Beidh uillleanacha ag obair má theipeann ar FF amárach

Mura n-éireoidh le Fianna Fáil sa bhfothoghchán sa toghcheantar sin amárach, d’fheilfeadh sé do Mhicheál Ó Máirtín súil a choinneáil ar ‘chaon taobh dó ina pháirtí féin.

Micheal Martin. Pictiúr: Photocall Ireland
Micheal Martin, ceannaire Fhianna Fáil. Beidh se faoi bhrú má chailleann Ivor Connaughton sa bhfothoghchán. Pictiúr: Photocall Ireland

B’fhéidir go mbeadh tuilleadh uillinneacha polaitiúla dá dtabhairt ach a mbeidh an comhaireamh déanta ar na vótaí sa bhfothoghchán i Ros Comáin agus Liatrom Theas amárach – an 10 Deireadh Fómhair – agus is i bhFianna Fáil atá an chontúirt is mo.

Tharlódh sé go mbeadh uillinn pholaitiúil ag dul i dtreo cheannaireacht an pháirtí go háirithe mura bhfaigheann Ivan Connaughton suíochán sa bhfothoghchán amárach, de réir foinsí i bhFianna Fáil ar labhair Tuairisc.ie leo.

Mura n-éireoidh le Fianna Fáil sa bhfothogchán sa toghcheantar sin amárach, d’fheilfeadh sé do Mhicheál Ó Máirtín súil a choinneáil ar ‘chaon taobh dó ina pháirtí féin.

Go dtí seo, is idir Fine Gael agus iarrthóir neamhspleach atá na huillinneacha á dtabhairt sa bhfeachtas. Tá a leithscéal gafa go poiblí ag Teachta Dála Fhine Gael, Frankie Feighan faoin eachtra a tharla nuair a tháinig an Taoiseach go Ros Comáin le linn an fheachtais.

Ach, den chuid is mo, tá Enda Kenny slán go maith i Ros Comáin. D’fhéadfadh sé nach é a fhearacht sin é ag Micheál Ó Máirtín, ceannaire Fhianna Fáil.

Chuir na pobalbhreitheanna is déanaí, a d’fhágfadh Fianna Fáil ar 18% den vóta sa chéad olltoghchán eile, múisiam ar go leor sa pháirtí. Léirigh na pobalbhreitheanna céanna go raibh sin Sinn Féin ag teannamh go suntasach chun cinn orthu. Dá mairfeadh na céadatáin mórán mar sin, bheadh an baol ann
d’Fhianna Fáil gur dóibhsean a bheadh Sinn Féin ag tabhairt cuireadh isteach mar pháirtí mionlaigh sa gcéad rialtas eile.
Ach is iad na vótaí i Ros Comáin/Liatrom Theas inniu an gad is gaire don scórnach acu.

Fiú agus má thugann Ivan Connaughton vóta maith leis an gcéad chomhaireamh – bhí os cionn 4,000 aige san olltoghchán deireanach – beidh sé deacair aige vótaí dara rogha agus tríú rogha a thabhairt leis. Bheadh aistrithe ó iarrthóir Shinn Féin, Martin Kenny, ar an seans is fearr a bheadh aige.

Tá fear Shinn Féin lonnaithe i ndeisceart Liatroma agus é faoi mhíbhuntáiste ó taobh na tíreolaíochta de.
Ina dhiaidh sin féin, tá fuadar faoi Shinn Féin faoi láthair agus ní féidir é a chur as an gcomhaireamh.

Sa gcás go bhfanfadh Kenny san iomaíocht, bheadh bratach Fhianna Fáil ag ísliú agus ‘chuile sheans go mbeidh roinnt ar vótaí anonn agus anall idir iarrthóirí ar nós Michael Fitzmaurice (fear na móna) agus riar eile iarrthóirí neamhspléacha.

Caithfidh Ivan Connaughton vóta an-láidir a fháil ar an gcéad chomhaireamh nó titfidh Fianna Fáil i Ros Comáin/Liatrom Theas arís. D’fhéadfadh go leor uillinneacha a bheith ag obair sa bpáirtí má tharlaíonn sin.