Beirt fhear báite amach ó Ghaeltacht Dhún na nGall

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ag thart ar 11 ar maidin nuair a chonacthas corp a tháinig i dtír ar an trá

Beirt fhear báite amach ó Ghaeltacht Dhún na nGall

Bádh beirt fhear amach ó chósta Ghleann Cholm Cille i nGaeltacht Dhún na nGall inniu. Chonaic feirmeoir as an áit corp fir, a bhí sna 50idí, ar an trá i Málainn Bhig, agus fuarthas corp an fhir eile san uisce. 

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ag thart ar 11 ar maidin nuair a chonacthas an corp ar an trá. Tháinig bád tarrthála an RNLI ó Árainn Mhór agus an héileacaptar R118 ó Shligeach leis an gcuardach a dhéanamh. Bhí baill de chuid Gharda Cósta na gCealla Beaga páirteach sa chuardach freisin. D’aimsigh foireann an héileacaptair corp an dara fir, a bhí sna 40idí, san uisce, agus thóg an bád tarrthála i dtír é. 

Tugadh isteach an bheirt fhear ag an gcéibh i dTeileann, áit ar fógraíodh go raibh siad beirt marbh. Tuairiscítear gur fhág siad an chéibh i dTeileann inné ach nár fhill siad tráthnóna aréir. Tá na coirp in Otharlann Leitir Ceannain anois, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis orthu.

Tá an bád a raibh an bheirt fhear uirthi ar charraigeacha gar do Mhálainn Bhig i láthair na huaire ach thug Garda Cósta na gCealla Beaga le fios don stáisiún Highland Radio go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil mórán damáiste déanta di. Tugadh le fios freisin nach raibh seaicéad tarrthála ar dhuine de na fir nuair a thángthas ar a chorp.

Liotuánaigh iad an bheirt fhear agus tuairiscítear gur ón teaghlach céanna iad ach níl an méid sin deimhnithe go fóill.

Fág freagra ar 'Beirt fhear báite amach ó Ghaeltacht Dhún na nGall'