Beidh neart scéalta le hinsint ag Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór

Tá éagsúlacht bhreá sna himeachtaí atá beartaithe agus tá togha na gcainteoirí faighte d’Fhéile na bhFlaitheartach 2019

Beidh neart scéalta le hinsint ag Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór

Más cruthú ar bith clár na n-imeachtaí beidh Féile na bhFlaitheartach 2019 ar an gceann is fearr go dtí seo. In Inis Mór, Árainn, a bheas an Fhéile ar siúl 24-25 Lúnasa.

Tá éagsúlacht bhreá sna himeachtaí atá beartaithe agus tá togha na gcainteoirí faighte le dhul i mbun díospóireachta agus léiriúcháin.

Le comóradh a dhéanamh ar an dá scríbhneoir mhóra as Árainn, Liam agus Tomás Ó Flaithearta, a bunaíodh an Fhéile. Bhí eolas forleathan idirnáisiúnta ar scríbhneoireacht Liam i gcónaí ach go dtí sin ba bheag a deirtí faoi Thomás.

Fear a bhí ansiúd a chaith tamall ag iascach ina óige agus a chuaigh ar imirce ansin go Meiriceá. Níorbh fhada thall é go raibh sé báite i gcúrsaí polaitíochta.

Cumannach a bhí ann. Go deimhin bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach Mheiriceá.

Scríobh sé an t-uafás ag cur an Chumannachais chun cinn agus ag coinneáil súil ghéar i gcónaí ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn.

Nuair a bhunaigh Páirtí Cumannach Mheiriceá nuachtán laethúil ceapadh Tomás ina cholúnaí air.

Tháinig sé abhaile sa deireadh agus thosaigh sé ag scríobh don nuachtán Gaeilge An tÉireannach.

Ag Féile na bliana seo foilseofar An Bhrachlainn Mhór, bailiúchán dá chuid scéalta atá curtha in eagar ag Éamon Ó Ciosáin. Is iad Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an bailiúchán agus is é Ruairí Ó hEithir, garnia le Liam agus le Tomás Ó Flaithearta, a dhéanfas an seoladh oifigiúil.

Roimhe sin i dTeach Chill Mhuirbhigh tabharfaidh fear as Ollscoil Mhinnesota léacht. Lucas Franco is ainm dó. Fear é atá ina Bhainisteoir Taighde ag an Laborer’s International Union of North America.

Déanfaidh seisean cur síos ar a bhfuil le foghlaim inniu ag an aicme oibre as an saothar a rinne Tomás Ó Flaithearta lena linn féin.

Bíonn siúlóidí, léitheoireacht, drámaíocht agus ceol ina gcuid dhílis don Fhéile i gcónaí. Léifidh Máirín Mhic Lochlainn sliocht as úrscéal Gaeilge a bhí idir lámha ag Tomás Ó Flaithearta sular cailleadh é.

Déanfar siúlóid ó theach Uí Fhlaithearta go dtí Scoil Fhearann an Choirce agus tabharfaidh Máirín Uí Fhátharta caint faoi stair agus faoi oidhreacht an cheantair.

Cuirfidh Diarmuid de Faoite leagan drámatúil ar fáil de chuid de scríbhneoireacht Liam Uí Fhlaithearta. Beidh tionlacan ceoil aige ó Joey Ó Fátharta.

Beidh an t-amhránaí sean-nóis Treasa Ní Miolláin ann mar a bhíonn chuile bhliain. Casfaidh sí cúpla amhrán as an dlúthcheirnín léi Lán Mara a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht le gairid.

Dé Domhnaigh déanfar díospóireacht ar an gcaidreamh a bhí idir Liam Ó Flaithearta agus Pádraic Ó Conaire. Léifidh Fionnghuala Ní Choncheanainn sleachta as saothar na beirte.

Bhí bá ag an bhFlaitheartach agus ag an gConaireacht le chéile ó thaobh na scríbhneoireachta agus an t-sóisialachais.

Scríobh an Flaitheartach tuairisc thruamhéalach ar an gcuairt a thug an Conaireach air sular bhásaigh sé.

D’aistrigh sé gearrscéal leis uair eile agus foilsíodh in iris i Sasana é. Dhá phunt steirling an táille a d’íoc siad. Thug an Flaitheartach an seic don Chonaireach ach dúirt sé ina dhiaidh sin gurbh é an chaoi ar las an Conaireach a phíopa leis an seic.

B’fhéidir go bhfuil áibhéil sa méid sin agus b’fhéidir eile nach bhfuil. Is cinnte go n-inseofar neart scéalta mar é ag Féile na bliana seo.

– Más mian leat a bheith i láthair cuir scéala láithreach chuig Kathleen McMahon 100 @gmail.com nó glaoigh ar O86 2662434

Fág freagra ar 'Beidh neart scéalta le hinsint ag Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór'