Beirt maraithe ag Stoirm Ali agus scrios déanta le cósta an iarthair

Thug Met Éireann le fios tráthnóna go raibh luas 147 ciliméadar san uair leis an ngaoth ag Ceann Mása i gCarna inniu ag an tráth ba thréine Stoirm Ali, atá ag bailiú léi soir ó thuaidh go hAlbain anois. Tá an dara duine básaithe de bharr na stoirme agus fear a bhí sna fichidí maraithe san Iúr i ndiaidh do chrann titim air

Beirt maraithe ag Stoirm Ali agus scrios déanta le cósta an iarthair

Tá an dara duine básaithe de bharr Stoirm Ali agus fear a bhí sna fichidí maraithe san Iúr i ndiaidh do chrann titim air le linn dó a bheith ag obair do sheirbhís uisce an tuaiscirt i bPáirc Shliabh gCuillinn. Gortaíodh fear eile a bhí ag obair leis san eachtra agus tugadh go dtí an ospidéal é.

Maraíodh turasóir mná as an Eilvéis ar an gCladach Dubh i gConamara go luath inniu nuair a séideadh a carbhán amach sa bhfarraige agus stoirm Ali ag réabadh ar chósta an iarthair. Tháinig na seirbhísí éigeandála ar a corp ar maidin agus tugadh chuig Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh é.

Chuir an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn a chomhbhrón in iúl do theaghlach na mná.

Cé go bhfuil neart na stoirme ag lagan le tamall agus Ali ag bogadh léi go hAlbain, tá rabhadh Stádas Oráiste i bhfeidhm fós i gConnachta, agus sna contaetha seo a leanas:  Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Áth Cliath, Cill Dara, Longfort, Lú, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, an Clár agus Ciarraí.

Thug Met Éireann le fios tráthnóna go raibh luas 147 ciliméadar san uair leis an ngaoth ag Ceann Mása i gCarna inniu ag an tráth ba thréine an stoirm. Leagadh crainnte ar bhealach an N59 ón gClochán go Gaillimh ar maidin rud a chuir as don trácht agus don tseirbhís busanna ach tá an bóthar glanta ó shin. Dúnadh roinnt scoileanna i nGaeltacht Chonamara. Tá 186,000 teach fágtha cheal soláthar leictreachais de bharr na stoirme agus dúirt urlabhraí ó Bhord Soláthair Leictreachais go bhféadfadh cúpla lá a bheith ann sula mbeidh an tseirbhís iomlán ar ais ag a gcuid custaiméirí ar fad.

Rinneadh cinneadh ar maidin nach rachadh an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar an Screagán i gContae Uíbh Fhailí ar aghaidh inniu de bharr na drochaimsire. Ar mhaithe le sábháilteacht an phobail socraíodh nach mbeadh an áit oscailte ar chor ar bith inniu ach go mbeadh an comórtas, a bhí le críochnú amárach. ar siúl anois Dé hAoine chomh maith. I ráiteas a rinne stiúrthóir an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta, Anna May McHugh, dúirt sí: “Tar éis dúinn dul i gcomhairle leis an nGarda Síochána, Seirbhísí Éigeandála Uíbh Fhailí agus Met Éireann, rinneadh cinneadh Comórtas an lae inniu a chur ar ceal ar mhaithe le sábháilteacht an phobail. Nuair a lagfaidh an ghaoth ar ball déanfar obair dheisiúcháin ar an láthair agus beimid réidh don lá amárach.”

Tá an AA ag comhairliú do thiománaithe a bheith fíorchúramach ar bhóithre atá “an-chontúirteach” mar go bhfuil crainnte agus ábhar eile séidte amach ar na bóithre, go háirithe bóithre den dara grád. Tá rabhadh faoi leith tugtha acu faoi bhóithre cois cósta i gcontaetha an Chláir, Chonnacht, agus Dhún na nGall agus baol farraige cháite in go leor áiteanna. D’iarr na Gardaí ar thiománaithe gan tabhairt faoi aon turas bóthair thart ar Chlár Chlainne Mhuiris toisc a lán crainnte a bheith leagtha amach ar bhóithre ansin.

Gaoth aniar agus aniar aneas atá á tuar ag Met Éireann tráthnóna agus iad ag tuar go lagfaidh an ghaoth.

Fág freagra ar 'Beirt maraithe ag Stoirm Ali agus scrios déanta le cósta an iarthair'