Beirt eile á lua d’ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh i Meiriceá

Deval Patrick agus Michael Bloomberg ag smaoineamh ar dhul chun cinn agus amhras ann an bhfuil aon duine de na hiarrthóirí reatha in ann an bua a fháil ar Trump

Beirt eile á lua d’ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh i Meiriceá

Deval Patrick agus Michael Bloomberg

Tiocfaidh deichniúr de na hiarrthóirí atá ar thóir ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh sna Stáit Aontaithe le chéile in Georgia san oíche Dé Céadaoin seo chugainn don chúigiú díospóireacht sa tsraith atá á reáchtáil ag an bpáirtí le roinnt míonna.

Tá ainmneacha an triúir atá chun cinn sa gcoimhlint sin – Biden, Sanders agus Warren – ar eolas againn ar fad. Fiú mura luaitear an dá ainm eile atá tagtha chun cinn le coicís anuas le linn na díospóireachta sin, níl amhras ar bith ach go mbeidh Deval Patrick agus Michael Bloomberg ag déanamh tinnis do na hiarrthóirí a bheidh ar an stáitse.

Tá tuairim láidir ann go bhfuil rún ag Bloomberg agus Patrick a gcuid ainmneacha a chur chun cinn mar nach léir dóibh go bhfuil na hiarrthóirí atá san iomaíocht cheana féin ag dul i gcion ar an bpobal. Tá Biden chun cinn sna pobalbhreitheanna ach tá go leor den tacaíocht atá aige ag brath ar an gcuimhne atá ag Daonlathaigh ar ré Obama sa Teach Bán. Tá dochar déanta dó freisin ag an scéal ar fad faoin gcaidreamh a bhí nó nach raibh aige féin agus a mhac Hunter leis an Úcráin. Tá a ainm á lua go rialta le linn an fhiosrúcháin táinsimh agus cá bhfios nach mbeadh air fianaise a thabhairt mar chuid den fhiosrúchán sin?

Tá imní atá ar an bPáirtí Daonlathach agus ar leithéidí Deval Patrick agus Michael Bloomberg faoi Bernie Sanders agus Elizabeth Warren mar go gcreideann siad go bhfuil an bheirt acu ró-radacach agus rófhada ar thaobh na heite clé. Údar gáire sa taobh seo den Atlantach ráiteas dá leithéid ach sna Stáit Aontaithe meastar gur polasaí de chuid na heite clé é an córas sláinte poiblí.

Tá an dearcadh ann go forleathan go mbaineann na polasaithe sláinte, cánach agus riarachán poiblí atá á moladh ag Sanders agus Warren leis an eite chlé ach tá go leor daoine óga sna Stáit Aontaithe a aontaíonn leo. Is í an fhadhb nach iad sin na daoine atá le mealladh ag na Daonlathaigh más fúthu Trump a chloí.

Leis an aidhm sin a chur i gcrích caithfear dul i gcion ar oibrithe geala in áiteanna ar nós Michigan agus Wisconsin. An mbeidh Deval Patrick – iarghobharnóir Massachusetts – agus Michael Bloomberg – iarmhéara Nua-Eabhrac – in ann an tacaíocht sin a mhealladh i dtreo na nDaonlathach? Tá an t-airgead a bhíonn chomh tábhachtach sin i bpolaitíocht na Stát Aontaithe ag Bloomberg. Tuairiscítear go mbeidh Patrick ag brath ar a chuid buanna pearsanta le dul i gcion ar an bpobal. Tá a chairdeas leis an Uachtarán Obama á lua mar bhuntáiste freisin.

Rud amháin atá follasach faoi na Daonlathaigh agus is é sin nach bhfuil siad cinnte fós go bhfuil an té a d’fhéadfadh Trump a chloí aimsithe acu. Níor mhór dóibh deifir a dhéanamh mar ní aireoidh siad é go mbeidh na chéad vótaí á gcaitheamh in Iowa agus i New Hampshire.

Fág freagra ar 'Beirt eile á lua d’ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh i Meiriceá'