‘Beidh idir óg agus aosta agus feabhas ar an gcosaint ag teastáil’ – Fitzmaurice

Tá bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice ag súil go bhfeicfear toradh na hoibre atá déanta acu ar an gcosaint nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar chontae an Chláir Dé Domhnaigh

‘Beidh idir óg agus aosta agus feabhas ar an gcosaint ag teastáil’ – Fitzmaurice

Cé gur chríochnaigh peileadóirí Chiarraí i lár thábla Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta níos luaithe i mbliana, bhí sé soiléir i rith an fheachtais go raibh fadhbanna acu. Sna seacht gcluiche a d’imir foireann Éamonn Fitzmaurice, ghéill siad deich gcúl, níos mó ná aon fhoireann eile sa phríomhroinn, níos mó ná Cill Dara fiú, a chaill gach cluiche.

Agus é ag labhairt ar chlár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna, d’admhaigh bainisteoir Chiarraí nach raibh Ciarraí sách maith ó thaobh na cosanta de i rith an earraigh ach go bhfuil súil aige go bhfuil an fhadhb réitithe anois roimh a gcéad chluiche i gCraobh na Mumhan Dé Domhnaigh, i gcoinne an Chláir.

“Ligeamar isteach roinnt mhaith báidí i rith na sraithe agus caithfimid feabhas a chur air sin. Ní bheinn ag cur an milleán uile ar an cosantóirí. An tslí atá an cluiche anois, bíonn tú ag ionsaí mar fhoireann agus bíonn tú ag cosaint mar fhoireann leis agus ag deireadh na sraithe bhí a fhios againn nach raibh sé sin maith a ndóthain againn. Sin ceann de na rudaí a chuireamar feabhas air ó shin agus tá súil agam go mbeidh sé sin soiléir nuair a thosóidh na cluichí anois.”

Tar éis dóibh Craobh Mhionúir na hÉireann a bhuachan ceithre bliana as a chéile, tá an-chuid cainte déanta faoi na himreoirí óga atá ag teacht chun cinn i gCiarraí agus thapaigh Fitzmaurice an deis roinnt mhaith acu a chur chun páirce i rith na sraithe.

37 imreoir san iomlán a d’úsáid siad i rith na sraithe agus cé go nglacann an bainisteoir leis nár chabhair é sin leis na fadhbanna a bhí acu sa chosaint, go háirithe luath sa tsraith, deir Fitzmaurice go bhfuil sé sásta leis an méid a chonaic sé uathu.

“Thug [an tsraith] deis dúinn féachaint ar an-chuid imreoirí agus is maith an rud é sin. B’fhéidir go raibh an iomarca imreoirí óga caite isteach ag an am, ach is dócha faoin am seo tá sé in am dóibh imeacht [isteach]. Tríd agus tríd, bhíomar sásta leis.”

Cé nach bhfuil na fir óga sin atá tagtha tríd ach 20 nó 21 bliain d’aois, deir Fitzmaurice go bhfuil taithí acu ar an obair atá ag teastáil agus iad ag traenáil leis na sinsir le roinnt blianta anuas.

“Tá roinnt mhaith taithí acu anois linne. Formhór acu, seo é an tríú samhradh atá siad ag traenáil linne. Seán O’Shea, bhí sé ann anuraidh. Is é an t-aon duine gurb é seo a chéad samhradh aige linn ná David Clifford. An cuid is mó de na himreoirí, tá taithí acu.”

Ní hé nach bhfeicfear na seanfhondúirí i rith na sraithe áfach. Agus súil ag Ciarraí babhtaí deireanacha na craoibhe a bhaint amach, nuair a bheidh na cluichí ag teacht go tiubh te tapa, beidh idir óg agus aosta ag teastáil.

“Bímse agus bíonn na roghnóirí ag féachaint ar conas atá daoine ag imeacht ag an am. Sin é an critéar a bheidh ann arís don samhradh. Má tá daoine ag dul go maith, gheobhaidh siad seans. Ní bheimid ag féachaint ar an teastas breithe, ní bheimid ag iarraidh fáil amach cén aois atá siad,” a deir Fitzmaurice.

“Táim sásta go bhfuil na himreoirí sinsearacha ag tabhairt an-chuid ceannasaíochta agus comhairle. Má éiríonn linn na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach agus an sraithchomórtas beag atá ansin, na ‘Super 8s’, beidh gach duine ag teastáil.”

Cruthóidh na ‘Super 8s’ sin dúshláin nua d’fhoirne agus cluichí ag teacht seachtain i ndiaidh seachtaine. Tá obair déanta cheana féin ag Ciarraí chun dul i ngleic leo.

“Bhí orainn cleachtadh ó thaobh obair agus ullmhúchán fisiciúil a athrú, chun go mbeadh sé i gceart do na ‘Super 8s’. Tá Craobh na hÉireann níos luaithe i mbliana agus an-chuid cluichí cóngarach dá chéile má éiríonn leat an chuid sin den chomórtas a bhaint amach.”

Fág freagra ar '‘Beidh idir óg agus aosta agus feabhas ar an gcosaint ag teastáil’ – Fitzmaurice'