Beirt bhan ‘díbeartha’ d’eitleán in Barcelona mar gheall ar an gCatalóinis a bheith á labhairt aici

Tuairiscítear go ndúirt aeróstach le bean go gcaithfeadh sí Spáinnis a labhairt agus gur fhiafraigh sí di arbh amhlaidh nach raibh aon Spáinnis aici

Beirt bhan ‘díbeartha’ d’eitleán in Barcelona mar gheall ar an gCatalóinis a bheith á labhairt aici

Tuairiscítear sa Chatalóin gur díbríodh beirt bhan d’eitleán in Barcelona ag an deireadh seachtaine toisc iad a bheith ag labhairt na Catalóinise.

Tuairiscítear sa nuachtáin VilaWeb gur éirigh idir an bheirt bhan agus foireann an eitleáin nuair a d’iarr duine de na haeróstaigh ar Margarita Camps, atá ina cónaí i Mionarca agus atá 72 bliain d’aois, pictiúr a bhí aici a chur sa bhosca stórais san eitleán.

Mhínigh an bhean, i gCatalóinis, go raibh sí ag fanacht go mbeadh a mbagáiste curtha i dtaisce ag na paisinéirí eile sula gcuirfeadh sí a pictiúr suas ar fhaitíos go ndéanfaí damáiste dó.

Tuairiscítear go ndúirt an t-aeróstach leis an mbean go gcaithfeadh sí Spáinnis a labhairt agus gur fhiafraigh sí di arbh amhlaidh nach raibh aon Spáinnis aici.

Chuala an dara bean caint an aeróstaigh agus chuir a ladar sa scéal. De réir na tuairisce, mhaígh an dara bean gur léirigh an t-aeróstach drochmheas ar an bpaisinéir eile agus gur cheart do dhuine atá ag obair ar eitilt ó Barcelona go Mionarca, dhá cheantar a bhfuil stádas oifigiúil ag an gCatalóinis iontu, a bheith in ann an teanga a labhairt.

Tháinig aeróstach eile chomh fada leis an triúr agus chuir in iúl don bheirt phaisinéirí gur theastaigh ón bpíolóta labhairt leo. Tuairiscítear go ndúirt an píolóta, a bhí i gcuideachta beirt phóilíní, gur léirigh na mná drochmheas ar an aeróstach agus go gcaithfidís an t-eitleán a fhágáil. Mhaígh na mná nach raibh á dhéanamh acu ach an Chatalóinis a labhairt, ach dúirt an píolóta leo nach n-athródh sé a intinn agus go gcaithfidís an t-eitleán a fhágáil.

“Bhí bealach tiarnúil leis an bpíolóta, agus dúirt sé linn nach bhféadfadh muid rud ar bith a rá mar nach raibh meas againn ar an aeróstach agus gur fhág sí an t-eitleán agus í ag caoineadh,” a dúirt duine de na mná le VilaWeb.

Agus iad san aerfort arís, chuaigh an bheirt bhan chuig deasc na haerlíne, Vueling, le haisíocaíocht a fháil don dá thicéad. Dhiúltaigh an aerlíne a leithéid a dhéanamh agus chuir in iúl don bheirt bhan go raibh cosc orthu ticéad a cheannach ó Vueling.

D’éirigh leis na mná dul ar eitleán an lá dár gcionn agus tháinig siad isteach i Maó tráthnóna Dé Domhnaigh, ach tá imní ar Camps nach mbeidh cead aici an t-oileán a fhágáil anois mar ní bhíonn eitiltí ag aon dream eile seachas Vueling as an oileán.

Thug an comhlacht le fios ar Twitter go bhfuil an Chatalóinis ag gach duine den fhoireann a bhíonn ag eitilt amach as aerfort Barcelona agus go bhfuil an scéal á fhiosrú acu i láthair na huaire.

Tá aird tarraingthe ar an scéal ag an bhFeisire Eorpach ón gCatalóin Ramon Tremosa, a thug le fios dá leantóirí ar Twitter go mbeadh an cheist á plé aige i gCoimisiún na hEorpa an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Beirt bhan ‘díbeartha’ d’eitleán in Barcelona mar gheall ar an gCatalóinis a bheith á labhairt aici'

  • Deisceart An Dúin

    An mbeadh aon ball den fhoireann ar eitleán Aer Lingus réidh Gaeilge a labhairt le páisnéir? Gan trácht ar Ryanair!

  • Seán Mac Gearailt

    A Dheisceart An Dúin,
    Anois ó tá Leo (“we intend” seo ,siúd 7 eile…) i gceannas, ní fada go mbeidh gach ball den fhoireann ar eitleáin Aer Lingus lán ábalta, lán sásta agus lán díograiseach Gaeilge a labhairt ar gach eitleán gan trácht ar eitleáin ag dul ó áit amháin Gaeltachta go dtí áit eile Gaeltachta. Ní bheidh cúis ghearáin againn mar a bhí ag mná na Catalóine……agus beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Inniu 16.12.17… an bhfuil tuilleadh le haithris maidir leis an scéal seo, Maitiú?