‘Beidh Joe Biden ina Uachtarán’ – dóchas ag na Daonlathaigh agus a n-iarrthóir imithe chun cinn ar éigean

Cé go bhfuil vótaí na n-iarrthóirí i stáit chinniúnacha áirithe fós róghar dá chéile le dóigh a dhéanamh de bharúil, tá farasbarr beag in áiteanna ag Biden, rud atá ag tabhairt an-mhisneach do lucht a fheachtais

‘Beidh Joe Biden ina Uachtarán’ – dóchas ag na Daonlathaigh agus a n-iarrthóir imithe chun cinn ar éigean

Tá sé ráite ag bainisteoir fheachtas uachtaránachta Joe Biden go mbeidh an lá le hiarrthóir na nDaonlathach inniu agus gurb é Joe Biden a bheidh ina chéad Uachtarán eile ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt Jen O’Malley Dillon, ar de bhunadh Ghaeltacht Chonamara í, go raibh Joe Biden ‘ar an mbóthar ceart’ anois leis an toghchán seo a bhuachan agus gurb é a bheidh ina chéad Uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe.

“Creidimid nach bhfuil aon rud sa mbealach anois orainn agus go mbeidh an bua againn faoi thráthnóna,” arsa O’Malley Dillon,

Níor lig O’Malley Dillon a bhagairt an comhaireamh a stopadh le Trump agus chaith sí ar ais ina bhéal go gonta í.

“Bímis soiléir faoi rud amháin. Dá bhfaigheadh Donald Trump cead a chinn agus dá stopfaí ag comhaireamh na vótaí anois díreach, is é an Leas-Uachtarán Joe Biden an chéad Uachtarán eile a bheadh ag na Stáit Aontaithe,” a dúirt O’Malley Dillon.

Cé go bhfuil vótaí na n-iarrthóirí i stáit chinniúnacha áirithe fós róghar dá chéile le dóigh a dhéanamh de bharúil, tá farasbarr beag in áiteanna ag Biden a thabharfadh an-mhisneach dó.

Jen O’Malley Dillon

Dúirt Biden lena lucht tacaíochta go raibh muinín aige i gcónaí go mbeadh an lá leis, ach mhaígh an tUachtarán Trump go raibh an bua aige féin cheana féin, rud nach raibh fíor.

Tá farasbarr beag ag Biden in Wisconsin, Michigan agus in Nevada faoi láthair agus an chuma air gur aige a bheidh Arizona. Dá n-éiríodh leis greim a choinneáil ar an mbiseach sin agus na stáit sin a bhuachan, bheadh a dhóthain vótaí coláiste aige le bheith sa Teach Bán.

Má bhuann Biden in Arizona d’fhéadfadh sé a bheith ina uachtarán d’uireasa Pennsylvania, má bhuann sé Michigan agus Wisconsin, chomh maith leis na stáit a thacaigh le Hillary Clinton in 2016.

Tá Trump beagán chun cinn in Georgia, in North Carolina agus in Pennsylvania, rud a thugann misneach dá lucht tacaíochta gur leis-sean a bheidh an lá ainneoin na n-ainneoin.

Bhí an domhan mór ar tinneall an oíche ar fad agus an bheirt iarrthóirí gob ar ghob agus an-chosúlacht air nach mbeadh aon toradh oifigiúil againn go ceann laethanta fada nó gur sna cúirteanna a shocrófaí an scéal.

Cé go raibh Trump ag maíomh gan údar go raibh calaois déanta agus ag bagairt go dtriailfeadh sé an comhaireamh a stopadh sa gcúirt, d’iarr Biden ar an bpobal a bheith foighneach agus gheall go gcomhairfí gach uile vóta dár caitheadh.

“Ní fúmsa ná faoi Donald Trump atá sé a rá cé a bhuaigh an toghchán seo, ach faoi mhuintir Mheiriceá,” a dúirt Joe Biden ach dúirt sé chomh maith go raibh misneach aige go ndéanfadh sé féin an beart.

Lean an comhaireamh ar aghaidh go maidin ó Pennsylvania go Nevada, agus maidhm vótaí poist agus vótaí eile le próiseáil.

Fág freagra ar '‘Beidh Joe Biden ina Uachtarán’ – dóchas ag na Daonlathaigh agus a n-iarrthóir imithe chun cinn ar éigean'