Beirt ó chumainn Ghaeltachta na Mí ainmnithe ar shárfhoirne peile agus iomána

Tá Adam O’Neill ó Bhulf Tón ainmnithe ar fhoireann na bliana do Chorn Tailteann agus aitheantas tugtha d’Éamon Óg Ó Donnchadha ó Chlann na nGael as a chuid gaiscí i gCorn Christy Ring

Beirt ó chumainn Ghaeltachta na Mí ainmnithe ar shárfhoirne peile agus iomána

Éamon Óg Ó Donnchadha agus Adam O’Neill. Pictiúir: Inpho.ie

Tá áit bainte amach ag beirt imreoirí ó chumainn Ghaeltachta na Mí ar shárfhoirne na bliana a d’ainmnigh Cumann Lúthchleas Gael an tseachtain seo.

Fógraíodh ar maidin go bhfuil an t-imreoir óg ó chumann Bhulf Tón, Adam O’Neill, ainmnithe ar fhoireann na bliana do Chorn Tailteann cúpla lá tar éis d’Éamon Óg Ó Donnchadha ó Chlann na nGael a bheith roghnaithe ar shárfhoireann na n-iománaithe a d’imir i gCoirn Ring, Rackard agus Meaghar i mbliana.

Tá O’Neill ainmnithe mar lánchúlaí ar dheis ar an tsárfhoireann do Chorn Tailteann tar éis dó a bheith mar chuid d’fhoireann na Mí a bhuaigh Corn Tailteann níos luaithe i mbliana. I mbliana a thosaigh an t-ógánach ag imirt le foireann shinsir an chontae ach bhí sé ina dhlúthchuid den fhoireann a thug leo Corn Tailteann agus a chinntigh go mbeidh siad san iomaíocht do Chorn Mhig Uidhir an bhliain seo chugainn.

Fuair foireann na Mí an ceann is fearr ar chontae an Dúin i gcluiche ceannais Chorn Tailteann mí Iúil agus ceathrar ón bhfoireann sin a bhain áit amach ar an tsárfhoireann, chomh maith le fear an ceann ó chontae Aontroma, Ceatharlach agus contae an Chabháin.

Ní i ngeansaí an chontae amháin a bhí O’Neill ag ceiliúradh i mbliana agus é ar fhoireann Bhulf Tón a bhuaigh craobh shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta sna Méillte i nDún na nGall i mí an Mheithimh. D’imir O’Neill sna babhtaí leathcheannais agus sa chluiche ceannais a bhuadar ar Naomh Conaill agus cead aige ó bhainisteoir an chontae, Colm O’Rourke, imirt sa chomórtas Gaeltachta.

Bhí dea-scéal ag Ráth Chairn agus cumann Chlann na nGael sa Mhí freisin an tseachtain seo agus Éamon Óg Ó Donnchadha ainmnithe ar fhoireann na bliana díobh siúd a d’imir i gCoirn Ring, Rackard agus Meaghar.

Thug an Mhí Corn Christy Ring leo den tríú huair nuair a bhuaigh siad ar Dhoire sa chluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh ag tús mhí an Mheithimh. D’aimsigh Ó Donnchadha trí phointe sa chluiche ceannais sin agus é ar dhuine de phríomhscórálaithe na Mí i rith na bliana.

Ainmníodh é mar leatosach ar chlé ar shárfhoireann na bliana agus ceathrar eile ón Mhí ainmnithe ar an bhfoireann sin ina theannta. Imreoirí ó Dhún na nGall, Cill Mhantáin, Doire, Muineachán agus Lancashire atá sa chuid eile ar an bhfoireann.

Foireann na Bliana Chorn Tailteann 2023

1 Seán Brennan (An Mhí)

2 Adam O’Neill (An Mhí)

3 Pierce Laverty (An Dún)

4 Padraig Faulkner (An Cabhán)

5 Donal Keogan (An Mhí)

6 Padraic Harnan (An Mhí)

7 Danny Magill (An Dún)

8 Odhran Murdock (An Dún)

9 Conor Gray (An Mhí)

10 Jack Flynn (An Mhí)

11 Ross Dunphy (Ceatharlach)

12 Liam Kerr (An Dún)

13 Jordan Morris (An Mhí)

14 Mathew Costello (An Mhí)

15 Ruairí McCann (Aontroim)

Foireann Champion 15 na Bliana 2023

1 Luke White (Dún na nGall – Nicky Rackard)

2 Sean Geraghty (An Mhí – Christy Ring)

3 Andrew Kavanagh (Cill Mhantáin – Nicky Rackard)

4 Simon Ennis (An Mhí – Christy Ring)

5 Richie Mullan (Doire – Christy Ring)

6 James Toher (An Mhí – Christy Ring)

7 Danny Cullen (Dún na nGall – Nicky Rackard)

8 Cormac O’Doherty (Doire – Christy Ring)

9 Niall Garland (Muineachán – Lory Meagher)

10 Conor Madden (Lancashire – Lory Meagher)

11 Jack Regan (An Mhí – Christy Ring)

12 Éamon Óg Ó Donnchadha (An Mhí – Christy Ring)

13 Christy Moorehouse (Cill Mhantáin – Nicky Rackard)

14 Andy O’Brien (Cill Mhantáin – Nicky Rackard)

15 Niall Arthur (Muineachán – Lory Meagher)

Fág freagra ar 'Beirt ó chumainn Ghaeltachta na Mí ainmnithe ar shárfhoirne peile agus iomána'