Beirt eile básaithe de dheasca Covid-19, athoscailt na dtithe tábhairne curtha siar go dtí Lúnasa

Rinneadh cinneadh ag cruinniú rialtais tráthnóna chomh maith go mbeidh sé éigeantach clúdaigh aghaidhe a chaitheamh feasta i siopaí agus in ionaid eile faoi dhíon

Beirt eile básaithe de dheasca Covid-19, athoscailt na dtithe tábhairne curtha siar go dtí Lúnasa

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe. 14 cás nua a deimhníodh.

Ní raibh bás ar bith le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu agus naoi gcás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

2,304 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,748 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,482 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,683 cás ó dheas den teorainn agus 5,799 cás ó thuaidh di.

Tagann fógra na bhfigiúirí nua sna sála ar chinneadh an Rialtais nach mbeidh cead athoscailte ag clubanna oíche ná ag tithe ósta nach mbíonn bia ar fáil iontu go dtí an 10 Lúnasa. Bhí sé i bPlean Díchuibhrithe an Rialtais go mbeidís ag oscailt an Luan seo chugainn.

Tá caint ann chomh maith nach rachfar ar aghaidh leis an bplean cead a bheith ag 100 duine cruinniú le chéile ón Luan seachas an 50 atá ceadaithe faoi láthair.

Faoi láthair tá cead ag 200 duine cruinniú le chéile amuigh faoin aer agus sa bplean díchuibhrithe bhí sin le hardú go 500 duine.

Rinneadh cinneadh ag cruinniú rialtais tráthnóna chomh maith go mbeidh sé éigeantach clúdaigh aghaidhe a chaitheamh feasta i siopaí agus in ionaid eile faoi dhíon.

D’aontaigh na hairí go gcuirfí leis an rialachán maidir le clúdaigh aghaidhe ar an gcóras iompair poiblí agus go gcuirfí i bhfeidhm chomh maith é in ionaid eile laistigh.

Faoin rialachán sin a tháinig i bhfeidhm ar an Luan seo caite, is féidir pionós suas go €2,500 nó sé mhí príosúin a ghearradh ar aon duine nach gcloíonn le rialachán na mascanna.

Bhíothas ag súil go ndéanfadh an Rialtas cinneadh chomh maith faoi cé acu a scaoilfí nó nach scaoilfí srianta Covid-19 eile an tseachtain seo chugainn, oscailt na dtithe ósta ar fad sa tír ina measc.

Bhí an cinneadh sin á phlé agus imní léirithe ag oifigigh sláinte phoiblí faoin ardú atá ar an líon cásanna nua den víreas i measc daoine óga agus cásanna a d’eascair as cóisirí tí.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Ionad Faireachais Cosanta Sláinte d’ardaigh an líon braislí nó ráigeanna den Covid-19 i dtithe príobháideacha go dtí 96 cás an tseachtain seo caite.

Tá 13 othar in ospidéil a bhfuil sé deimhnithe gurb é an Covid-19 atá orthu agus tá deichniúr acusan in aonaid dianchúraim. 158 othar atá in ospidéal agus amhras ann gurb é an víreas atá tolgtha acu.

Fág freagra ar 'Beirt eile básaithe de dheasca Covid-19, athoscailt na dtithe tábhairne curtha siar go dtí Lúnasa'