Beithilín Beo ag Áras Chrónáin an deireadh seachtaine seo

Beidh aisteoirí agus ainmhithe beo ag glacadh páirte sa Bheithilín Beo a bheas ar siúl in Áras Chrónáin don 11ú bliain an deireadh seachtaine seo

Nativity

Beidh Beithilín Beo in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, don aonú bliain déag as a cheile. Tógfaidh Muintir Chrónáin agus pobal na háite an scioból ina mbeidh an Beithilín Beo ar siúl sa tseanstíl – “gan druilire ná tairne le feiceáil”.

Beidh léiriú, le haisteoirí agus ainmhithe beo, ar siúl gach uair a’ chloig ó 14.00 go 18.00 Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus beidh saorchead isteach ann do chách ach glacfar le síntiús ón bpobal.

Is é an t-aisteoir Breandán Ó Muirí, a bhíodh le feiceáil ar an sobalchlár Ros na Rún, a cheap an Beithilín Beo agus is é Brian Ó Gáibhín, ó Áras Chrónáin, a bheas i mbun léiriú ar an taispeántas. Glacfaidh aisteoirí agus criú Chompántas na nÓg Chluain Dolcáin agus Aisteoirí Chrónáin na páirteanna éagsúla sa Bheithilín agus is ó fheirm Eddie Drew i gCill Mhocheanóg agus ón gCaisleán Nua a thiocfaidh na hainmhithe éagsúla.

“Go dtí seo tá asal, turcaí, coileach agus dhá ghabhar againn ach beidh muid ag dul go feirm Eddie Dé hAoine. Osclóidh sé na geataí agus rud ar bith ar féidir linn breith air, tabharfaidh muid linn é! Tá éis gach léiriú, beidh deis ag an lucht féachana na hainmhithe a fheiceáil.

“Is féidir liom a rá go macánta nach bhfuil aon Bheithilín eile in Éirinn cosúil leis seo. Tháinig an smaoineamh ón Iodáil; chuaigh duine de mhuintir Chrónáin anonn agus chonaic sé i mbaile darbh ainm Luca é agus thug sé an smaoineamh abhaile go Cluain Dolcáin leis. Is rud draíochta é dáiríre, agus fáilte roimh chách ann,” a dúirt Ó Gáibhín le Tuairisc.ie.

Beidh tae, caifé, seacláid the agus pióga mionra ar fáil ar an lá.

Fág freagra ar 'Beithilín Beo ag Áras Chrónáin an deireadh seachtaine seo'