Is mór atá á rá le tamall faoi na huafáis a cheadaigh muid – don chléir, do mhná rialta agus do thuataigh a raibh údarás an stáit acu – a agairt ar mhná agus ar pháistí ó bunaíodh an stát seo. Chuile dhuine agus a scéal féin aige agus a lorg fágtha ag an bpeannaid sin orthu ar fad.
Ach ní mór a mheabhrú dúinn féin freisin gurbh iad na ballaí arda agus an glas céanna a cuireadh ar aon duine eile a chuir as don status quo. Cuimhnímis go raibh 20,000 duine cuibhrithe in ospidéil mheabhairghalair sna 1950idí, cuid acu ar bheagán údair, daoine óga faoi mhíchumas ina measc. Níor chuala mé riamh go raibh teaghlaigh agus muintir na ndaoine sin ag brú a chéile as an mbealach lena muintir a thabhairt abhaile nó ag fiafraí cén chaoi a raibh siad. Ná ní raibh mórán vótaí le fáil ar sholáthar seirbhísí dóibh, anois ná an uair sin.
Ina seomra féin sa mbaile a sáinníodh cuid eile de na daoine sin agus nach muid a dhéanadh gáire faoi jóc an ‘Tuilleadh cáca nó tiocfaidh mé aniar!’ faoi iníon an tí a bhí coinnithe as amharc sa seomra ach a thapaigh a deis nuair a bhí cuairteoirí istigh lena dóthain a fháil le n-ithe. Údar náire dom anois an gáire sin.
Míorúilt é gach sagart, bráthair agus bean rialta a tháinig amach as cliarscoil, mainistir nó clochar i lár an chéid seo caite a bhí folláin ina n-intinn agus ina meon. Ba í an tsagartacht agus an bheatha rialta Silicon Valley an lae inniu agus na flaithis mar bhónas agat chomh maith. Sciobadh ón mbaile iad ag dhá bhliain déag, sacadh isteach i scoileanna cónaithe aon-inscne iad a bhí ag ullmhú déagóirí don saol san eaglais. Cléir agus mná rialta ina mbun agus, mar a deirtí, lán cliabh asail de leabhar urnaí mar shuantraí acu. Ligtí abhaile iad cúpla geábh sa mbliain mar a ndéantaí déithe beaga díobh ar an teallach agus sa bpobal.
Samhlaíodh saol sócúil le saol an tsagairt – do bholg lán, bean tí ag iarnáil duit agus an deoise nó an t-ord rialta sásta costas do chuid oideachais a sheasamh. Bhí aithne agam féin ar mháithreacha a thugadh an tAthair ‘Seáinín’ ar a mac féin!
Ní tógáil shláintiúil é sin fiú mura mbeadh aon mhí-úsáid ar siúl sna monarchana sagart is ban rialta sin. An rud a fheiceann an páiste is é a dhéanann an páiste mar nach eol dó a mhalairt. Agus fuair cuid acu spídiúlacht agus d’fhoghlaim siad ceacht tábhachtach i bhfad óna muintir agus ó ghnáthchaidreamh an tsaoil. Cumhacht agus údarás, ná lig uait é!
Scaoileadh amach iad go paróistí, scoileanna agus institiúidí anseo agus thar lear – go minic gan oiliúint ná tuiscint ar an duine ná ar ár ndaonnacht leonta. Ba mhaith mar a thuig siad cumhacht agus smacht mar a mhúin na máistrí dóibh é – an t-easpag, an Róimh, Dia na feirge agus an díoltais agus fear na n-adharc réidh le cathú a chur ort ag chuile choirnéal!
D’ainneoin na n-easpaí sin ar fad bhí daoine breátha ina measc a rinne leas.
I mo phobal beag féin agus mé ag fás aníos, bhí d’ádh orm nár nós le sagairt bheith ag tarraingt ar thithe a raibh boladh an deataigh iontu agus an chomhairle ba choitianta a chloisinn faoin sagart – ‘Tabhair dó a chuid agus fan uaidh’! Aon bhliain déag a bhí mé nuair a chonaic mé an chéad bhean rialta agus mé ag déanamh scrúdú iontrála don mheánscoil.
Bhí bean ag spágáil ar fud an tseomra agus a cloigeann fáiscthe isteach i gcaille dhubh agus bhán ach ba mhór é mo thrua di mar cheap mé gur choróin spíonáin a bhí sna bioráin a bhí le feiceáil sáite san éadach fáiscthe sin.
Beirt bhan rialta a bhí agam sa mheánscoil sin agus is ormsa a bhí an t-ádh na mná sin a bheith do mo threorú. Scoth na múinteoirí a bhí iontu arbh é forás an dalta bunús a gcuid oibre. Sclábhaithe a bhí iontu ar ár son ó dhubh go dubh agus a bpá ag dul chuig an ord. A n-easpa pá siúd a d’íoc as mo chuid oideachais agus ba bheag é mo bhuíochas orthu ag an am.
Mná treallúsacha a bhí iontu seo a dhéanfadh aon rud a dtabharfaidís faoi go críochnúil. Rithfidís an tír. Ach ba bheag meas a bhí san eaglais ar mhná rialta – ag an gcliarlathas a bhí an chumhacht agus an stádas.
