Beidh lucht an neamhspleáchais in Albain in ann dul ar an ionsaí an babhta seo

Tá go leor athraithe ó theip ar reifreann neamhspleáchais na hAlban ocht mbliana ó shin

Beidh lucht an neamhspleáchais in Albain in ann dul ar an ionsaí an babhta seo

Is mór idir 2014 agus 2022 sa Bhreatain Mhór. Nuair a theip ar reifreann neamhspleáchais na hAlban ocht mbliana ó shin le 45% in aghaidh 55% bhí rialtas agus freasúra na Breataine aontaithe ina choinne, agus an bhunaíocht in ann gníomhú i gcomhpháirt. Ba dheacair comhoibriú mar sin a shamhlú ó ríocht easaontaithe an lae inniu, fiú agus an fhéinchúis san áireamh. 

Níl ansin ach blúire de na hathruithe a tharla sna blianta ó shin.

Má éiríonn le plean Pháirtí Náisiúnach na hAlban reifreann neamhspleáchais eile a rith an bhliain seo chugainn ní foláir nó go mbeidh cuid mhór den phlé an-difriúil ón uair dheiridh.

Ceist eile ar fad is ea é an rithfear reifreann ar an 19 Deireadh Fómhair 2023 nó an mbeidh An Chéad-Aire, Nicola Sturgeon agus a páirtí ag brath ar thacaíocht na vótóirí do neamhspleáchas san olltoghchán an bhliain dár gcionn. Cibé atá i ndán don bplean tá an díospóireacht beo.

An seift chliste úr ag Nicola Sturgeon é an cur chuige nua nó cleas chun laigí a rialtais a cheilt? Maíonn a lucht tacaíochta, ní nach ionadh, gur straitéis den scoth é an cinneadh a dhul i muinín na cúirte uachtaraí chun rialú a fháil an mbeadh reifreann nua dleathach d’uireasa cead ón rialtas i Londain. A mhalairt de phort atá ag lucht tacaíochta na Ríochta Aontaithe, iad ag rá go bhfuil rialtas Holyrood éagumasach agus nach bhfuil tada ach deighilt á tairiscint ag an gCéad-Aire.

Beidh dalladh le clos ar dhá thaobh na hargóna sin sna mionna amach romhainn gan dabht agus cuirfear suim mhór iontu i dTuaisceart Éireann, aontachtaithe ag súil gur ag Westminster a bheidh an svae agus a mhalairt ó na daoine atá ag iarraidh reifreann faoin teorainn. Tá a fhios ag gach éinne gur buille marfach don aontas a bheadh i neamhspleáchas na hAlban. Cloistear na hargóintí céanna in éadan reifrinn in Albain agus abhus, ina measc, ‘cothaíonn feachtas reifrinn deighilt agus guagacht’, ‘tá ceisteanna eile ar nós costas maireachtála níos tábhachtaí’, ‘ní bheadh rath ar réimeas nua gan airgead Whitehall’ agus ‘céard a bheadh le tairiscint agaibh a bheadh inchurtha leis an status quo?’. 

Bhí tionchar mór ag an bhfoláireamh faoin status quo a chailliúint ar vótóirí na hAlban in 2014, ach chaithfeadh sé go mbeadh méadú mór ar líon na ndaoine a mbeidh ceisteanna acu anois faoin bhail atá ar an Ríocht Aontaithe. Dúirt Ian Blackford, feisire Náisiúnach Albanach sa Pharlaimint go raibh siadsan in ann cás dearfach ar son an neamhspleáchais a chur chun tosaigh ach cheistigh sé cumas an rialtais chun a leithéid a dhéanamh do riail Westminster.

Bhí móramh os cionn 60% de mhuintir na hAlban in éadan an Bhreatimeachta in 2016. Thug na Caomhaigh i Sasana an chluas bhodhar don bhfreasúra sin mar a rinneadh le pobal Thuaisceart Éireann freisin. Leagfar béim ar mhian mhuintir na hAlban a bheith ina mbaill den Aontas Eorpach. Beidh mímhuinín in Boris Johnson lárnach sa phlé freisin ‘Tá go leor dá chuid feisirí féin nach bhfuil muinín acu sa Phríomh-Aire, cén fáth a n-iarrfaí orainne cur suas leis?’ Tá a leithéid cloiste go minic cheana féin. 

Is léir freisin go gcuirfear béim ar chlaonadh Westminster an dlí idirnáisiúnta a shárú (bille an phrótacail), an cinneadh barbartha iarrthóirí tearmainn a ruaigeadh go Ruanda agus ciorruithe ar bhuiséid, i measc nithe eile. Is cosúil freisin go bhfuil cuid mhór den ghlúin óg atá tógtha le cúrsaí timpeallachta agus an ghéarchéim aeráide ag iarraidh droim láimhe a thabhairt le ‘riail Shasana’ mar a thug roinnt air le cúpla lá anuas. 

An uair dheiridh ba chosúil go raibh lucht an neamhspleáchais ar a gcosaint an t-am ar fad. Beidh cruacheisteanna le freagairt an uair seo freisin má táthar chun a dhul i gcion ar mhóramh. Ach i bhfianaise an bhail atá ar an tír faoi cheannas Boris Johnson sa ré iarBhreatimeachta – cúlú eacnamaíochta, ganntanas cairde idirnáisiúnta agus tiomantas don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine á thanú – beidh lucht an neamhspleáchais in ann a dhul ar an ionsaí. 

Fág freagra ar 'Beidh lucht an neamhspleáchais in Albain in ann dul ar an ionsaí an babhta seo'