‘Beidh siad ann ar feadh píosa’ – portráidí portaigh déanta ag ealaíontóir as Inis Mór

Beidh oilithreacht de chineál le déanamh ag an té atá ag iarraidh radharc a fháil ar an saothar a chruthaigh an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta, as Inis Mór

‘Beidh siad ann ar feadh píosa’ – portráidí portaigh déanta ag ealaíontóir as Inis Mór

In Aibreán na bliana 1970, tosaíodh ar charraigeacha agus ar chréafóg a chartadh agus a  tharraingt ar bhruacha an Great Salt Lake in Utah i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus struchtúr a raibh cruth bíseach air a thógáil ag gobadh amach sa loch. Ní innealtóir a bhí ag stiúradh na tógála, áfach, ach an t-ealaíontóir Robert Smithson agus nuair a bhí an obair uilig críochnaithe bhí ceann de na samplaí is cáiliúla den chineál ealaíne ar a dtugtar ealaín thalúnta (land art) cruthaithe aige. 

B’in an Spiral Jetty, atá ann i gcónaí in ainneoin an creimeadh agus an dochar atá déanta ag salann agus uisce an locha. Ní mór duit tiomáint ar feadh dhá uair an chloig ó Salt Lake City más mian leat an Spiral Jetty a fheiceáil – oilithreacht de chineál atá i gceist, mar a deirtear i scannán faoin saothar atá ar fáil ar YouTube.

Beidh oilithreacht de chineál le déanamh freisin ag an té atá ag iarraidh radharc a fháil ar an saothar a chruthaigh an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta, as Inis Mór, sa bportach i Ros Muc, a dúradh le linn plé a rinneadh faoin saothar sin ar líne le gairid. Le sleánta agus le hinnealra beag a rinneadh na híomhánna de bheirt de mhuintir an cheantair sin – Bridget Aylward (nó Bríd Ní Mhainnín roimh phósadh di) agus an damhsóir Cóilín Sheáin Dharach Seoige – ar a tugtar Portráidí Criathraigh. Tá Portráidí Criathraigh ina gcuid de Thuras Chonamara, togra ealaíne agus oidhreachta faoi stiúir Ríonach Ní Néill, atá mar chuid de chlár Gaillimh 2020. 

Dream a bhí i ndiaidh breathnú ar an gcéad léiriú riamh de ghearrscannán thar a bheith spéisiúil a rinne Ríonach Ní Néill agus Joe Lee faoin togra, a bhí ag plé an tsaothair. Beidh an gearrscannán sin á thaispeáint ar TG4 Dé hAoine beag seo, Aoine an Chéasta. 

Sa scannán sin tugtar léargas ar an mbeirt as an áit a bhfuil a n-íomhánna gearrtha sa gcriathrach agus faoin gcaoi ar tugadh faoin saothar ealaíne a chruthú.

Rugadh Bríd Ní Mhainnín i Ros Muc in 1865 agus chuaigh sí ar deoraíocht go Meiriceá agus í ina bean óg. Ba ón mianadóireacht óir sa 

Yukon a rinne sí féin agus a fear céile, Edward Aylward, a saibhreas. Baisteadh an teideal Banríon Alaska uirthi i Meiriceá mar aitheantas ar a gnaíúlacht agus ar an méid a bhain sí amach. D’fhill sí ar Ros Muc i 1948, áit ar bhásaigh sí i 1958. D’fhág Bridget Aylward a cuid airgid i bhfondúireacht le hoideachas a chur ar fáil do ghasúir an cheantair, oidhreacht a bhfuil tairbhe fós á baint as ag daoine óga Ros Muc.

Sa scannán, roinneann Máire Ní Mháille ón bhfondúireacht, Bridie Uí Chonámha ó Leabharlann Bhridget Aylward i gColáiste na bPiarsach agus Colm Ó Mainnín, duine muinteartha leis an mbanríon, a gcuid eolais fúithi. 

