Beidh tionchar na n-ionadaithe cinniúnach sa chéad chaibidil eile de scéal Átha Cliath agus Mhaigh Eo

Babhtaí Ceathrú Ceannais Peile na hÉireann Táthar ag súil go mbeidh lán an tí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus an dá chluiche ceathrú ceannais eile i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann le n-imirt ar Bhóthar Mhic Sheoin inniu. Tiocfaidh na sluaite anuas as Doire agus aníos as Corcaigh don chluiche idir na foirne sin […]

Beidh tionchar na n-ionadaithe cinniúnach sa chéad chaibidil eile de scéal Átha Cliath agus Mhaigh Eo

Babhtaí Ceathrú Ceannais Peile na hÉireann

Doire v Corcaigh – Páirc an Chrócaigh, 1.45in (Beo ar RTÉ)
Áth Cliath v Maigh Eo – Páirc an Chrócaigh, 4.00in (Beo ar RTÉ)

Táthar ag súil go mbeidh lán an tí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus an dá chluiche ceathrú ceannais eile i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann le n-imirt ar Bhóthar Mhic Sheoin inniu.

Tiocfaidh na sluaite anuas as Doire agus aníos as Corcaigh don chluiche idir na foirne sin níos túisce tráthnóna ach níl aon amhras ach gurb í an chéad chaibidil eile sa choimhlint idir Maigh Eo agus Áth Cliath cluiche mór an lae.

Deich gcluiche atá imeartha ag na foirne seo in aghaidh a chéile sa chraobh le haon bhliain déag anuas agus cuid de na cluichí is fearr a chonacthas le blianta fada ina measc. Cé go bhfuil cuid de na himreoirí a bhí lárnach sna coimhlintí sin – Diarmuid Connolly, Lee Keegan, Keith Higgins, Philly McMahon agus tuilleadh – imithe ar shiúl, tá neart acu fós timpeall chun leanúint leis an naimhdeas idir na foirne.

Cé gur éirigh le hÁth Cliath an bua a fháil sna coimhlintí roimhe seo, sé cinn buaite acu i gcomparáid le péire ag Maigh Eo, beidh na Connachtaigh ag dul isteach go dtí an cluiche seo agus iad muiníneach go maith tar éis dóibh seanchairde eile, Gaillimh, a dhíbirt ón gcraobh ar a bhfód féin an deireadh seachtaine seo caite.

Ar an taobh eile, tá muid fós ag fanacht go dtiocfaidh anam in Áth Cliath. Nuair a d’fhill Paul Mannion, Jack McCaffrey agus Stephen Cluxton ar an bhfoireann i rith an earraigh, measadh go bhfeicfí cuid de sheanmhianach Átha Cliath ach ní hamhlaidh a tharla. Fuarthas spléachadh air i gcluiche ceannais Roinn 2 na sraithe in aghaidh Dhoire agus arís i gcluiche ceannais Laighean in aghaidh Lú ach, cé gur thug siad greadadh ceart do Shligeach sa chluiche deireanach a bhí acu, ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó le feiceáil ó fhoireann seo Átha Cliath.

Beidh Dessie Farrell ag súil go bhfeicfear sin inniu, go háirithe agus an dream atá ina gcoinne. Tá cuma láidir ar fhoireann na príomhchathrach do chluiche an lae inniu agus ceann de na dúshláin is tábhachtaí a bheidh roimh Mhaigh Eo ná Con O’Callaghan a choinneáil ciúin. Cé nach raibh Damien Comer ach ar leathchois i Staid an Phiarsaigh an deireadh seachtaine seo caite, chruthaigh sé neart deacrachtaí do David McBrien fad a bhí sé ar an bpáirc agus tá na buanna uile atá ag Comer – neart, luas, cruinneas – ag O’Callaghan, agus tuilleadh ina dteannta.

