Bernie Sanders éirithe as an rás d’ainmniúchán na nDaonlathach

An t-iar-leasuachtarán Joe Biden, iarrthóir na heite coimeádaí den pháirtí, a thabharfaidh aghaidh ar Donald Trump

Bernie Sanders éirithe as an rás d’ainmniúchán na nDaonlathach

Tá Bernie Sanders éirithe as an rás  d’ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá an Seanadóir as Vermont Bernie Sanders éirithe as an rás d’ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fágann cinneadh Sanders, gurb é an t-iar-leasuachtarán Joe Biden, iarrthóir na heite coimeádaí den pháirtí, a thabharfaidh aghaidh ar Donald Trump.

Bhí ag éirí go maith i dtús aimsire le Sanders, ach chinn an daonlathaí sóisialach, arb é seo a dhara hiarracht ar an ainmniúchán, éirí as an rás i ndiaidh do Biden an ceann is fearr a fháil air i scata réamhthoghchán, ina measc cinn mhóra, leithéidí Florida agus Michigan.

Ghabh Sanders buíochas tráthnóna i dteachtaireacht speisialta.

Dúirt sé gurbh amhlaidh go raibh “an cath idé-eolaíochta” á bhuachan acu ach nach raibh aon bhealach ann go bhfaighfí níos mó toscairí ná Joe Biden.

Dúirt sé gur “fear uasal” é Biden agus go mbeadh sé ag comhoibriú leis sa toghchán i gcoinne Donald Trump, ar thug Sanders an “an t-uachtarán is contúirtí i stair chomhaimseartha Mheiriceá” air.

Dúirt sé gur chruthaigh a bhfeachtas go bhféadfaí dúshlán “an chórais chaim” maidir le maoiniú feachtas a thabhairt.

Mhaígh sé gur chéim mhór chun cinn a bhí sa bhfeachtas maidir le hathrú meoin a thabhairt isteach i Meiriceá i dtaca leis an gceart sóisialta, eacnamaíochta agus timpeallachta agus an comhionannas ciníoch.

Dúirt sé gurbh é bun agus barr an fheachtais ná an mana, ‘Ní mise, ach sinne’ agus go leanfadh a throid ar son an chirt agus “ar son an uile dhuine”.

Fág freagra ar 'Bernie Sanders éirithe as an rás d’ainmniúchán na nDaonlathach'