Ní léir faoi láthair ach contúirt amháin eile a bheidh ar comhchéim leis an mBreatimeacht tar éis an olltoghcháin, contúirt a bheidh soiléir agus doiléir ag an am céanna.
Tá saol agus geilleagar na Síne faoi anáil an choróinvíris atá ag leathadh de réir a chéile ar fud an domhain. Cuireann ráig dá leithéid gach rialtas faoi bhrú sula léirítear an dainséar agus na beartais a theastaíonn chun déileáil leis, agus de réir mar a théann an dainséar i dtreise.
Ní foláir do gach rialtas ullmhú roimh ré, faoi mar a dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) Déardaoin agus éigeandáil dhomhanda á fógairt acu. Ach ní féidir an chontúirt ná na beartais a theastaíonn a thomhas go cruinn fiú nuair a shroicheann an víreas tír atá i bhfad ó fhoinse na heipidéime.
Idir an dá linn, taispeánann géarchéim an choróinvíris, arís eile, nach féidir gach contúirt a thuar ná a mheas sula mbaineann sé croitheadh gan choinne as rialtais. Ní hamháin maidir lena tionchar ar shláinte an phobail ach ar gach gné den tsaol.
Ní hionann agus an coróinvíreas, tá gné amháin den Bhreatimeacht ar a laghad lánsoiléir anois. Tá sé curtha i gcrích ó oíche Dé hAoine. Níl aon amhras ann níos mó faoin dáta imeachta. Ní mholfar athmhachnamh a thuilleadh, ná deis eile a thabhairt don phobal thall vótáil arís ar an gcinneadh a rinneadar i reifreann 2016.
Agus tionchar an Bhreatimeachta abhus á phlé, is fiú cuimhneamh ar an ngeallúint a d’iarr an Taoiseach Enda Kenny go gairid tar éis an reifrinn agus a thoiligh ceannairí an AE a thabhairt – is é sin go bhfáilteofaí gan choinníoll roimh an Tuaisceart mar chuid den AE tar éis athaontú na tíre.
Faraor, ainneoin deireadh gan dabht a bheith curtha le ballraíocht na Breataine san Aontas Eorpach, níl aon chinnteacht ann fós maidir leis an gcaidreamh a bheas ann amach anseo. Go deimhin, ní féidir a bheith cinnte fiú amháin go mbeidh an Ríocht Aontaithe aontaithe ar feadh i bhfad eile, tar éis do mhóramh i Sasana muintir na hAlban agus Thuaisceart Éireann a tharraingt amach as an AE in aghaidh a dtola.
Tá súil ag Fine Gael agus ag an rialtas go gcuimhneoidh vótóirí agus rogha á déanamh acu idir seo agus an Satharn seo chugainn ar an gcontúirt a bhaineann fós leis an mBreatimeacht, agus ar an ardsaothar a rinne Leo Varadkar, Simon Coveney agus Helen McEntee.
Is deacair a ndóchas a thuiscint. Glacann ár bhformhór leis go rachaidh gach rialtas i ngleic go héifeachtach le géarchéim mhór ar bith, le cabhair na státseirbhíse agus le lántacaíocht an fhreasúra. Mar a tharla i gcás an Bhreatimeachta go dtí seo, agus mar a tharlóidh tar éis an olltoghcháin, cibé páirtí a bheas i mbun rialtais.
Is cur amú ama é mar sin a bheith ag iarraidh a chur ina luí ar an bpobal (a) gur chóir buíochas a ghabháil leis an rialtas as a ndearna siad nó (b) nach mbeadh rialtas ar bith eile ábalta cúrsaí Breatimeachta a láimhseáil ar an ardchaighdeán céanna.
Níl ach cúis dóchais amháin ag Fine Gael mar sin maidir leis an mBreatimeacht. Níl aon amhras ann ach go mbeidh éiginnteacht mhór ag baint leis an bplé ar an gcaidreamh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach idir seo agus deireadh na bliana, ar a laghad.
Má ghlacann sciar suntasach den phobal le cás Fhine Gael go bhfuil an chontúirt chomh mór sin nár chóir Fianna Fáil a chur i mbun rialtais arís, mar gheall ar an dochar a rinneadar breis agus deich mbliana ó shin, b’fhéidir go rachadh an páirtí chun cinn ar a bpríomhnaimhde.
Níl ann ach caolseans áfach go mbeidh rath ar chur chuige dá leithéid. Is leor na focail thuas‘breis agus deich mbliana ó shin’mar rabhadh don pháirtí más é sin atá siad ag súil leis. Ar fhadhbanna reatha agus ar an am atá le teacht atá formhór na dtoghthóirí a dhéanfaidh rogha Dé Sathairn seo chugainn ag smaoineamh.
Fág freagra ar 'Beidh thiar ar Fhine Gael má siad ag brath ar bhuíochas an phobail faoin mBreatimeacht'