Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 66 cás nua deimhnithe

2,175 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,652 duine ó dheas den teorainn agus 523 ó thuaidh di

Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 66 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 66 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,175 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,652 duine ó dheas den teorainn agus 523 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh duine amháin eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe agus go rabhthas tagtha ar sheacht gcás nua.

29,706 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,990 cás ó dheas den teorainn agus 4,716 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,924 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Déardaoin, an 28 Bealtaine:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,283 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 408 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,963 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,042 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,477 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,416 cás, nó 6%
  • 478 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 477 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 152 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 797 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 571 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%.

Níor tháinig ardú ar líon na gcásanna deimhnithe in aon chontae Gaeltachta seachas contae na Mí, contae na Gaillimhe agus contae Chorcaí. Dhá chás nua a deimhníodh i gcontae na Gaillimhe agus sa Mhí agus cúig cinn a bhí i gceist i gCorcaigh.

De réir an airímh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins, tá breis is 370,000 duine curtha den saol ag Covid-19 ó thús na paindéime agus os cionn 6.1 milliún cás den ghalar atá deimhnithe sa domhan. Baineann os cionnn 100,000 de na básanna go léir agus 1.77 milliún de na cásanna le Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír is measa atá buailte.

Fág freagra ar 'Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 66 cás nua deimhnithe'