Beirt á lua go láidir don phost mar urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin

Meastar go bhfógróidh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a binse tosaigh inniu

Beirt á lua go láidir don phost mar urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin

Tá beirt á lua go láidir leis an bpost mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta ar bhinse tosaigh Shinn Féin – Mairéad Farrell agus Aongus Ó Snodaigh.

Meastar go bhfógróidh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a binse tosaigh inniu.

Beidh tábhacht ar leith ag baint le hurlabhraí Gaeltachta Shinn Féin sa 33ú Dáil agus a laghad sin Teachtaí Dála a bhfuil suim acu i gcás na teanga fágtha sa bhfreasúra chun cás na teanga a throid.

Tá 21 den 35 Teachta Dála a thug le fios do Tuairisc.ie go bhfuil Gaeilge acu i bpáirtithe an chomhrialtais nua, rud a fhágann go mbeidh daoine ar spéis leo a bhfuil i ndán don teanga ag brath go mór ar urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin agus an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly chun an rialtas nua a chur tríd an muileann.

Is iar-urlabhraí Gaeltachta de chuid Shinn Féin é Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, ach seachas sin is beag Teachta Dála sa bhfreasúra a bhfuil spéis léirithe go leanúnach aige i gcás na teanga.

Ar dhuine den bheagán Teachtaí Dála sin tá Aongus Ó Snodaigh atá ina urlabhraí Gaeltachta, i measc cúraimí eile, ag Sinn Féin faoi láthair.

Ní údar iontais a bheadh ann dá bhfágfaí an cúram sin ar Ó Snodaigh, ach tá taithí na mblianta aige i réimsí éagsúla agus d’fhéadfadh go bhfágfadh an taithí sin go gcuirfear dualgais nua air.

Sa chás sin, d’fhéadfadh go bhfuil ardú céime i ndán do Mhairéad Farrell, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin i nGaillimh Thiar a toghadh den chéad uair mí Feabhra.

Tá cuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír i ndáilcheantar Farrell ar cainteoir líofa Gaeilge í.

Meastar i Sinn Féin gur Teachta Dála óg í Mairéad Farrell a bhfuil gealladh fúithi. Tá roinnt ráiteas láidir déanta cheana aici faoi cheisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ceisteanna a mbaineann a bhformhór go dlúth lena dáilcheantar féin.

Ar na Gaeilgeoirí eile sa pháirtí a d’fhéadfaí a roghnú don phost mar urlabhraí Gaeltachta, tá Donnchadh Ó Laoghaire. Meastar jab maith  a bheith á dhéanamh ag Ó Laoghaire mar urlabhraí oideachais an pháirtí agus d’fhéadfadh go bhfágfaí an cúram sin air. Tá Gaeilge chomh maith ag an Teachta Pa Daly as Ciarraí.

Fág freagra ar 'Beirt á lua go láidir don phost mar urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin'