Beidh Páirc na nGael ina Colasaem ceart

Níl faic idir na foirne a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais Chúige Mumhan ná i gcluiche ceannais Chúige Laighean

Beidh Páirc na nGael ina Colasaem ceart

Comhghairdeachas le mionúir an Chláir agus foireann faoi-20 Chorcaí a chroch leo na coirn seachtain ó shin.

Seo dea-scéal don dá chontae a thosaigh amach ar chóras forbartha nua-aimseartha cúpla bliain ó shin. Dar ndóigh, rinne Uíbh Fhailí an rud céanna agus ní fada go mbeidh lá mór acusan freisin.

Mar is eol do chách a leanann spórt ársa na hiomána bhí comórtas ciorclach, nó round robin, na hiomána sinsearaí go hiontach i mbliana agus an comórtas fós beo go dtí an fhead deiridh sa chluiche deiridh.

Go dtí an pointe sin ní rabhamar cinnte cé a bheadh i gcoinne chontae an Chláir i gcluiche ceannais na Mumhan agus cé a bheadh sa tríú háit nó cé a bheadh dícháilithe i gcúige Laighean. Dar ndóigh, tá a fhios againn anois, agus amárach, i gcúige Mumhan beidh staid TUS Luimneach lán go doras do chluiche ceannais na Mumhan 2023, athimirt ar chluiche ceannais 2022 a bhí ina eipic ó thús deiridh. Cé a dhéanfaidh dearmad ar na hocht bpointe ón imirt a fuair Séamus Flanagan ná an cúilín fíordhéanach ó Declan Hannon a chuir Luimneach ar ais chun tosaigh ná an cúilín inspioráideach ó Tony Kelly ón taobhlíne ina dhiaidh sin a thug an cluiche go dtí am breise.

Cé a dhéanfaidh dearmad freisin ar an eipic eile a bhí eatarthu cúpla seachtain ó shin, an méid is lú eatarthu ag lán ama agus an Clár chun tosaigh an uair sin?

Beidh Páirc na nGael ina Colasaem ceart arís amárach agus an dá chontae, gan faic eatarthu, mheasfá, ag tabhairt faoina chéile arís.

Mar sin féin tá mórán eatarthu ó thaobh an méid atá buaite acu i ‘ré nua Luimnigh’.

Ó 2018 tá ceithre chraobh na hÉireann, ceithre chraobh cúige agus trí cinn de shraitheanna buaite ag Luimneach. Faraor, níl faic buaite ag an gClár cé go bhfuil cúpla ardtaispeántas tugtha acu. An fhadhb ná nach bhfuil dóthain ardtaispeántas tugtha i ndiaidh a chéile acu.

Tá seans maith go mbuafaidh siad an cluiche seo amárach ach tá an seans céanna ann gur ag Luimneach a bheidh an bua.

Ní aon dabht ach go bhfuil an paca ag breith suas ar chaighdeán Luimnigh. Tá an bhearna idir na seaimpíní agus cúpla contae eile laghdaithe. D’fhéadfainn a rá, fiú go bhfuil an t-ádh ar Luimneach a bheith fós sa chomórtas. Ach tá siad ann agus beidh siad fós ann oíche amárach, buacach nó caillteach.

Tá siad láidir go leor mar rogha na coitiantachta freisin. Ceapaim go bhfuil an Clár níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh agus níos láidre ó tharla Aidan McCarthy a bheith i mbarr a shláinte. Ach braithfidh siad uathu a lánchúlaí láidir cumasach, Conor Cleary. Tá sé thar a bheith deacair a dhéanamh amach cé a bhuafaidh an cluiche seo.  An imirt féin a neosfaidh dúinn, is dócha.

Agus ansin nuair a bheidh an tsiamsaíocht thart i Luimneach beidh a thuilleadh siamsaíochta againn i gceanncheathrú CLG agus an Ghaillimh agus Cill Chainnigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile do chorn Bob O’Keefe. Tá na Cait ag iarraidh an ceathrú craobh i ndiaidh a chéile a thabhairt leo.

Is deacair léamh ceart a dhéanamh ar cheachtar de na foirne. Bhí an t-ádh dearg ar an nGaillimh (nó thaispeáin siad an-mhianach!) teacht ar ais ó bheith dosaen cúilíní chun deiridh i gcoinne Átha Cliath chun comhscór a fháil. Agus buadh ar Chill Chainnigh an lá deireanach rud nach bhfuil rómhaith do mhuinín na foirne roimh an gcluiche ceannais seo amárach. Ach oiread le cúige Mumhan tá sé fíordheacair a rá cé a thabharfaidh leo an lá. Bhí fíorbheagán eatarthu aon uair a d’imríodar a chéile le cúpla bliain anuas. Is dócha nach mbeidh mórán eatarthu arís amárach ach b’fhéidir go bhfuil an Ghaillimh pas beag níos fearr.

Críochnóidh mé inniu le cúpla focal faoinár laoch ar lár Teddy McCarthy, an t-aon duine a bhuaigh craobh na hÉireann sa pheil agus san iomáint sa bhliain chéanna, gaisce a dhein sé le Corcaigh i 1990.

Bhíos cairdiúil leis ó lár na n-ochtóidí. D’imríos ina choinne go minic. Bhí sé ina iomaitheoir cróga, láidir, sciliúil agus cumasach ar pháirc na himeartha. Bhí sé ina fhear teasaí ar an taobhlíne mar bhainisteoir agus ina fhear seoigh lasmuigh de pháirc na himeartha. Leaba i measc na naomh go raibh aige.

Fág freagra ar 'Beidh Páirc na nGael ina Colasaem ceart'