Beoshruthú le déanamh ar chluichí Chorca Dhuibhne tráthnóna

Beidh €5 le híoc le cluiche Chiarraí Thiar in aghaidh Bhord Naomh Bréanainn a fheiceáil ach beidh an choimhlint idir Daingean Uí Chúis agus An Teampall Nua saor in aisce

Beoshruthú le déanamh ar chluichí Chorca Dhuibhne tráthnóna

Cé nach mbeidh cead isteach ag na cluichí tráthnóna, beidh deis ag lucht peile Chorca Dhuibhne féachaint ar dhá chluiche mhóra i gCraobh Shinsir Chiarraí.

Tá comhfhoireann Chiarraí Thiar agus peileadóirí an Daingin ag dul chun páirce tráthnóna i gcéad bhabhta na craoibhe agus tá beoshruthú á dhéanamh ar an dá chluiche.

Is ag 3.00i.n. i bPáirc Aibhistín de Staic a bheidh Ciarraí Thiar ag tabhairt aghaidh ar Bhord Naomh Bréanainn agus tá CLG Chiarraí ag déanamh craoladh ar an gcluiche. Costas €5 a bheidh orthu siúd ar mhaith leo an cluiche a fheiceáil.

Beidh cuid mhaith de na himreoirí a bheidh ag imirt tráthnóna ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís nuair a thabharfaidh Cumann Caide na Gaeltachta agus na Gaeil aghaidh ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais Chraobh Idirmheánach Chiarraí ach beidh siad ag iarraidh coimhlint an lae inniu a bhuachan ar dtús.

Chomh maith le fir na Gaeltachta, beidh na himreoirí is fearr ó Abhainn an Scáil agus Caisleán Ghriaire ar fhoireann Chiarraí Thiar ach tá cluiche crua rompu in aghaidh Bhord Naomh Bréanainn, a chuaigh chomh fada le babhtaí leathcheannais na craoibhe anuraidh agus beirt d’imreoirí Chiarraí, Jack Barry agus Diarmuid O’Connor, i láir páirce acu.

Níos deireanaí tráthnóna, beidh Daingean Uí Chúis ag imirt i gcoinne an Teampaill Nua i bPáirc an Ághasaigh ag 6.00i.n. Beidh an cluiche sin le feiceáil saor in aisce ar shuíomh an Irish Examiner.

D’éirigh go maith le fir an Daingin i gcraobh na gclubanna. As na trí chluiche a imríodh, d’éirigh leo péire a bhuachan agus chríochnaigh an ceann eile ar comhscór. Tá leithéidí Tom O’Sullivan, Barry O’Sullivan agus muintir Geaney ag déanamh go maith dóibh agus súil acu na babhtaí ceannais a bhaint amach arís i mbliana.

Níor éirigh chomh maith céanna leis an Teampall Nua sna cluichí a bhí acu féin le mí anuas. Bhuaigh siad Craobh Idirmheánach Chiarraí anuraidh agus chuaigh siad ar aghaidh gur thug leo Craobh na Mumhan chomh maith ach níl cluiche buaite acu i ngrád na sinsear fós agus tá trí chluiche as a chéile caillte acu.

Cuirfidh filleadh Thadhg Morley borradh fúthu agus beidh siad ag brath air féin, ar mhuintir Spillane agus Crowley más fúthu an lá a thabhairt leo sa Daingean.

Fág freagra ar 'Beoshruthú le déanamh ar chluichí Chorca Dhuibhne tráthnóna'