Béim níos mó ar phlé polasaithe agus an triúr mórcheannairí in aghaidh a chéile

Ní hé nár chruthaigh Mary Lou McDonald go maith i ndíospóireacht na gceannairí aréir, ach b'fhéidir go mbeadh éirithe níos fearr le Sinn Féin dá mbeadh an doras coimeádta iata ag RTÉ

Béim níos mó ar phlé polasaithe agus an triúr mórcheannairí in aghaidh a chéile

Baineadh creathadh as saoithíní na polaitíochta ar an Luan nuair a thug pobalbhreith Ipsos MRBI don Irish Times le fios go raibh Sinn Féin gafa amach thairis Fine Gael agus Fianna Fáil. Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh, faoi mar a dúirt an té a dúirt é. Is beag a thuarfadh a leithéid fiche bliain ó shin, fiche mí ó shin nó go deimhin 20 lá ó shin. Fágadh piardaí RTÉ ag tochas a gcinn agus chasadar ar a sála le cuireadh chun díospóireachta a thabhairt do Mary Lou McDonald. A leithéid de chuileachta agus do chipeadraíl. Samhlaítear dom go bhfuiltear siúd ar bheagán suime sa pholaitíocht meallta isteach faoi dheireadh ag an sobaldráma seo a bhí leamh go maith go n-uige seo.

Is cinnte go raibh faobhar ar an ngoile do dhíospóireacht na Máirt (Prime TimeThe Leaders Debate). Tá Fine Gael i ngalar na gcás agus tá Fianna Fáil ag strácáil leo agus brú ar na ceannairí, dá réir. Taibhsíodh dom go raibh drogall ar Leo Varadkar agus Micheál Martin fogha rófhíochmhar a thabhairt faoi Mary Lou McDonald ar eagla go gcuirfí ina leith go raibh beirt fhear ag geaingeáil suas ar bhean.

Ar an dtaobh eile den scéal ní fhéadfaidís imeacht i bpíobáin a chéile an iomad mar d’fhéadfadh ceannaire Shinn Féin fanacht glan orthu agus a bheith ag maíomh nach bhfuil iontu ach na seanpháirtithe céanna agus meirg orthu.

Thapaigh Mary Lou McDonald gach deis le cur ina luí ar an lucht féachana gur an dá mhar a chéile iad “the lads” agus a bpáirtithe atá i gcumhacht le céad bliain anuas. Bhuail sí cúpla ord ar inneoin i gcaitheamh an chláir. Dar léi go bhfuilid faoi chomaoin ag “power brokers,” “vested interests” agus lucht na “golden circles”. “Clarion call of desperation,” a thug sí ar an gcáineadh ar a páirtí ó dhream, dar léi, nach bhfuil uathu i ndeireadh an lae ach an status quo a choimeád. Lena chois sin mhaígh sí gurb iad Fianna Fáil páirtí na bhforbróirí réadmhaoine agus go seasann Fine Gael an fód do thiarnaí talún.

Luaigh Leo Varadkar a imní faoi stair Shinn Féin agus d’éirigh leis leibhéal éigin a dhéanamh ar Mary Lou McDonald nuair a luaigh sé drochstaid cúrsaí sláinte agus daoine gan dídean ó thuaidh. Labhair Micheál Martin go láidir faoi bhearnaí a bheith i bpolasaithe agus figiúirí Shinn Féin agus chuir sé “climate denial” ina leith.

Lena chois sin ní dóigh liom gur dhéileáil McDonald go cumasach leis an gceist faoin gCúirt Choiriúil Speisialta agus dearcadh Shinn Féin ina leith.

Shlog cúrsaí tithíochta an chéad leathuair an chloig nó mar sin agus bhí cúrsaí sláinte idir chamáin ar feadh leathuair an chloig eile nó mar sin. Cuireadh teas sa díospóireacht in athuair nuair a tosaíodh ag caint faoi cháin chorparáide agus cúrsaí fiontraíochta. Conach ag teacht ar Mary Lou McDonald faoi “mansplaining” Mhichíl agus Leo ag rá nach mbeadh aon oidhre ar Fhianna Fáil a bheith i bhfeighil an gheilleagair arís ach John Delaney a bheith ina cheann feadhna ar an FAI i gceann naoi mbliana.

D’oir an chaint faoi aois an phinsin do cheannaire Shinn Féin cé gur éirigh le Leo Vardkar agus Micheál Martin roinnt talún a ghabháil. I dtreo dheireadh an chláir cuireadh an Taoiseach faoi bhrú maidir le gníomhartha Dara Murphy agus Maria Bailey agus ceistíodh Michéal Martin faoin gconspóid vótala sa Dáil agus Niall Collins agus Timmy Dooley. Ba ansin a casadh ráiteas Conor Murphy faoi Paul Quinn, an fear óg a dúnmharaíodh in 2007, le Mary Lou McDonald.

Mhaígh Murphy ag an am go raibh baint ag an bhfear óg le coiriúlacht. Dúirt ceannaire Shinn Féin oíche Dé Luain nach ndúirt Murphy a leithéid ach bhí uirthi dul siar ar an méad sin aréir agus an ráiteas a rinne Murphy ag Miriam O’Callaghan. Níor chruthaigh sí go maith sa chuid seo den díospóireacht agus cheapas ar feadh soicind go mbainfí barrthuisle cinniúnach aisti. Bhí sí féin agus a páirtí ullmhaithe chuige seo, áfach, agus thug sí fios go raibh Murphy chun an ráiteas a tharraingt siar agus leithscéal a ghabháil.

Chuir cabaireacht Ivan Yates agus Matt Cooper pip ar mhórán an tseachtain seo caite agus dar liom gur aimsigh Miriam O’Callaghan agus David McCullough an cur chuige ceart. Bhí múnla na Stát Aontaithe á leanúint acu is iad buailte fúthu taobh thiar de dheasc agus bhí siad dian gan an iomarca airde a tharraingt orthu féin. Leagadh béim, a bhí neamhghnách go maith, ar shonraí pholasaithe na bpáirtithe.

Agus sin ag tarraingt ar dheireadh an chláir ceistíodh na ceannairí faoin mbotún polaitiúil is mó dá gcuid. Sé Leo Varadkar a labhair ar deireadh agus dúirt sé gur cheap sé go luafadh Mary Lou McDonald a ballraíocht in Fianna Fáil. Cúis gháirí chugainn.

Faoi dheireadh na hoíche, áfach, is dóigh liom gurb í Mary Lou McDonald is fearr a chruthaigh, bíodh is nach raibh oiread sonraí aici is a bhí ag an mbeirt eile agus in ainneoin gur baineadh tuisle aisti uair nó dhó, go háirithe faoi Paul Quinn. Tá ag éirí lena teachtaireacht shimplí gur gá athrú agus nach iad Fianna Fáil ná Fine Gael a chuirfidh a leithéid i gcrích, ach rith sé liom go mb’fhéidir go mbeadh éirithe níos fearr le Sinn Féin dá mbeadh an doras coimeádta iata ag RTÉ.

Mura mbeadh sí ann in aon chor, ba láidre an íomhá a chruthódh sé de Shinn Féin mar pháirtí atá ag comhrac i gcoinne na bunaíochta agus na leaideanna.

Fág freagra ar 'Béim níos mó ar phlé polasaithe agus an triúr mórcheannairí in aghaidh a chéile'