‘Beidh mé an-soiléir faoi seo, is do Thuaisceart Éireann amháin moladh an AE’ – amhras caite ag Barnier ar phlean May

Deir Michel Barnier, príomh-idirghabhálaí Brexit an AE nach bhféadfadh cur chuige à la carte a bheith ann maidir le ballraíocht sa mhargadh aonair

‘Beidh mé an-soiléir faoi seo, is do Thuaisceart Éireann amháin moladh an AE’ – amhras caite ag Barnier ar phlean May

Tá ráite ag Michel Barnier nach bhféadfaí an socrú cúlstop atá molta ag an Aontas Eorpach i dtaobh cheist theorainn na hÉireann a chur i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe ar fad.

Chuir Barnier, príomh-idirghabhálaí Brexit an AE, an méid sin in iúl, a dúirt sé chun nach mbeadh aon mhíthuiscint ann faoin bplean is déanaí ag an mBreatain chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta. Dúirt Barnier nárbh ionann a ráiteas féin agus diúltú glan don phlean is déanaí ón mBreatain faoi chúrsaí custaim.

“Ní scanrófar sinn le cluiche an mhilleáin den chineál seo. Más fúinn caidreamh nua a chothú, ní foláir a thuilleadh muiníne a léiriú, ach ní foláir chomh maith go mbeadh a thuilleadh réadúlachta ann faoi céard atá indéanta agus céard nach bhfuil,” a dúirt Barnier.

De réir an phlean is déanaí ag Rialtas na Breataine chun teorainn chrua a sheachaint in Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta, chuirfí socrú cúlstop i bhfeidhm maidir le cúrsaí custaim ar feadh tréimhse áirithe.

Thiocfadh an socrú sealadach faoi chúrsaí custaim i bhfeidhm sa chás nach mbeadh an córas teicneolaíochta atá á lua le ‘teorainn gan dua’ forbartha roimh chríoch idirthréimhse an Bhreatimeachta i mí na Nollag 2020.

De réir phlean na Breataine dhéanfaí socrú sealadach cúlstop a d’fhanfadh i bhfeidhm go dtí mí na Nollag 2021 ar a dhéanaí, agus d’fhanfadh an Ríocht Aontaithe sa mhargadh aonair le linn na tréimhse sin.

Dúirt Barnier gur mó “ceisteanna ná freagraí” atá múscailte ag an bplean is déanaí atá fógartha ag Príomh-Aire na Breataine, Theresa May. Dúirt sé go ndéanfadh sé scagadh oibiachtúil ar phlean na Breataine, ach nach bhféadfadh cur chuige à la carte a bheith ann maidir le ballraíocht sa mhargadh aonair.

“Beidh mé an-soiléir faoi seo: ní féidir ár gcúlstop a leathnú go dtí an Ríocht Aontaithe ar fad. Cén fáth? Mar dearadh é le haghaidh cás sainiúil Thuaisceart Éireann amháin.

“Bímis praticiúil arís faoi. Is éasca seiceáil a dhéanamh ar bhord long farantóireachta ná ar 500km de theorainn ar tír,” a dúirt Barnier.

Fág freagra ar '‘Beidh mé an-soiléir faoi seo, is do Thuaisceart Éireann amháin moladh an AE’ – amhras caite ag Barnier ar phlean May'