Beidh Gaelcholáiste Dhoire ag tacú go láidir le Sleacht Néill i bPáirc an Chrócaigh

Beidh duine de dhaltaí Gaelcholáiste Dhoire Cliodhna Ní Mhianáin le foireann Shleacht Néill a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh agus tá ceangal láidir ag beirt imreoirí eile, Aoife Ní Chasaide agus Gráinne Ní Chatháin, leis an scoil

Beidh Gaelcholáiste Dhoire ag tacú go láidir le Sleacht Néill i bPáirc an Chrócaigh

Aoife Ní Chasaide agus Cliodhna Ní Mhianáin

Lá mór é an Domhnach beag seo do Ghaelcholáiste Dhoire. Imreoidh foirne camógaíochta Shleacht Néill agus Naomh Máirtín in aghaidh a chéile i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche ceannais na hÉireann agus tá ceangal láidir ag an scoil leis an gcumann as Doire.

Beidh duine de dhaltaí na scoile, Cliodhna Ní Mhianáin ar phainéal Shleacht Néill don chluiche ceannais agus beidh an scoil ag tacú go láidir freisin le hAoife Ní Chasaide, cúntóir ranga sa scoil, agus Gráinne Ní Chatháin, a bhíonn ag obair le lucht na scoile mar oibrí óige Gaeilge sa cheantar.

Tháinig an 120 dalta atá sa scoil i nDún Geimhin le chéile an tseachtain seo chun a gcuid tacaíochta a léiriú do Chliodhna agus a comhghleacaithe agus is ábhar bróid dóibh gaiscí an triúir, a deir Príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire, Diarmaid Ua Bruadair.

“Is é seo an tríú cluiche ceannais ag Aoife agus ag Gráinne, atá cúpla bliain níos sine, ach tá siad triúr ag súil le héacht a dhéanamh agus Corn Uí Chearúil a thabhairt ar ais go Sleacht Néill den tríú bliain as a chéile.

“D’imir Cliodhna don fhoireann in éadan Loch gCaol i gcluiche Ceannais Uladh nuair a bhain sí sé bliana déag amach lá an chluiche. Bhí gliondar nach beag uirthi nuair a bhain a foireann an cluiche agus gur thug aghaidh ar chluiche leathcheannais na tíre ina dhiaidh sin,” arsa an príomhoide.

Bhuaigh Sleacht Néill ar Ard Raithin na Gaillimhe sa chluiche leathcheannais chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann den tríú bhliain as a chéile. Seaimpíní Loch Garman, Naomh Máirtín, a bheidh rompu sa chluiche ceannais an babhta seo.

In 2015 a bunaíodh Gaelcholáiste Dhoire ach tá gaiscí déanta acu ar pháirc na himeartha cheana féin.

“Tá comhfhoireann ag an scoil a bhain cluiche ceannais camógaíochta Choláistí Uladh agus ba í Cliodhna a bhí ina captaen ar an bhfoireann sin agus tá trí chomórtas Uladh bainte ag buachaillí na scoile i mbliana sa pheil. Beimid ag súil le héachtaí iontacha eile ó dhaltaí an Ghaelcholáiste amach anseo.”

Fág freagra ar 'Beidh Gaelcholáiste Dhoire ag tacú go láidir le Sleacht Néill i bPáirc an Chrócaigh'