Ba iad an bheirt bhan sin a d’oscail fuinneog dom ar an saol mór, spreag siad muinín ionam asam féin, as mo chine agus as mo theanga. Chuir siad ar mo shúile dom nach raibh tada do mo stopadh ach an leisce agus an drochmhisneach. Thugadar cuairteoirí isteach a d’oscail ár súile, chuireadar ar stáitse muid, ag scríobh, agus ag caint go poiblí. Ní cuimhin liomsa rang amháin féin faoi aon phápa ná a gcuid litreacha bagracha. Sa rang Teagasc Críostaí léadh muid nuachtáin, irisí is ailt faoin domhan ag forbairt, faoin timpeallacht, faoin gcóras eacnamaíochta agus faoi na féidearthachtaí iontacha a bhí amach romhainn.
Cén fáth gur údar iontais agam beirt bhan rialta múinteoireachta a bheith lách lena gcuid scoláirí? Mar a chairde, tuataigh ab ea gach múinteoir eile dá raibh agamsa ó bhí mé cúig bliana d’aois agus an t-ainchríost féin ní bhainfeadh ceart de chuid mhaith acu. Bhí siad cráite traochta maolaigeanta iontu féin, bhí an dearg-ghráin acu ar ghasúir agus drochmheas acu ar chlann na mbocht. Fuair muid spídiúlacht, lascadh agus tarcaisne uathu agus meabhraíodh dúinn go rialta an carn aoiligh ar a gcríochnóimis, an ceann céanna ar ar saolaíodh muid.
An bhfuil ceacht anseo? Is éasca mí-úsáid a bhaint as cumhacht. Caithfear maoirseacht a dhéanamh agus guaim a choinneáil ar lucht na cumhachta. Faraor ní shábhálfadh tuataigh na linne sin na páistí ná na mná sna hinstitiúidí ach an oiread, mar is léir ó dhoicheall an HSE gníomh a dhéanamh a náireodh é féin.
Ná déantar dearmad ar na daoine maithe a bhí sna hoird, mar bhíodar san ann freisin agus rinne siad a gcion d’ainneoin an eagraíocht a bheith foirgthe os a gcionn.
Beirt a chas ormsa i mo dhéaga agus níl agam orthu ach an-mheas go deo. Go gcúití Dia leo é.
Aonghus Ó hAlmhain
Bíonn téagar agus éirim sa mhéid a scríobhann tú a Mháire, bail ó Dhia ort.
Bhí an maith agus an olc fite fuaite. Níl bunchúis an oilc sáraithe- saint lucht cumhachta agus an doicheall rompu siúd atá ag éileamh a gcuid cóir de mhaoin na tíre.
Donncha Ó hÉallaithe
D’fhéadfainn an scéal céanna a inseacht faoi mo chuid oideachais féin leis na Bráithre Críostaí. Bhí daoine den scoth ina measc agus goilleann sé orm go bhfuil smál á chaitheamh ar chuile dhuine acu na laethanta seo. Mar a dúirt Máire san alt sclábhaithe ar ár son a bhí iontu ‘ó dhubh go dubh agus a bpá ag dul chuig an ord’. An alt.
Seán Mac Gearailt
Go gcúití Dia do shaothar agus do mhisneach leat , a Mháire. Bíonn dhá insint ar gach scéal agus dhein tú iarracht an dá thaobh a léiriú; ní hionann agus na meáin. Tá lucht na meán dall ar aon rud nach dtagann lena ndearcadh féin ar an saol.
Hiy
Beirt bhan rialta agus bean mhirialta.
Fearn
Is maith liom scéalta chothroma nach leanann an feachtas géarleanúna. An fhirinne choíche seachas athbhreithniúchas staire. An chaora gheal a aithint thar an chaora dhubh, cé gur líonmhar iad.
lucyrua
Is léir go raibh idir maith agus olc ann. Go pearsanta fuair mé an-oideachas agus gan baint ar bith leis ag an gcléir leis. Táimse tar éis foghlaim tar éis os cionn deich mbliana ag teagasc mé féin go raibh an t-ádh dearg liom oideachas chomh oscailte a fháil nach raibh faoi scáth mhoráltacht na heaglaise. I láthair na huaire in Éirinn níl sin ar fáil do go leor. Tá greim daingean ar an Eaglais Chaitliceach ar an oideachas fós nach luíonn le creideamh nó easpa creideamh daltaí, tuismitheoirí nó fiú múinteoirí. Tá sé thar ama an greim sin a scaoileadh agus cúrsaí creidimh a fhágáil sa mbaile.
lucyrua
I gConamara agus i neart ceantair Gaeltachta faoi láthair tá dream amháin tuismitheoirí nach bhfuil freastal ar bith á dhéanamh orthu, is iad sin tuismitheoirí gan creideamh nó tuismitheoirí nach bhfuil Caitliceach. Tá Gaelscoil /scoil Gaeltachta ilchreidmheach ag teastáil go géar ag léibhéal na bunscoile i gConamara Theas i mo thuairimse.