathair Chorcaí. Foireann gan dealramh a bhí á fhéachaint leo agus bhíothas ag súil go dtabharfadh lucht na dtrí leon greadadh dóibh.

Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí go bhfuair Sasana cúl.

An áit chomh ciúin le reilig agus an díomá le feiscint go soiléir ar an uile chuntanós. An chéad rud eile fuair na híochtaráin cúl gan choinne. Cad é bús agus liúireach. B’ait leis an Sasanach an rud ar fad agus nuair a bhí sé ag ordú dí tar éis an chluiche cheistigh sé duine de na bundúchasaigh go béasach faoi easpa dílseachta na nÉireannach dá gcomharsana.

Ceann faoi ag an gCorcaíoch foighneach agus é ag monabhar faoi chúrsaí staire. Lean an Sasanach siar amach air agus é ag maíomh go mbeadh na Sasanaigh dílis dá gcomharsana. An Corcaíoch ag maíomh go támáilte go bhfuil sé deacair sean-nósanna a bhriseadh.

‘Are there any circumstances under which you would support England?’ a d’fhiafraigh an t-allúrach.

‘I suppose if they were playin’ Kilkenny in the hurlin’,’ a deir mo dhuine go sollúnta, macánta.

Bhí an Sasanach bocht chomh dall is a bhí sé riamh.

Tuigim don langer áfach. Mar Chiarraíoch b’fhearr liom féin dá mbuafadh Sasana Corn an Domhain seachas Bleá Cliath a bheith ag crochadh Sam leo. Is searbh í an fhírinne agus an cúram sin ar fad.

Is ait i gcónaí ár gcaidreamh lenár gcomharsana ó thaobh cúrsaí spóirt agus ba léir seo an oíche eile nuair a cloíodh na Sasanaigh. Tá’s agam go bhfuil stair chigilteach, sa pholaitíocht agus sa spórt é féin, sa chúram seo ach fós féin ní thuigim meon na ndaoine a bheadh ag tacú in ard a gcinn is a ngutha le Learpholl agus Manchain ach malairt poirt acu nuair atá geansaí bán ar an-chuid de na himreoirí céanna.

Cad é cáineadh ar fhoireann Shasana roimh an gcomórtas mar nach raibh aon choit acu, agus cad é cáineadh fós orthu nuair a dheineadar gaisce nach raibh aon duine ag súil leis! Tá’s agam go raibh an bóthar réitithe go deas dóibh, gur chac na Spáinnigh ar na huibheacha, nach raibh na Gearmánaigh istigh leo féin agus mar sin de, ach taibhsítear dom gur deacair don Éireannach a cheart a thabhairt don Sasanach ó thaobh aon spóirt. Nuair a chuimhníonn tú ar cé chomh fite fuaite is atá sacar na hÉireann le Sasana, agus an phríomhroinn ansin, nach maith an rud é do shacar na hÉireann má tá sacar Shasana i mbarr a mhaitheasa? Nó an bhfuil dul amú orm? Fé mar a deir an Corcaíoch tá sé deacair sean-nósanna a bhriseadh. 

Ní haon saineolaí sacair mé ach tá’s agam nach foireann iontach iad Sasana. Sa tarna leath inné bhí an chaid á lascadh in ainm an diabhail acu ar shlí a chuirfeadh foireann bunscoile i gcuimhne duit. Ach ná fuilid le moladh mar sin as dul chomh fada leis an gcluiche leathcheannais? Daoine ag maíomh go bhfuil an Chróit ‘world class’ (pé ní é sin ag Corn an Domhain) ach gur thóg sé 120 nóimint orthu an ceann is fearr a fháil ar éigean ar thriompalláin Shasana.

An cáineadh atá le déanamh, dar liom, ná nach bhfuil Sasana, tír le daonra mór, traidisiún ársa agus dúil mhíchuibheasach sa spórt, in ann imreoirí den chaighdeán is airde a sholáthar ar bhonn rialta.  An é Paul Gascoigne an draoi deireanach a chaith an geansaí bán? Ach sin scéal eile ar fad, nach ea?

Bhí Corcaíoch eile, Roy Keane ag cur de ar ITV istoíche Dé Céadaoin agus mar is dual dó bhí slaiseanna á gcaitheamh aige; thug sé íde na muc agus na madraí don óinseach Ian Wright. Daoine anseo ag maíomh nár chuir sé aon fhiacail ann agus mar sin de. Taibhsíodh domsa go raibh sé ábhairín suarach agus léirigh arís eile go bhfuil an baol ann go bhfuil duine de na himreoirí sacair is calma agus is cróga riamh anois i mbaol ghaiste na scigaithrise.

Tuigim gurb iad na Sasanaigh féin, a gcuid meán ach go háirithe, na namhaid is measa atá acu féin. Tá’s agam chomh maith go bhfuil, ar uairibh, meon uaibhreach, mórchúiseach le sonrú sa bhuaileam sciath ar fad.  Ina dhiaidh sin féin tá smut de chasadh an chorcáin leis an gciteal sa chúram ar fad óir go bhfuilimid féin breá in ann rith le brothall nuair a fhaighimid an uain chuige.

Bhaineas féin súp as aistear na Sasanach agus na báidí a fuair an Conamarach a bhí mar cheann feadhna orthu (léiriú eile ar an nasc atá againn leis an tír thall agus an claonadh ionann féin rith le brothall ar bheagán cúise). Tá daoine breátha i Sasana, faoi mar atá i ngach tír, agus ní bheinn ag maíomh a shonas sacair ar an leantóir dílis.

Níor chuir an buaileam sciath ná an chaint ar fad isteach orm. Go deimhin bhí ráitis chuid de lucht na Cróite, Modrić san áireamh, níos sotalaí agus níos mórchúisí ná aon rud a chuala ós na Sasanaigh.

Ara n’fheadar. Tá rudaí níos tábhachtaí sa saol; cosúil le Bleá Cliath a chur de dhroim seoil.

Fág freagra ar 'B’fhearr liom dá mbuafadh Sasana Corn an Domhain seachas Bleá Cliath a bheith ag crochadh Sam leo'

  • leitheoir

    An-mhaith ráite!