Beirt Ghaeilgeoirí san iomaíocht ag craobhchomórtas Miss Universe

An Ghaeilge i lár na cruinne ag mórchomórtas áilleachta Miss Universe na hÉireann

Beirt Ghaeilgeoirí san iomaíocht ag craobhchomórtas Miss Universe

Beidh bheirt Ghaeilgeoirí san iomaíocht ag craobhchomórtas Miss Universe na hÉireann ag tús na míosa seo chugainn.

Tá Eleanor Whyte, as Bóthar na Trá i gcathair na Gaillimhe, agus Emma Ní Rabhartaigh as Dún Lúiche i nGaeltacht Dhún na nGall, i measc an 30 bean a bheas ag glacadh páirt sa mhórchomórtas áilleachta a bheas ar siúl i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ar an 2 Lúnasa.

Is í Áine Ní Tóibín, buaiteoir Miss Universe na hÉireann 2017 agus Gaeilgeoir aitheanta as Corcaigh a bheas ag bronnadh na duaise. 

Dúirt Eleanor Whyte (23), a thug léi coróin Miss Galway anuraidh, nár chuir sí suim ar bith sna comórtais áilleachta go dtí le déanaí agus gur spreagadh mór di leithéidí Áine Ní Tóibín, buaiteoir na bliana seo caite a dhéanann go leor obair charthanachta agus a úsáideann a stádas nua chun an Ghaeilge chun cinn.

Bhíodh Áine Ní Tóibín agus mná eile a bhí ag gabháil de na comórtais áilleachta á leanúint ag Whyte ar Instagram, agus spreagadh í le hiarratas a chur isteach ar a céad chomórtas anuraidh, comórtas inar bronnadh an teideal Miss Galway uirthi. 

“Dá ndéarfá liom cúpla bliain ó shin go mbeinn ar dhuine den tríocha bean a bheadh ag glacadh páirt i gcraobhchomórtas Miss Universe na hÉireann bheinn ag ceapadh go raibh tú craiceáilte,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Dúirt Whyte, a chuaigh ar aghaidh chun an teideal spóirt a thabhairt léi ag craobh Miss Ireland 2018, gur tháinig athrú ar a dearcadh faoi na comórtais áilleachta ag an chomórtas sin nuair a chuir sí aithne ar na mná “cliste, spórtúla lán tallann” a bhí páirteach iontu.

Eleanor Whyte, a bhuaigh an teideal spóirt ag Comórtas Miss Ireland 2017

Is múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais í Eleanor Whyte, post a fheileann go mór do na comórtais áilleachta toisc  “an-chuid oibre agus eagrúcháin” a bheith i gceist leo.

“Chun an fhírinne a rá níor thuig mé an méid oibre a bheadh le déanamh. Tá an t-ádh orm gur múinteoir meánscoile mé agus go bhfuil am saor agam i rith an tsamhraidh chun tabhairt faoi.

“Caithfear gúnaí, éadaí agus go leor eile a eagrú chomh maith le pictiúir oifigiúla a thógáil agus urraíocht a fháil. Tógann na rudaí seo an-chuid ama toisc go mbíonn tú ag iarraidh go mbeadh gach rud foirfe,” ar sí.

Thar aon ní eile, deir Whyte go mbaineann sí sult as a bheith i gcuideachta na n-iomaitheoirí eile agus as an deis a thugann sé di foghlaim faoi ghnéithe éagsúla den saol.

“Tugann na comórtais áilleachta deis do mhná neart ábhar a phlé. Is aoibhinn liom a bheith ag staidéar agus a bheith ag foghlaim. Caithfidh banríon Miss Universe Ireland a bheith ar an eolas faoi gach rud atá ag tarlú sa tsochaí, in Éirinn agus ar fud an domhain,” arsa Whyte.

Emma Ní Rabhartaigh ar bharr na hEaragaile i nDún Lúiche Dhún na nGall

Tá céim san iriseoireacht agus sa Ghaeilge ag Emma Ní Rabhartaigh an bhean as Gaeltacht Dhún na nGall  atá ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo. Deir sí go bhfuil “i bhfad níos mó i gceist le comórtas Miss Universe ná an ghné áilleachta de.”

“Caithfidh tú a bheith i do chainteoir muiníneach agus a bheith ábalta labhairt faoi rudaí a bhfuil tú paiseanta fúthu agus a bheith i d’eiseamláir do mhná óga,” ar sí.

Dúirt sí go bhfuil “cuid mhór féinmhuiníne” de dhíth chun páirt a ghlacadh sna comórtais.

“Sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh féinmhuinín agat agus cé go bhfuil dúshlán mór ag baint leis, cuidíonn na comórtais leat í sin a fhorbairt,” ar sí.

Dúirt Ní Rabhartaigh, a bheas ag glacadh páirt ina céad chomórtas áilleachta Déardaoin seo chugainn, gur cinnte go dtapódh sí an deis Gaeilge a labhairt ar an ardán.

Creideann iomaitheoir na Gaillimhe, Eleanor, go bhfuil sé “an-tábhachtach” go mbeadh Gaeilge ag buaiteoir an chomórtais.

“Beidh cúpla focal á labhairt agam cinnte ag na hagallaimh agus ar an stáitse. I mo thuairimse tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh ar a laghad cúpla focal ag an mbuaiteoir más rud é go mbeidh tú ar stáitse idirnáisiúnta mar ambasadóir dár dtír,”  a dúirt Eleanor Whyte.

Fág freagra ar 'Beirt Ghaeilgeoirí san iomaíocht ag craobhchomórtas Miss Universe'

  • Deasúin Ó Nualáin

    “Beidh cúpla focal á labhairt agam cinnte ag na hagallaimh agus ar an stáitse.” Sin go maith, ach
    cuimhnímid go deo ar an gcéad iomaitheoir go n-éireoidh leis an ócáid iomlán a dhéanamh i nGaeilge, cibé an bhuaigh sí nó a cailleann sí. Ba mhaith liom a rá nach ndéanfadh sé sin aon rud ach moladh, ach beidh daoine a bhfuil tuairimí diúltacha ann chomh maith. Deasúin Ó Nualáin