Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ceithre chás nua deimhnithe

2,262 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,717 duine ó dheas den teorainn agus 545 ó thuaidh di.

Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ceithre chás nua deimhnithe

Tá beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus ceithre chás nua den ghalar deimhnithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

Ní raibh bás eile ar bith le fógairt inniu ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt agus níor deimhníodh ach cás nua amháin den ghalar ó thuaidh,

2,262 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,717 duine ó dheas den teorainn agus 545 ó thuaidh di.

30,254 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,383 cás ó dheas den teorainn agus 4,871 cás ó thuaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,086 den 1,717 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%.

Bhain 963 de na cásanna sin nó 55% acu le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Níor deimhníodh aon bhraisle cásanna nua in ionaid chúraim ó Déardaoin seo caite.

16 othar a bhí buailte ag Covid-19 a bhí sna haonaid chúraim ar maidin, an deichiú cuid de líon na n-othar a bhí in ICU nuair ba mheasa an ráig i mí Aibreáin.

44 othar le Covid-19 a bhí sna hospidéil.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna go gcaithfí i bhfad níos mó a dhéanamh le cinntiú go gcaitheann daoine mascanna in áiteanna poiblí.

Deir 41% de dhaoine go mbíonn masc á chaitheamh anois acu, i gcomparáid le 28% coicís ó shin.

De réir na bhfigiúirí ó mheán oíche Dé hAoine seo caite, níor deimhníodh aon chás nua den ghalar in aon cheann de na contaetha Gaeltachta.

 

Fág freagra ar 'Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ceithre chás nua deimhnithe'