Beirt airí Rialtais le tabhairt faoi chúrsa samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfuil ag treisiú ar an tsuim atá á cur ag a chomhghleacaithe rialtais sa teanga

Beirt airí Rialtais le tabhairt faoi chúrsa samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht

Beidh beirt airí Rialtais ag triall ar Oideas Gael i nGaeltacht Dhún na nGall an samhradh seo agus fonn orthu an Ghaeilge a fhoghlaim.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh gur léirigh cinneadh na beirte, An tAire Leanaí Katherine Zappone agus an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan, go bhfuil ag treisiú ar an tsuim atá á cur ag a chomhghleacaithe rialtais sa teanga.

Ag labhairt dó leis an Irish Independent, dúirt McHugh, a thug faoi chúrsa de chuid Oideas Gael é féin nuair a ceapadh ina aire stáit Gaeltachta den chéad uair i mí Iúil 2014 é, go raibh ‘ceannaireacht’ agus ‘dea-shampla” á thabhairt i dtaobh na teanga ag Zappone agus Flanagan.

“Seo anois beirt airí agus ceannaireacht le dea-shampla á thabhairt acu agus an beart á dhéanamh acu agus iad ag dul go dtí Dún na nGall.

“Níl aon amhras orm ach go mbeidh níos mó ná ‘an cúpla focal’ acu agus iad ag fágáil agus beidh scéal tábhachtach freisin acu le roinnt lena muintir, a gcairde, a gcomhghleacaithe agus daoine ina ndáilcheantair,” a dúirt McHugh.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta go raibh “lúcháir” air an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 a sheoladh thar ceann an Rialtais.

“Ós rud é gurb ionann an Straitéis agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge, tá úinéireacht tras-Rannach ag an bPlean Gníomhaíochta seo. Baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm dá réir le raon Ranna Rialtais, foras agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“In éindí le súil siar a chaitheamh ar a bhfuil déanta go dtí seo chun cúram a dhéanamh den Straitéis, is ar an bhóthar chun tosaigh atá an bhéim is mó agus ag croílár an phlean dá réir, atá na bearta.”

Dúirt McHugh go dtógfadh an plean ar an “comhpháirtíocht atá ann cheana féin maidir le ceist na Gaeilge”.

“Dá mhéad a aithnítear agus a chothaítear an chomhpháirtíocht agus an chomhúinéireacht sin is ea is fearr a éireoidh lenár gcuid iarrachtaí ar fad, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Beirt airí Rialtais le tabhairt faoi chúrsa samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht'