‘Beidh gach aon seirbhís stáit ar fáil i nGaeilge’ a deir Páirtí an Lucht Oibre ina fhorógra toghcháin

Níl aon tagairt i bhforógra toghcháin Pháirtí an Lucht Oibre do thrí mhóréileamh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge

15/2/2016 An Tánaiste Joan Burton agus John Lyons ag seoladh fhorógra Pháirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
15/2/2016 An Tánaiste Joan Burton agus John Lyons ag seoladh fhorógra Pháirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

D’oibreodh Páirtí an Lucht Oibre chun a chinntiú go mbeadh “gach aon seirbhís stáit ar fáil i nGaeilge”, a deirtear i bhforógra toghcháin an pháirtí a seoladh inniu. Níl a thuilleadh ráite faoi cad go díreach atá i gceist leis an ngeallúint sin ná faoi cén chaoi a mbainfí amach é.

Níl aon tagairt san fhorógra do thrí mhóréileamh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge – go mbunófaí coiste Oireachtais do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, go gceapfaí Aire Sinsearach a mbeadh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar phríomhchúram air agus go gcuirfí €18 milliún breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Cé gur ghlac Fianna Fáil agus Sinn Féin leis na héilimh sin, tá droim láimhe tugtha leo anois ag an dá pháirtí rialtais.

Níor ghlac Fine Gael ach oiread le haon cheann de thrí éileamh Chonradh na Gaeilge.

Maítear i bhforógra an Lucht Oibre go “seasann Páirtí an lucht Oibre do chosaint agus d’fhorbairt na Gaeltachta” agus gealltar go ndéanfaí infheistíocht in Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chruthú san earnáil bia agus sa turasóireacht chultúrtha.

Deirtear go mbainfeadh plean an pháirtí ó thaobh na turasóireachta cultúrtha de le forbairt a dhéanamh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin (a théann trí cheithre cheantar Gaeltachta), ar an mBealach Glas (a thosaíonn i nGaeltacht Acla) agus Sean-Oirthear na hÉireann (nach mbaineann le haon cheantar Gaeltachta).

Deirtear san fhorógra go bhfuil an páirtí “tiomanta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge” agus go gcuirfeadh siad leis na hacmhainní a bheadh ar fáil don Straitéis dá mbeadh siad i gcumhacht.

Gealltar freisin go gcinnteodh Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh “áit ollmhór ag an nGaeilge san earnáil oideachais” agus go leanfaí “le forbairt agus le cothú” an Ghaeloideachais.

Déantar gaisce san fhorógra faoin gcuraclam nua teanga ‘comhtháite’ a tugadh isteach do bhunscoileanna agus faoin “toradh dearfach” a bhí ar an méadú ar líon na marcanna atá ar fáil don scrúdú béil don Ardteist.

Deirtear san fhorógra go “ndéanfar machnamh” faoi chur chun cinn an oideachais dara-leibhéal i nGaeilge, go háirithe in áiteanna a bhfuil éileamh mór ann ar an nGaeloideachas.

Gealltar freisin go gcuirfear dhá chóras nua cigireachta i bhfeidhm: ceann amháin chun monatóireacht a dhéanamh ar naíonraí Gaeltachta agus córas eile chun monatóireacht a dhéanamh ar choláistí samhraidh.

Luaitear an Ghaeilge freisin sa chuid den fhorógra ar a dtugtar ‘Standing up for a Modern Ireland’. Tá sé mhórgheallúint sa mhír sin agus is é an séú ceann acu sin ná go “gcosnófar an Ghaeilge agus an cultúr dúchais”.

Tá an chuid den fhorógra ina bpléitear cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta curtha ar fáil go dátheangach.

Fág freagra ar '‘Beidh gach aon seirbhís stáit ar fáil i nGaeilge’ a deir Páirtí an Lucht Oibre ina fhorógra toghcháin'