Tá beirt fhear gafa tar éis do na Gardaí cócaon arbh fhiú €75,000 é a ghabháil i nGaeltacht Chonamara.
I dtrí láthair i gceantar Indreabháin Dé Sathairn a thángthas ar an gcócaon, roinnt cannabais agus airgead tirim.
Bhí duine den bheirt a gabhadh, fear atá sna fichidí, os comhair suí speisialta sa chúirt i nGaillimh inné. Scaoileadh amach ar bannaí é i ndiaidh dó a bheith cúisithe.
Tá an fear eile, atá sna fichidí chomh maith, fós á choinneáil faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 i stáisiún de chuid an Gharda Síochána i gcontae na Gaillimhe.
Cuardach pleanáilte a bhí ann agus é déanta mar chuid de Operation Tara, feachtas de chuid an Gharda Síochána atá dírithe ar dhul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhrugaí.
Tá fiosrúchán na nGardaí fós ar siúl.
Fág freagra ar 'Beirt fhear gafa agus luach €75,000 cócaoin faighte ag na Gardaí i nGaeltacht Chonamara'