Rinne an t-ógánach Sam Callinan an-jab ag marcáil Shane Walsh an tseachtain seo caite chomh maith ach d’fhéadfadh sé a bheith ag marcáil fear inniu, Colm Basquel, atá ag imirt i bhfad níos fearr ná mar a bhí an Breathnach i mbliana.

Beidh Maigh Eo ag iarraidh fadhbanna a chruthú d’Áth Cliath ar an taobh eile den pháirc, agus na himreoirí acu chun é sin a dhéanamh. Scóráil Tommy Conroy dhá phointe Dé Domhnaigh seo caite agus chuir sé cosaint na Gaillimhe trína chéile nach mór chuile uair a bhfuair sé seilbh ar an liathróid. Caithfidh Ryan O’Donoghue cluiche maith a bheith aige más le Maigh Eo an ceann seo a bhuachan ach más leo buachan inniu, beidh foireann Kevin McStay ag brath go mór ar na fir atá ansin leis na blianta – Aidan O’Shea, Paddy Durcan, Stephen Coen agus Diarmuid O’Connor. Bhí O’Connor iontach ar fad in aghaidh na Gaillimhe i mBóthar na Trá agus is minic leis an beart a dhéanamh do Mhaigh Eo nuair a thagann an crú ar an tairne.

Beidh tionchar na n-ionadaithe tábhachtach, mar a bhíonn i gcónaí, agus cuma láidir arís ar bhinse Átha Cliath. Tá David Byrne, Cormac Costello, Paul Mannion, Eoin Murchan agus Dean Rock uile ainmnithe ar an mbinse agus, mar a tharla i gcuid mhaith de na cluichí idir na foirne seo roimhe seo, d’fhéadfaidís sin a bheith cinniúnach sa deireadh.

Steven Sherlock. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Ní droch-chluiche é an ceann idir Corcaigh agus Doire chun an goile a ghéarú. Tar éis dóibh babhtaí leathcheannais na hÉireann a bhaint amach anuraidh agus Craobh Uladh a bhuachan arís i mbliana, níl aon amhras ach gurb í foireann Dhoire rogha na coitiantachta don cheann seo ach seans nach bhfuil aon dream fágtha sa chomórtas a bhfuil dul chun cinn níos mó déanta acu le cúpla mí anuas ná mar atá déanta ag Corcaigh.

Bhí an bua in aghaidh Ros Comáin an tseachtain seo caite an-tábhachtach, ní hamháin chun an cluiche seo a bhaint amach, ach chun an dea-obair atá déanta ag na Corcaígh sa chraobh a dhaingniú. Tá teacht aniar sa bhfoireann anois nach raibh inti bliain ó shin agus deis acu go fóill céim eile a bhaint amach.

Tá Rory Maguire, Mattie Taylor, Ian Maguire, Killian O’Hanlon, Seán Powter agus Brian O’Driscoll ar na himreoirí sin atá ag brú Chorcaí ar aghaidh agus údar suntais gur éirigh leo Ros Comáin a chloí d’uireasa Brian Hurley ach, agus an tosach ainmnithe ar an mbinse inniu, ba mhór an cuidiú a bheadh ann dá mbeadh sé in ann dul chun páirce am ar bith agus roinnt scóranna a fháil.

Tá Chrissy McKaigue ar ais ar fhoireann Dhoire tar éis dó bheith ar iarraidh don chluiche in aghaidh an Chláir agus beidh sé ag teastáil sa líne lánchúil. Cé gur thug Doire leo Corn Anglo-Celt agus gur chríochnaigh siad ar bharr a ngrúpa, tá an chosúlacht fós air nach bhfuil barr a maitheasa bainte amach ag an bhfoireann agus taispeántas láidir ag teastáil uathu dá bharr. Má éiríonn go maith le leithéidí Shane McGuigan, Conor Glass agus Brendan Rogers, beidh an lá le Doire ach teastaíonn feabhas agus tá an deis sin acu inniu.

Fág freagra ar 'Beidh tionchar na n-ionadaithe cinniúnach sa chéad chaibidil eile de scéal Átha Cliath agus Mhaigh Eo'