‘Béim ar leith’ ar an nGaeilge le linn Gaillimh 2020

Seoladh clár Gaillimh 2020 ag ócáid a reáchtáladh ar an Fhaiche Mhór i gcathair na Gaillimhe tráthnóna

‘Béim ar leith’ ar an nGaeilge le linn Gaillimh 2020

Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan, clár Gaillimh 2020 ag ócáid a reáchtáladh ar an Fhaiche Mhór i gcathair na Gaillimhe inniu.

Maítear gur 30 ‘togra Gaeilge’ a bheidh ar siúl le linn Gaillimh 2020.

Deirtear gur 1,900 imeacht ar fad a bheidh á reáchtáil le linn Gaillimh 2020. Ní léir go fóill cé mhéad de na himeachtaí sin ar imeachtaí Gaeilge iad.

Sa chlár a seoladh tráthnóna deirtear go mbeidh “béim faoi leith ar an nGaeilge mar aitheantas do stádas na Gaillimhe mar an t-aon chathair dhátheangach in Éirinn agus príomhchathair na Gaeltachta”.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Freda Nic Giolla Chatháin, a ceapadh ina hoifigeach Gaeilge le Gaillimh 2020 i mí Aibreán seo caite, gur tháinig an fhéile tríd “go leor achrann agus go leor conspóide go dtí seo” ach go raibh “clár iontach réidh le seoladh anois”.

“D’fhéadfá a rá gur ullmhaigh an stair a bhain leis an bhféile go dtí seo níos fearr muid don todhchaí agus don saol. Anois tá muid ag iarraidh ar dhaoine tacú leis an bhféile,” a dúirt sí.

Ag trácht di ar an achrann agus an chonspóid a bhain leis an fhéile go dtí seo, mhaígh Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020 go raibh “go leor den scéal céanna le hinsint ag lucht  phríomhchathracha cultúrtha eile na hEorpa a bhí ar cuairt ar Ghaillimh níos túisce i mbliana”.

“Is í seo an fhéile chultúrtha is mó agus is casta a reáchtáladh riamh ar oileán na hÉireann. Ní haon ionadh é go raibh deacrachtaí ann agus dúshláin ag baint leis. Tá muid ar an mbóthar ceart anois, tá foireann iontach láidir ag obair ar Gaillimh 2020 agus tá clár réidh le seoladh,” ar sí.

Thug an tOifigeach Gaeilge le fios do Tuairisc.ie nach raibh baint ar bith aici féin le clár na féile agus go raibh an clár ‘leagtha amach” sular ceapadh í ina hoifigeach Gaeilge.

Dúirt sí go raibh roinnt tionscadal i nGaeilge mar chuid den chlár atá dírithe “go hiomlán ar an nGaeilge” agus gur “saothair iad atá coimisiúnaithe ag Gaillimh 2020, rud a léiríonn go bhfuil Gaillimh 2020 tiomanta agus dáiríre faoin nGaeilge”.

I measc na ndreamanna atá ag obair i gcomhpháirt le Gaillimh ar thionscadail Ghaeilge tá Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Branar Téatar do Pháistí agus Ealaín na Gaeltachta.

Beidh an clár Gaillimh 2020 á reáchtáil i mbailte beaga agus móra agus ar oileáin chomh maith le cathair na Gaillimhe féin.

D’fhonn aitheantas a thabhairt do sheantraidisiúin na tíre seo tá an clár bunaithe ar na ceithre séasúr i bhféilire ársa na gCeilteach, Imbolc, Bealtaine, Lughnasa and Samhain.

Deirtear go bhfuil téamaí an chláir – tírdhreach, teanga agus imirce – fite fuaite tríd an chlár ar fad.

Is féidir teacht ar chlár Gaillimh 2020 anseo.

Fág freagra ar '‘Béim ar leith’ ar an nGaeilge le linn Gaillimh 2020'