Beimid go léir níos fearr as má chuirtear Donald Trump amach as an Teach Bán

Déanfar leas na Stát Aontaithe agus an domhain mhóir mura n-atoghfar Donald Trump Dé Máirt

Beimid go léir níos fearr as má chuirtear Donald Trump amach as an Teach Bán

Go gairid sular ghlac Donald Trump a mhionn uachtaránachta roimh dhul i gceannas dó in Washington i mí Eanáir 2017, labhair scríbhneoir an cholúin seo le scata iriseoirí agus tráchtairí Meiriceánacha.

Bhí meas áirithe ag cuid acu ar an uachtarán nuathofa agus a mhalairt de thuairim ag an gcuid eile. Mar sin féin, shíl a bhformhór nach mbeadh Trump chomh mífhreagrach ná chomh ceanndána mar uachtarán agus a bhí sé sular toghadh é.

“Athraíonn an uachtaránacht gach duine,” a dúirt fear amháin, “de réir mar a a fhaigheann sé tuiscint ar an bhfreagracht atá air. Ní hionann in aon chor a bheith i d’iarrthóir agus a bheith i d’uachtarán.”

Faraor ní athrú meoin ná cur chuige ach géarú ar a thréithe gránna a tugadh faoi deara ina dhiaidh sin. Tugann a lucht leanúna dílis neamhaird i gcónaí ar a fhaillí, ar a bhréaga agus ar gach masla a thugann sé do dhaoine nach n-aontaíonn leis – ina measc iriseoirí agus ban-iriseoirí go háirithe.


Bhuaigh Trump toghchán 2016 de réir chóras an Choláiste Toghcháin cé go raibh Hillary Clinton 2.87 milliún vóta chun cinn air. Dar leis go bhfuair sí 3-5 milliún vóta mídhleathach. Níl fianaise ar bith curtha ar fáil aige féin ná ag duine ar bith go raibh a ndúirt sé fíor.*


Ba léir ó thús nach ndéanfadh an t-uachtarán aon iarracht teacht ar chomhréiteach ná fiú ar chomhthuiscint oibre leis an bPáirtí Daonlathach. Is léir fós aineolas agus claondearcadh fhormhór na ndaoine a cheap sé ar a fhoireann sa Teach Bán. Agus is léir thar aon rud eile a neamhshuim i gcomhairle a thairg saineolaithe nach n-oireann dá mhian.

Ní foláir creidiúint a thabhairt dó as ucht cogaíocht thar lear a sheachaint, cé go raibh a mhídhílseacht follasach nuair a chlis ar a gheallúint tacaíocht a thabhairt do na Coirdínigh sa tSiria.

Bhain sé an bonn de chomhoibriú idirnáisiúnta a raibh géarghá leis nuair a tharraing sé amach as Comhaontú Pháras in aghaidh athrú aeráide.

Tharraing sé amach ón gcomhaontú frithnúicléach leis an Iaráin.

Tharraing sé na Stáit Aontaithe amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO).

Tá díobháil pholaitiúil nach beag déanta aige cheana féin sna Stáit Aontaithe agus rabhadh tugtha aige go mbeidh sé ag maíomh go bhfuil an toghchán lochtach mura mbuann sé Dé Máirt. Threisigh sé ar an dochar nuair a dhiúltaigh sé a rá, mar a dúirt gach uachtarán roimhe, go nglacfadh sé le toradh an toghcháin dá mbuafaí air.


Tá sé ráite ag Trump go minic gur sa Ghearmáin a rugadh a athair. Ba de bhunadh na Gearmáine Fred Trump. Is léir óna theastas breithe áfach gur i Nua-Eabhrac a rugadh é.*


B’fhéidir gurb í a neamhaird ar an bhfírinne an dochar is mó a rinne Trump ó toghadh é, thar lear agus ina thír fhéin. Níl polaiteoirí i dtír ar bith gan locht ach níl ceannaire i dtír dhaonlathach eile ar aon chéim le Trump ó thaobh mí-ionracais de.

Léirigh sé ó thús a thoil bréaga a inseacht fiú agus fianaise ar fáil atá glan ina choinne, mar shampla nuair a mhaígh sé go raibh an slua a d’fhreastail ar a insealbhú mar uachtarán níos mó ná an slua a d’fhreastail ar insealbhú ar bith riamh. Níor tharraing sé siar an bhréag fiú nuair a foilsíodh pictiúir den slua i bhfad níos mó a bhí i láthair agus Barack Obama á insealbhú in 2009.

Mura mbunaítear an chuid is mó den pholaitíocht i dtír ar bith ar fhíricí agus ar mhuinín, tugtar deis as cuimse don té atá i gceannas a rogha rud a rá agus a dhéanamh.


Maíonn Trump go minic go bhfuil níos mó déanta aige ná mar a rinne uachtarán agus (uaireanta) duine ar bith eile ar domhan roimhe. Raiméis chomh mínáireach nach gá í a fhiosrú.*


Ní aontas ná comhthuiscint ach teannas agus faltanas atá á gcothú ag Donald Trump ó toghadh é. Is fearr leis achrann ná comhréiteach. Dá dhonacht a chur chuige go dtí seo, cá bhfios cén dochar a dhéanfadh sé dá dtoghfaí arís é?

Níl Joe Biden thar mholadh beirte, cé gur chóir d’Éireannaigh cuimhneamh ar a mheas dáiríre ar Éirinn agus ar a thuiscint ar chúrsaí na tíre seo. Ach tá bua aige a spreagann dóchas go mbeidh sé in uachtar faoi dheireadh an chomhairimh. Ní Donald Trump é.

* Samplaí de mhí-ionracas agus de raiméis Donald Trump a d’fhiosraigh seiceálaithe fíricí an Washington Post agus atá ar fáil sa leabhar nuafhoilsithe Donald Trump and his Assault on Truth.

Fág freagra ar 'Beimid go léir níos fearr as má chuirtear Donald Trump amach as an Teach Bán'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá Trump ar son na Beatha.
    Tá Biden ar son an Ghinmhilleadh.
    An bhfuil tusa ar son lucht an Ghinmhillte.
    Más amhlaidh atá, mo náire Thú,

  • Eoin Ó Murchú

    B’fhéidir, ach ní bheidh muintir na Rúise, muintir na Donbhaise nó muintir na Coiré níos fearr as.

  • Fearn

    An t-aon rud a bhéas thíos lena imeacht ná geamaireacht agus fronsa na poilitíochta!

    Bliain mhaith ina dhiadh!

  • Seán Mac Gearailt

    “Mura mbunaítear an chuid is mó den pholaitíocht i dtír ar bith ar fhíricí agus ar mhuinín, tugtar deis as cuimse don té atá i gceannas a rogha rud a rá agus a dhéanamh.”

    An iad cursaí na hÉireann nó Mheiriceá atá faoi chaibidil anseo?

  • Seán Ó hAnnracháin

    Níl Biden foirfe ar chur ar bith ach tá sé i bhfad níos fearr ná Trump