‘Beoireachtas’ – oíche bhlaiste beorach agus poitín i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo

Beidh oíche oiliúna agus eolais ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge faoi na deochanna alcóil atá á ndéanamh in Éirinn, agus samplaí de bheoir agus de phoitín na Gaeltachta le blaiseadh ann

‘Beoireachtas’ – oíche bhlaiste beorach agus poitín i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo

Beidh ‘Beoireachtas’, oíche bhlaiste beorach, poitín agus gin, á reáchtáil an Aoine bheag seo i gClub Chonradh na Gaeilge ar mhaithe leis Na Gaeil Óga CLG.

Is é Pádraic Ó Griallais as Indreabhán, bunaitheoir an chomhlachta poitín ‘Micil’, a bheidh ina fhear an tí ar an oíche agus beidh deis ann deochanna Éireannacha á blaiseadh.

Dúirt urlabhraí na hócáide le Tuairisc.ie gur “oíche oiliúna agus eolais” a bheidh ann, agus lucht a heagraithe ag súil go bhfoghlaimeoidh daoine faoin stiléireacht agus faoin mbríbhéireacht in Éirinn.

“Is iomaí imeacht Gaeilge agus Gaelach a bhíonn ar siúl in Éirinn nach mbíonn ar fáil ann ach deochanna ó ollchomhlachtaí idirnáisiúnta agus is beag tuiscint atá ag an ngnáthdhuine ar an gceardaíocht a bhaineann le déantús na ndeochanna seo.

“Ba mhaith linn táirgí Éireannacha a chur chun cinn, go háirithe táirgí atá á ndéanamh sa Ghaeltacht, ag daoine a bhfuil Gaeilge acu nó a bhaineann úsáid as an nGaeilge ar na lipéid. Beidh blaiseadh beorach agus poitín ann, cinnte, ar an oíche, ach an rud is tábhachtaí dúinne ná an oiliúint ar na cúrsaí seo a chuirfear ar fáil,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach tacú leis na táirgí áitiúla agus go mbeadh tuiscint ag an bpobal ar dheochanna meisciúla agus meas acu ar an alcól. Dúirt sé gur minic a bhí míthuiscint nó éaduairim ann faoi dheochanna áirithe, go háirithe an poitín, a bhfuil stair chasta ag baint leis agus droch-cháil air.

“An tuiscint atá ag go leor daoine ar an bpoitín ná gur deoch fhíormheisciúil, mhídhleathach agus contúirteach atá ann. Is fíor go mbítí á dhéanamh in aghaidh dlí ach is táirge dúchais de chuid na hÉireann atá ann agus táthar anois á dhéanamh ar an mbealach ceart, sábháilte.

“Tá sé tábhachtach dúinne go gcothófar an tuiscint agus an meas sin ar dheochanna atá á ndéanamh in Éirinn agus go mbeifear in ann taitneamh agus pléisiúr a bhaint astu,” a dúirt sé.

Beidh trí chineál beorach, poitín Micil agus gin an Daingin le blaiseadh ag an ócáid agus tá súil ag lucht a heagraithe slua mór, idir fhir agus mhná, a mhealladh le foghlaim faoi na deochanna éagsúla agus iad a bhlaiseadh.

Beidh an seisiún eolais agus an blaiseadh dí féin ar siúl idir 7.30-9.30pm, léifidh Oisín Ó Muirthile sleachta as a aistriúchán ar A Game of Thrones, ’Cluiche na Corónach’, agus beidh banna ceoil ag casadh sa chlub ina dhiaidh.

Beidh manglaim as na deochanna éagsúla ar díol ar feadh na hoíche, idir phoitín agus gin. Beidh earraí Snasta Blasta, an comhlacht caife agus seacláide, ar díol chomh maith.

Beidh aon bhrabach a dhéantar ar na manglaim á thabhairt do Na Gaeil Óga CLG le fearas spóirt a cheannach d’fhoirne na bhfear.

Fág freagra ar '‘Beoireachtas’ – oíche bhlaiste beorach agus poitín i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo'