‘Beidh sé go deas a bheith ag breathnú ar Ghaillimh ag buachan an dara ceann as a chéile ☺’ – súil chun cinn ar 2018 le Cormac Ó hEadhra

Sa tsraith seo féachann Tuairisc.ie chun cinn ar 2018 i dteanna daoine aitheanta. An babhta seo is é láithreoir gradamúil ‘Cormac ag a Cúig’ atá linn...

‘Beidh sé go deas a bheith ag breathnú ar Ghaillimh ag buachan an dara ceann as a chéile ☺’ – súil chun cinn ar 2018 le Cormac Ó hEadhra

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2018?

Tá.  Troid in aghaidh Floyd Money Mayweather.  Ní raibh mé riamh ag dornálaíocht roimhe seo, ach is cuma.  Buailfidh mé an cac as.  Agus ansin scríobhfaidh Rónán Mac Con Iomaire leabhar faoi mo chuid éachtaí.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2018?

A bheith ag spochadh as Conchubhar Ó Liatháin AKA igaeilge ar Cormac ag a Cúig ar RnaG.  Nó b’fhéidir a bheith ag argóint…eh, ag díospóireacht atá i gceist agam…leis na daoine éagsúla a bhíonn ar Phainéal an Luain ar an gclár.  Nó má bhíonn toghchán ann, go gcrochfainn mo chuid póstaer féin.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2018?

Focail seachas gníomh ar cheist na Gaeltachta!

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2018?

Cluiche ceannais iomána na hÉireann.  Beidh sé go deas a bheith ag breathnú ar Ghaillimh ag buachan an dara ceann as a chéile

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2018?

Go pearsanta, is cosúil dom gur in óige atá mé ag dul ó bhliain go bliain. Go hidirnáisiúnta, agus géarchéimeanna éagsúla ag fiuchadh, go bhfuil ceannairí stuama, cumasacha, láidre in oifigí móra an domhain……Teach Bán, Uimhir 10 agus i mBeirlín.   Ó…

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2018?

Féach freagra a haon. Fócas iomlán.  Ní bheidh seans ag ‘Aimsir na Bealtaine’.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2018, céard a d’athrófá?

Éagothromaíocht, go mbeadh, a bheag nó a mhór, deiseanna ar dhul chun cinn ag daoine, mar ba chóir I bPoblacht.  Dá mbeadh muid dáiríre faoi sin, mar phobal, réiteofaí go leor de na fadhbanna.

Seachas sin, athbheochan mhillteanach ar an nGaeilge!

Fág freagra ar '‘Beidh sé go deas a bheith ag breathnú ar Ghaillimh ag buachan an dara ceann as a chéile ☺’ – súil chun cinn ar 2018 le Cormac Ó hEadhra'

  • Breathnóir

    Maith thú, a Chormaic. Tá mise ag dúil le bheith ag éisteacht le Cormac ag a Cúig arís i 2018, an-chlár go deo! Beagnach chomh maith le Rónán Beo @3 ?

  • Seán de Paor

    A mhuise lean ar do cheann cipin! Bainigi spraoi as an gcorn sin ata ar deoraiocht sna bolai fiaine sceirdiula sin thiar fhad ata si idir la’ agaibh. Beidh si ag filleadh ar a baile duchais sna machairi meithe uaisle i gC.C. mean an fhomhair seo chugainn gan aon amhras. Op de Cats!

  • Seán de Paor

    I mbabhta a cuig a thrinsealfaidh tu Money Mayweather? .i. Cormac ag a Cuig?

  • Cormaco

    Breathnóir – tá mé sásta RónánBeo a throid sa Ghrianlann nó i Halla Éinne ar an gCeathrú Rua go bhfeicfidh muid cén clár is fearr :)

    A Sheáin – b’fhéidir níos túisce ná an cúigiú babhta, mar beidh orm an clár a dhéanamh tar éis na troda….

    Agus, tá ré CC thart :)