Agus í ag labhairt faoi Chóilín Sheáin Dharach Seoige sa scannán, deir an damhsóir Róisín Ní Mhainnín go raibh stíl shimplí nádúrtha damhsa aige. Ba é a spreag í féin chun tabhairt faoin damhsa ar an sean-nós an chéad lá riamh. Chuir an Seoigeach a chroí agus a anam sa damhsa, dar le Colm Ó Mainnín. Bhí Cóilín Sheáin Dharach sna caogaidí nuair a chuir sé tús lena shaol mar dhamhsóir agus lean sé leis agus é sna seascaidí agus sna seachtóidí. Ba mhinic é páirteach in imeachtaí ar fud Chonamara agus bhíodh pictiúr dhe i mbun steip in úsáid mar shiombail ag Pléaráca Chonamara.

Stionsail a gearradh as cláir shraithadhmaid a úsáideadh leis na híomhánna a chruthú ó ghrianghraif agus ba le cabhair ó dhaoine ón gceantar a gearradh na portráidí sa bportach, a deir Seán Ó Flaitheara.  

Cé go bhfuil sí oilte agus ag obair mar ealaíontóir/ cóiréagrafaí le breis is scór bliain is mar thíreolaí a bhain Ríonach Ní Néill amach cáilíocht ar dtús agus, dá bharr, cuireann sí spéis faoi leith sa tírdhreach. Ba í a choimisiúnaigh Seán Ó Flaithearta le saothar a chruthú mar chuid de shraith saothar ealaíne amuigh faoin spéir. Beidh saothar nua leis an ngrianghrafadóir Paul Kinsella á chur leis an tsraith sin go luath.

Tá Seán Ó Flaithearta i mbun a cheirde le blianta go leor agus taispeántais dá chuid ealaíne feicthe in ndánlanna sa tír seo agus thar lear ó lár na 1980idí i leith. Ba eisean a chuimhnigh ar íomhánna a ghearradh sa gcriathrach. Thug muintir Ros Muc an-chabhair leis an togra ó thús go deireadh, a dúirt an bheirt.

Deir an Flaitheartach go n-athraíonn an chuma atá ar an dá phictiúr de shíor, ag brath ar an méid solais, ar an am den lá agus ar leibhéal an uisce. D’fhéadfadh nach mbeadh feiceáil ar bith orthu laethanta áirithe. B’amhlaidh an cás ag an Spiral Jetty in Utah mar nach raibh feiceáil ar bith  uirthi ar feadh roinnt blianta toisc gur ardaigh leibhéal an uisce sa loch.

Ní go héasca a aimseoidh an duine  nach bhfuil eolas na háite aige na portráidí criathraigh i Ros Muc. Le linn an phlé a rinneadh ar líne, ardaíodh ceist spéisiúil faoinar chóir go mbeadh fáil níos éasca ag cuairteoirí ar an saothar. Dúirt Ríonach Ní Néill go mb’fhearr léi féin nach dtógfaí bealach faoi leith  go dtí an suíomh ná go gcuirfí comharthaí eolais in airde. Bíonn teannas ann i gcónaí, a dúirt sí, idir áit a chaomhnú agus an fonn a bhíonn ar dhaoine cuairt a thabhairt ar an áit sin.

“Tá daoine ag saothrú an phortaigh seo fós,” a dúirt Seán Ó Flaithearta. Bíonn móin á baint cúpla slat ó na pictiúir, a dúirt sé.

Nuair a rinneadh an chéad cheann de na portráidí breis is bliain ó shin, bhí imní ar an ealaíontóir Seán Ó Flaithearta nach mairfeadh siad ar feadh coicíse. Anois ceapann sé go mbeidh siad ann “ar feadh píosa”. Ach an oiread leis an Spiral Jetty, d’fhéadfadh go mbeidh siad ann ar feadh tamall fada.

– Taispeánfar an gearrscannán Portráidí Criathraigh ar TG4 Aoine an Chéasta (2 Aibreán) ag 7.15pm

Fág freagra ar '‘Beidh siad ann ar feadh píosa’ – portráidí portaigh déanta ag ealaíontóir as Inis Mór'