Beidh ‘Sean South’ á rá go bríomhar agus go minic cois Sionainn anocht

JOHN ALLEN: Agus aghaidh á tabhairt acu ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais faoi 21 na hÉireann tráthnóna, is mó go mór an taithí atá ag Luimneach agus is acu atá na cluichí is déine imeartha

Beidh ‘Sean South’ á rá go bríomhar agus go minic cois Sionainn anocht

An deireadh seachtaine seo ar Dhurlas atá ár dtriall do chluiche ceannais faoi 21 na hiomána . Luimneach agus Cill Chainnigh a bheidh ann san iomaíocht, mar a bhí trí bliana ó shin i gcluiche ceannais na mionúr agus, dar ndóigh, ba iad na Cait a thug abhaile an corn an lá fómhair sin.

Tá sé suimiúil féachaint ar chlár an cluiche sin trí bliana ó shin mar taispeánann sé go bhfuil níos lú ná leath den fhoireann bhuacach sin ar an gcéad cúigear déag um thráthnóna. Maidir le Luimneach, tá seisear a thosnaigh an cluiche sin nach bhfuil ag tosnú inniu.

Bhí an-dóchas i Luimneach roimh an gcluiche ceannais sin agus chreid siad go láidir go raibh grúpa imreoirí speisialta acu. Ach theip glan orthu ar fud na páirce ar an lá. Nó an é go raibh Cill Chainnigh níos fearr nó nach raibh leaideanna Luimnigh ullamh don ócáid ?

Bliain ina dhiaidh sin tháinig foireann faoi fiche haon Luimnigh aniar aduaidh orainn go léir. Chuaigh siad ó neart go neart i ngach cluiche an bhliain sin agus thugadar leo an chraobh. Thosnaigh seisear de mionúir 2014 ar an bhfoireann sin agus tháinig beirt eile isteach mar ionadaithe.

Tá an t-ochtar sin mar chroílár na foirne anois. Is mór an éacht é d’aon imreoir bheith ar fhoireann idirchontae ar feadh trí bliana, ach tá sé déanta ag Seán Finn, Colin Ryan , Barry Nash, Cian Lync, Tom Morrissey, Ronan Lynch, Peter Casey agus Andrew La Touche -Cosgrave agus boinn buaite acu ar fad.

Mar sin tá siad ag dul isteach sa chraobh seo inniu mar rogha na n-údar bunaithe ar na fíricí  agus toisc cuid maith imreoirí ar ardchaighdeán a bheith acu, ochtar díobh a bhfuil boinn uile-Éireann cheana sa ghrád  seo acu. Bhí cluiche leathcheannais dian acu i gcoinne an Ghaillimh agus feachtas crua curtha isteach acu.

Maidir le Chill Chainnigh, bhuel, ní cuireadh aon tástáil in aon chor sa chluiche leathcheannais agus bearna de 52 cúilín idir iad féin agus Doire, 8-35 in aghaidh 0-7.

Ní cuireadh mórán tástála orthu i gcraobh an chúige ach oiread agus bua 13 cúilín acu ar Loch Garman . Fág an slad a rinneadar ar Dhoire, agus níl ach cúl amháin amháin eile aimsithe i gcraobh na bliana seo acu. Cuimhnigh freisin gur bhuaigh an an Iarmhí orthu anuraidh agus laoch na n-ocht mbonn sinsir Eddie Brennan ag cur tús tubaisteach lena ré mar bhainisteoir idirchontae .

Is dócha go bhfuil pictiúr réasúnta duairc agam de na Cait agus dar ndóigh ní féidir na fíricí a shéanadh. Ach seo Cill Chainnigh agus is iomaí cath atá buaite ag an gcontae nuair nár tugadh mórán seans dóibh . Sann agallamh a rinne TG4 le Eddie Brennan thaibhseofaí duit gur bainisteoir é atá macánta agus paiseanta . Sna cluichí i mbliana léirigh sé freisin gur féidir leis a bheith dian agus nach bhfuil aon eagla air roimh cinntí móra a dhéanamh agus imreoirí sinsearacha a thógaint den pháirc mura bhfuil an t-aicsean á dhéanamh acu.

Ach is mó go mór an taithí atá ag Luimneach agus is acu atá na cluichí is déine imeartha, cé nach rabhadar go hiontach i gcluiche ceannais na Mumhan i gcoinne Chorcaigh.

Bheinn ag ceapadh go bhfuil siad níos fearr ná Cill Chainnigh bunaithe ar an méid atá feicthe agamsa i mbliana agus go mbeidh ‘Sean South’ á rá go bríomhar agus  go minic cois Sionainn anocht.

Fág freagra ar 'Beidh ‘Sean South’ á rá go bríomhar agus go minic cois Sionainn anocht'