‘Beidh mise ag vótáil do Mhamó, ar aon chaoi,’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag aniar ó chúl an chairr agus droim láimhe tugtha aici leis an mballóid rúnda. Bhí sí ag déanamh iontais de na póstaeirí ar fad a bhí crochta ar na pólanna ar thaobh an bhóthair.
‘Tá sé sin go deas,’ a d’fhreagair mé, ‘ach ní shílim go bhfuil Mamó ag seasamh sa toghchán, murar tháinig athrú ar an scéal i ngan fhios dom.’
‘Níl sé sin féaráilte,’ a dúirt sí, ‘ceapaim go ndéanfadh Mamó jab an-mhaith ar an team.’
‘Bí cinnte go ndéanfadh,’ a dúirt mé, ‘ach ní shílim go bhfuil aon suim ag Mamó a bheith thuas sa Dáil…Fan soicind, cén ‘team’ atá i gceist agat?’
‘Ó, an team atá na daoine ar na póstaeirí ag iarraidh a bheith ann,’ a mhínigh sí.
‘Meas tú an bhfuil siad ag dul beagáinín thar fóir leis na póstaeirí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga agus í ag cur a spéic féin isteach sa gcomhrá.
‘D’fhéadfadh daoine a bheith ag ceapadh go bhfuil an iomarca gaisce acu agus pictiúirí crochta acu chuile áit.’
‘Is dóigh nach gaisce é, ach go bhfuil siad ag iarraidh go n-aithneoidh daoine iad nuair a bheidh siad ag caitheamh vóta.’ a dúirt mé agus an fíorbheagán tuisceana atá agam ar chúrsaí toghchánaíochta á roinnt go fial agam leis an gcéad ghlúin eile.
‘Hmmm,’ a deir sí, is ní shílim go raibh sí ar aon tuairim liom.
‘Tiocfaidh ná póstaeirí anuas théis an toghcháin, ar aon nós,’ a dúirt mé.
‘Cén fáth nach bhfuil aon phóstaer thuas ag Mamó?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag ansin agus í fós i mbun pleanála d’fheachtas toghchánaíochta Mhamó, i ngan fhios don iarrthóir féin, is fiú a rá.
Sílim, agus d’fhéadfaí mé a cheartú ar an gceann seo, ach sílim, nár mhór, ar a laghad go mbeadh a fhios ag an iarrthóir go bhfuil a n-ainm curtha sa hata le seasamh sa toghchán. Sílim gur ceann de bhunchlocha an phróisis é an píosa sin den scéal.
Níorbh ea, dar leis an gCailín Mór Beag ina ról nua mar bhainisteoir ar fheachtas toghchánaíochta Mhamó. ‘B’fhéidir nach bhfuil Mamó rómhaith ag dathú,’ a dúirt sí, ‘d’fhéadfadh mise an póstaer a dhathú di agus é a chrochadh suas agus bheadh daoine in ann vótáil di.’
‘Tá tú an-lách,’ a deir mé, ‘ach ní shílim go bhfuil Mamó ag iarraidh seasamh sa toghchán.’
‘Agus,’ arsa Beainín na Naíonáin Bheaga, ‘ní fhéadfaidh tú vótáil ar aon nós, tá tú ró-óg!’
‘Céard?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag agus geit bainte aisti.
‘Níl aon chead ag páistí vótáil!’ arsa Beainín na Naíonáin Bheag agus údarás ina glór.
‘Níl sé sin féaráilte!’ a dúirt an Cailín Mór Beag. ‘A níl, a Mhamaí?’
Niall na Naoi bPiontaí
Scribhneoireacht den scoth 7 ar fheabhas! :-)