Beirt iar-iriseoirí is mó atá á lua mar Phríomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta

Ba cheapachán inmheánach a bhí i gceist i gcás gach Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é agus níor ceapadh aon bhean sa ról go nuige seo

Beirt iar-iriseoirí is mó atá á lua mar Phríomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta

Beirt iar-iriseoirí is mó atá á lua le post an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta, ceann de na poist is sinsearaí i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ba cheapachán inmheánach a bhí i gceist i gcás gach Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é, agus má leantar leis an nós sin bheadh an-seans ag Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, teacht i gcomharbacht ar Mhicheál Ó hÉanaigh.

Tá folúntas don phríomhfheidhmeannach fógartha ag Údarás na Gaeltachta agus tréimhse chonartha cúig bliana Uí Éanaigh istigh. Meastar nach gcuirfidh sé isteach ar an bpost arís.

Iar-iriseoir le TG4 agus iar-leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é Rónán Mac Con Iomaire a ceapadh ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge ar RTÉ in 2014. Ba é an chéad duine a raibh an post sin aige, post a bhí aige nó gur aistrigh sé go dtí an tÚdarás in 2018.

Má bhristear le nós seanbhunaithe an Údaráis ardú céime a thabhairt d’iarrthóir ón taobh istigh, iarrthóir láidir a bheadh i Tomás Ó Síocháin, an t-iar-iriseoir agus eagarthóir nuachta atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair, an WDC, le beagnach ceithre bliana.

Bhí Ó Síocháin, arb as contae an Chláir ó thús dó ach a bhfuil cónaí air i mBearna i nGaeltacht Chonamara, ag obair roimhe sin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar a raibh sé ina bhainisteoir ag plé leis an bhforbairt réigiúnda. Tá cáilíochtaí acadúla gnó ag Ó Síocháin chomh maith.

Sular aistrigh sé go dtí OÉ, Gaillimh, chaith Ó Síocháin 14 bliain ina eagarthóir agus ina iriseoir le TG4 agus RTÉ.

Triúr stiúrthóirí sinsearacha ar fad atá in Údarás na Gaeltachta agus iarrthóir láidir freisin a bheadh i Colm Ó Coisdealbha, atá ina Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha san eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga ó 2020.

Roimhe sin bhí Ó Coisdealbha, arb as Baile na mBrabhach i nGaeltacht Chois Fharraige dó, ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga,

Thug Colm Ó Coisdealbha 12 bliainag obair in Oifig an Choimisinéara Teanga agus ardmheas air mar gheall ar a ról lárnach in obair na hoifige sin. Cúlra cuntasaíochta atá aige agus iarbhainisteoir é ar Chomhar Creidmheasa Cholm Cille.

Is le fíordhéanaí a ceapadh an tríú stiúrthóir sinsearach san Údarás, Dearbháil Ní Chualáin as na Mine i gConamara, agus cé gur léir ón gceapachán an meas atá san eagraíocht ar a dintiúir is dócha go mbeadh an folúntas ag teacht róluath di dá mbeadh spéis aici ann.

Ar na hiarrthóirí eile ón taobh amuigh a meastar seans a bheith acu ar phost an phríomhfheidhmeannaigh dá léireoidís suim ann tá Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta.

Tá taithí mhór ag Mac Cormaic ar na gnéithe éagsúla de pholasaí Gaeltachta an Stáit agus é ar an státseirbhíseach is sinsearaí sa tír atá ag plé go buan le cás na Gaeilge. Baile Átha Cliathach ó dhúchas é Mac Cormaic atá ag cur faoi i gCois Fharraige i gConamara ó 1997. Tá Céim Dhochtúireachta sa Rialachas aige.

Ní raibh aon bhean ina príomhfheidhmeannach ar an eagraíocht fiontraíochta ó tháinig ann di i 1980, agus iarrthóir an-spéisiúil ón taobh amuigh a bheadh i Máire Killoran, a bhí ina Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta roimh Aodhán Mac Cormaic.

Tá post mór san Aontas Eorpach ag Máire Killoran, áfach, agus í ina leas-ardrúnaí atá freagrach as seirbhísí aistriúcháin na Comhairle Eorpaí.

Thug Killoran seal chomh maith ina Stiúrthóir in Oifig an Choimisinéara Teanga agus roimhe sin thug sí seacht mbliana ag obair mar iriseoir le Nuacht TG4. Bhí sí i gceannas tamall freisin ar Chiste Craoltóireachta Gaeilge Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann.

Iarrthóir spéisiúil eile a bheadh i Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna TG4, Trevor Ó Clochartaigh, cé go meastar gur post an cheannasaí i TG4 atá i ndán don iarSheanadóir de chuid Shinn Féin a d’éirigh as saol na polaitíochta in 2018.

Sula ndeachaigh sé ag plé leis an bpolaitíocht go lánaimseartha chaith Ó Clochartaigh tréimhsí ag obair in earnáil na teilifíse, na meán agus na drámaíochta agus thug sé tréimhsí chomh maith ag plé le hobair phobail le heagraíochtaí Gaeltachta éagsúla.

Is conradh cúig bliana ar théarma seasta atá i gceist leis an bhfolúntas agus tuarastal €145,000 sa bhliain atá luaite leis.

Fág freagra ar 'Beirt iar-iriseoirí is mó atá á lua mar Phríomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta'