Tá beirt bhan agus fear Gaeltachta i measc na ndaoine is mó atá á lua le post an Ghrúpcheannasaí Gaeilge in RTÉ.
Ar na daoine is mó atá á lua mar chomharba ar Rónán Mac Con Iomaire sa phost is sinsearaí in RTÉ ó thaobh na Gaeilge de, tá Niamh Ní Churnáin, arb as Gaeltacht Chorca Dhuibhne di, léiritheoir teilifíse sinsearach in RTÉ agus iarléiritheoir sraithe ar The Late Late Show. Ba í Ní Churnáin a bhí ina léiritheoir ar chlúdach teilifíse RTÉ ar chuairt an Phápa anuraidh agus ba í chomh maith a léirigh an seó Centenary mar chuid de chomóradh RTÉ ar Éirí Amach 1916.
Bean Ghaeltachta eile atá á lua leis an bpost ná Bláthnaid Ní Chofaigh, an láithreoir teilifíse agus raidió aitheanta as Ráth Chairn a raibh baint aici leis an iliomad clár ar RTÉ agus a chuireann an clár Bláthnaid Libh i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is é an fear is mó atá á lua leis an bpost is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge de ag an gcraoltóir poiblí ná Páidí Ó Lionaird an láithreoir teilifíse agus eagarthóir nuachta le Nuacht TG4.
Beirt eile atá á lua leis an bhfolúntas ná Laura Ní Cheallaigh Eagarthóir Coimisiúnaithe le TG4 agus Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ.
Beidh an té a cheapfar mar Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ freagrach as cláracha teilifíse Gaeilge an chraoltóra náisiúnta agus as plean Gaeilge an chraoltóra a chur i bhfeidhm. Beidh freagracht Raidió na Gaeltachta ar an té a cheapfar chomh maith.
Beidh dúshláin go leor roimh an gcéad Ghrúpcheannasaí eile, tráth a meastar ísliú stádais a bheith tugtha don phost.
Chomh maith leis sin, d’admhaigh Bainisteoir Ábhar RTÉ Jim Jennings anuraidh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ agus nach bhfuil an sainchúram atá orthu ó thaobh na Gaeilge á dhéanamh mar ba chóir acu.
Dúradh i dtuarascáil de chuid an EBU anuraidh go raibh RTÉ ag dul thar fóir maidir lena chuspóirí ó thaobh na Gaeilge ach b’amhlaidh gurbh údar iontais agus uafáis an maíomh sin d’idir pholaiteoirí, shaineolaithe sna meáin agus Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ féin.
Anna
Tuige nach bhfuil ach dhá ‘leath’-bhean le feiceáil sa phictúir thuas agus an fear i lár an aonaigh? Guím gach rath orthu triúr, daoine breátha!
Padraic Harvey
De réir an scéil, nach bhfuil ach fear amháin agus ceathrar bhan san iomaíocht anseo?