Beidh mé ag guí ar son na hAlban chun muid a chur ar ais sa rás don chraobh

Beidh sé tábhachtach d’fhoireann na hÉireann bua cumasach a fháil in aghaidh na hIodáile amárach ach d’fhéadfadh na hAlbanaigh gar a dhéanamh dúinn agus an Fhrainc a chloí tráthnóna

Beidh mé ag guí ar son na hAlban chun muid a chur ar ais sa rás don chraobh

Ní imreofar cluiche Bhabhta 3 den chomórtas Sé Náisiún idir Éirinn agus an Iodáil go dtí amárach. Mar sin féin is cinnte go mbeidh lucht leanúna rugbaí na tíre seo ag coinneáil súil ghéar ar chluiche an lae inniu idir Albain agus an Fhrainc i Murrayfield agus ina dhiaidh sin ar chluiche Shasana i gcoinne na Breataine Bige in Twickenham.

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, is iad na Francaigh an t-aon fhoireann amháin ar féidir leo greim a fháil ar an nGrand Slam tar éis dóibh bua a fháil sa gcéad dá chluiche i gcoinne na Sasanach agus muid féin. Taobh thiar de na Francaigh, tá na Sasanaigh agus muid féin ar naoi bpointe an taobh ach de bharr gur aimsigh Sasana trí phointe is tríocha i gcoinne na nIodálach is iadsan atá sa dara háit agus muide atá sa tríú háit. Tá Albain, an Bhreatain Bheag agus an Iodáil, foireann atá fós ar thóir bua, ag roinnt spásanna a 4, 5, agus 6. 

Ciallaíonn sin go mbeidh muid ag súil go ndéanfaidh Albain gar dúinn i nDún Éideann agus go gcuirfidh siad stop le rás na bhFrancach. Drochsheans a déarfá! Tá sin fíor gan dabht ach is fiú a mheabhrú gur sa mbaile i bPáras a d’imir na Francaigh an chéad dá chluiche agus tá a fhios againn ar fad faoin ndroch-cháil atá orthu agus iad ag imirt as baile. Ní hamháin sin ach caithfidh Albain freagra dearfach a thabhairt ar an lag-iarracht a chonaic muid uathu i gCaerdydd nuair a chaill siad 20-17.

Cé nach bhfuil mé ródhóchasach beidh mé ag guí, mar má bhíonn an lá le hAlbain, beidh deireadh leis an gcaint faoin nGrand Slam agus beidh muid ar ais sa rás don chraobh. 

Níos deireanaí tráthnóna in Twickenham beidh na Sasanaigh ag tabhairt faoina sean-namhaid féin, na Breatnaigh. Tá suim ar leith againne sa gcluiche seo freisin mar má bhíonn bua ag na Breatnaigh fágfaidh sin gur muide an t-aon fhoireann ar féidir linn greim a fháil ar an gCoróin Thriarach. Seans go mbeidh mé fós ag guí ag am tae inniu.

Maidir le cluiche an lae amárach i Staid Aviva idir na hÉireannaigh agus na hIodálaigh, beidh dhá sprioc ag foireann Andy Farrell, bua le ceithre úd a chinntiú agus dul ar thóir scór mór lena chinntiú go n-aimseoidh muid níos mó pointí i gcoinne na foirne is laige ná aon fhoireann eile. 

Creidim gur féidir linn an chéad sprioc a aimsiú gan mórán stró ach feicfimid linn an mbeidh an meascán den chéad agus dara rogha imreoirí atá á gcur chun páirce ag Farrell in ann an dara sprioc a aimsiú. Ach is acu a bheas buntáiste an bhaile agus tromlach an lucht leanúna agus is deis iontach é do leithéidí Michael Lowry, atá ag fáil a chéad chaipín, cás maith a dhéanamh dó féin don dá chluiche atá fós le n-imirt sa gcomórtas seo.

Is léir freisin go bhfuil Farrell ag baint leas as an ócáid seo le cluiche Joey Carbery a fhorbairt tuilleadh mar chlúdach do Johnny Sexton agus leathshúil aige ar Chraobh an Domhain faoi cheann bliana. 

Tá mé cinnte go mbeidh an dara bua sa gcomórtas ag foireann na hÉireann amárach agus bua maith freisin. 

Fág freagra ar 'Beidh mé ag guí ar son na hAlban chun muid a chur ar ais sa rás don chraobh'