Beidh sé deacair na Déise a bhualadh arís i mbliana

I gcás gach cluiche atá á imirt i Roinn 1A na sraithe an deireadh seachtaine seo beidh aghaidh á tabhairt ag foireann a chaill an tseachtain seo caite ar fhoireann ar éirigh leo an bua a fháil an tseachtain seo caite

Bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Leanfar leis an tSraith Allianz an deireadh seachtaine seo agus an dara babhta cluichí ar siúl. Gach bliain bíonn an-trua agam do na himreoirí óga atá ag iarraidh an dá thrá a fhreastal an t-am seo bliana. Tá cuid mhaith des na himreoirí a bheidh ag caitheamh gheansaí an chontae anocht agus amárach ag freastal ar na coláistí tríú leibhéal agus ag glacadh páirte sna comórtais thábhachtacha a bhíonn á n-imirt i rith na seachtaine sa drochaimsir.

Cuir san áireamh an taisteal agus an traenáil agus tuigfidh tú nach bhfuil mórán ama ag na himreoirí staidéar a dhéanamh nó saol pearsanta a bheith acu. 

Ach tá an rogha sin déanta acu agus tábhacht ag baint leis na cluichí go léir an deireadh seachtaine seo. Dar ndóigh, bhuaigh gach foireann a bhí ag imirt ag baile sa chéad bhabhta agus tá na foirne buacacha sin ag tabhairt aghaidhe anois ar fhoirne a chaill a gcluichí sa chéad bhabhta. Níl ach cúig chluiche á n-imirt ag na foirne, agus aon fhoireann nár thug an bua léi an tseachtain seo agus a chailleann arís don dara huair an deireadh seachtaine seo beidh bóthar anacair amach roimpi.

Tá fir na nDéise ag teacht chuig Páirc Uí Rinn anocht agus iad lán de mhuinín i ndiaidh sárthaispeántais i gcoinne Chill Chainnigh . Tá fhios agam go bhfuil sé luath sa bhliain ach i bhfianaise an taispeántais sin, beidh sé deacair an ceann is fearr a fháil orthu arís i mbliana. Cinnte, bhí stíl chosantach i bhfeidhm arís acu sa chéad chluiche sin, ach d’fhágadar beirt nó triúr chun tosaigh an t-am ar fad. Is maith sin.

Bhí Corcaigh leamh go leor ina gcéad chluiche siúd. Níor mhór dóibh a bheith i bhfad níos fearr anocht. Anuraidh, bhuaigh na Déise orthu faoi dhó agus ní dóigh liom go mbeidh aon fhaitíos orthu agus iad ag dul chun páirce i gCorcaigh. 

Tugann Baile Átha Cliath agus an Ghaillimh aghaidh ar a chéile i bPáirc Pharnell agus an brú go léir ar fhir na príomhchathrach. Bhíodar go hainnis i gcoinne Thiobraid Árann Dé Sathairn seo caite. É sin ráite, bhíodar gann ar cúpla imreoir tábhachtach agus níl neart a dhóthain sa phainéal gan na himreoirí sin.

Dar ndóigh, an fhadhb is mó atá ag Baile Átha Cliath ná go dtéann an chuid is mó de na himreoirí a imríonn idir pheil agus iomáint i dtreo na peile i ndiaidh ghrád na mionúr.

Pé scéal é, rachaidh siad chun páirce anocht i gcoinne fhoireann na Gaillimhe atá faoi stiúir an bhainisteora nua Micheal Donoghue agus dhá phointe ag teastáil go géar uathu. Déarfainn go mbeidh teannas sa chluiche seo go háirithe i ndiaidh an scliúchais a bhí eatarthu thall i Páirc Fenway i mBostún roimh Nollaig. 

Léirigh Tiobraid Árann seachtain ó shin go bhfuil painéal láidir acu agus go bhfuil dóthain cumais iontu le bheith san iomaíocht i mí Mheán Fómhair. Ach, mar a dúirt mé, tá sé luath fós do chaint mar sin agus beidh níos mó eolais againn fúthu i ndiaidh chluiche an Domhnaigh i gcoinne na gCat i bPáirc Uí Nualláin.

Bhí Cill Chainnigh féin níos laige mar a bhíonn de ghnáth Dé Domhnaigh seo caite nó b’fhéidir gur cirte a rá go raibh na Déisigh níos fearr ná iad ar fud na páirce. Beidh na pointí luachmhara ag teastáil uathu amárach chun fanacht glan ar ‘an zón dearg’ sin ag bun an tábla.

Má bhuann na foirne atá ag imirt ag baile arís, ní choimeádfaidh sin mórán dé sa chomórtas. Ach cé a déarfadh nach dtarlóidh a leithéid?

Fág freagra ar 'Beidh sé deacair na Déise a bhualadh arís i mbliana'