
Tá ráite ag colúnaí nuachtáin agus podchraoltóir aitheanta i Meiriceá “go mb’fhearr dó a chuid fíricí a sheiceáil” maidir le staid na Gaeilge in Éirinn tar éis d’éisteoir dá chuid a dhúshlán a thabhairt ar Twitter.
@aoifesh @tabletmag just edited a piece on Irish Jews in the uprising, as it happens. But you right I need to check my facts. I’m doing so
— Mark Oppenheimer (@markopp1) 30 Márta 2016
Tá conspóid ar bun ar líne faoin méid a dúirt Mark Oppenheimer, colúnaí de chuid an New York Times, faoin nGaeilge a bheith ina ‘teanga mharbh’ nach labhraíonn ach “ twelve real obssessives’ í. Bhí Oppenheimer ag caint ar a phodchraoladh Unorthodox faoi chúrsaí creidimh. Thosaigh Oppenheimer ag plé ceist na Gaeilge le linn agallaimh leis an amhránaí Laideanóise Sarah Aroeste. Is mionteanga de chuid na nGiúdach í an Laideanóis nó an ‘Ladino’.
Le linn an agallaimh ghearr Oppenheimer trasna ar a aoi agus í ag caint faoi athbheochan na Laideanóise lena thuairim féin faoi staid na teanga a thabhairt.
“I think Ladino is basically a musical movement that is attempting to revive a language that is bascially dead. I’m just going to come out and say it. I think Ladino is like Irish, there are twelve real obssessives who actually speak it and who are trying to speak it to their kids thinking ‘Hebrew did it, Hebrew came back from the dead, so we can do it too’ and then you have these sad Irish festivals. “I think of Ladino as having better music than that, but not actually being spoken by anyone anymore,” a dúirt sé.
Tá dúshlán Oppenheimer, a bhíonn ag scríobh faoi chúrsaí creidimh agus a bhíonn ag teagasc na hiriseoireachta in Ollscoil Yale, á thabhairt ag cainteoirí Gaeilge ar na meáin shóisialta.
@markopp1 kindly suggest you do some research before trashing ppl like me who speak Irish daily. Try @tg4tv @rternag to start. Maith an fear — Róise Goan (@roiseg) 31 Márta 2016
Hi @markopp1, seans go mbeidh ionadh ort cé mhéad daoine a úsáideann Gaeilge fós. Despite oppression & genocide, it’s still very much alive.
— Aonghus Óg McAnally (@AonghusOg) 31 Márta 2016
41% of Ireland can speak Irish. @SnaGaeilge @ForasnaGaeilge certainly not a dead language Mark Oppenheimer #Facts https://t.co/LRNk6IsUrf — Melissa Nolan (@MelissaNolan1) 31 Márta 2016
Cé mhéad daoine atá ag labhairt #Gaeilge @markopp1? Teanga marbh, an ea? Mícheart. Teanga beo briamhar álainn í. Labhair linn @tabletmag.
— Cabríní de Barra (@Cabrinid) 1 Aibreán 2016
@markopp1 An offensive misrepresentation of the Irish language on your podcast. Tá pobal ollmhór anseo atá bródúil as ár dteanga náisiúnta. — Fionnuala Gygax (@gygax92) 1 Aibreán 2016
All 12 #Gaeilge speakers @markopp1 thinks are left at a sad @OirnaGaeilge https://t.co/wrGNQdmdjF @tuairiscnuacht @tabletmag @ronanbeo
— Cuan Ó Seireadáin (@Cuanbos) 1 Aibreán 2016
Aodán Ó Sé
Nós coitianta é caitheamh anuas ar mhionlaigh, mar is mionlach é lucht labhartha na Gaeilge. Bímis bródúil ionainn féin is inár gcultúr dúchais.