Beifear ag vótáil in Wisconsin inniu in ainneoin na géarchéime

Cé go bhfuil 16 de réamhthoghcháin eile curtha ar athló mar gheall ar an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí, tá Wisconsin ag leanacht ar aghaidh

Beifear ag vótáil in Wisconsin inniu in ainneoin na géarchéime

Beag beann ar ghéarchéim an víris chorónaigh agus an tubaiste atá in áiteacha sna Stát Aontaithe leanfar ar aghaidh inniu in Wisconsin le réamhthoghchán an Stáit sin.

Cé go bhfuil 16 de réamhthoghcháin eile curtha ar athló mar gheall ar an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí, tá Wisconsin ag leanacht ar aghaidh – go deimhin is cosúil gurb é Wisconsin an t-aon stát ina reáchtálfar toghchán ann an mhí seo.

Tá cúpla cúis go gcaithfidh siad leanacht ar aghaidh leis na toghcháin seo – tá breithiúna, méaraí agus feidhmeannaigh áitiúla go leor le toghadh agus a dtéarma ag tosú ar an 20 Aibreán. Anuas air sin ar fad theastódh ón nGobharnóir Daonlathach tacaíocht a fháil ón Pharlaimint, mar a bhfuil tromlach ag na Poblachtánaigh, dá mbeadh uaidh an réamhthoghchán a chur ar ceal.

Tá an naimhdeas idir an dá pháirtí chomh domhain binbeach agus nach n-éireoidh leis an nGobharnóir a chur ina luí ar pholaiteoirí an toghchán a chur ar athló.

Leanfar ar aghaidh leis an toghchán mar sin agus cé go mb’fhéidir go mbeadh cúrsaí ina bpraiseach, beidh ceachtanna le foghlaim againn.

Beidh go leor deacrachtaí ann an toghchán a reáchtáil cheal oibrithe sna bothanna. Tá na céadta míle duine tar éis iarratas a dhéanamh ar vótáil sa mbaile. Ag Dia amháin atá a fhios cé mhéad de na vótaí sin a bheidh faighte in am agus cén fhad a thógfaidh sé iad a chomhaireamh.

Tá an vótáil phoist ag éirí níos coitianta i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus is tríd na bpost a chaitheann formhór mhuintir California, Montana agus Arizona a nguth agus cuid mhaith freisin in Colorado, Oregon, Washington agus Utah. Tríd an bpost ar fad a chaithfear vótaí Haváí i mbliana.

Tá dúshlán dlí tugtha in aghaidh vótáil phoist in Wisconsin ar an mbunús nach bhfuil clár na dtoghthóirí cruinn agus go bhfuil na mílte duine ar an liosta nach gcaitheann vóta. Ceist mhór a bheidh anseo san olltoghchán níos déanaí sa mbliain má théitear níos faide i dtreo vótáil tríd an bpost.

Tá an rogha sin á moladh sa gcás nach mbeidh an víreas corónach faoi smacht sa bhfómhar.

Is cosúil tar éis an méid sin gur beag difríocht a dhéanfaidh toghchán an lae inniu don toradh náisiúnta.

Bhuaigh Bernie Sanders vóta na nDaonlathach in 2016 in Wisconsin, ach is beag seans atá tugtha dó an geábh seo.

Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhféadfadh Joe Biden a bheith 30 pointe chun cinn ar Sanders inniu. Tá 312 toscaire níos ag Biden ná mar atá ag Sanders go náisiúnta faoi láthair. Is beag cúnamh a thabharfadh 84 toscaire Wisconsin do Sanders leis an mbearna a dhúnadh.

Tá Wisconsin ar cheann de na sé stát chinniúnacha a thug Trump leis ceithre bliana ó shin agus a dheimhnigh an bua dó. Beidh Daonlathaigh ar a míle dícheall an stát seo a thabhairt leo i mbliana.

Tabharfaidh torthaí an réamhthoghcháin inniu léargas dúinn ar a bhfuil ina n-intinn ag an bpobal.

Fág freagra ar 'Beifear ag vótáil in Wisconsin inniu in ainneoin na géarchéime'