Beidh Fianna Fáil agus Fine Gael in iomaíocht lena chéile in 2023

Murar féidir le Leo Varadkar stop a chur le rith Shinn Féin, is féidir leis dul chun tosaigh ar Fhianna Fáil…

Beidh Fianna Fáil agus Fine Gael in iomaíocht lena chéile in 2023

Tá muid anois ar an mbóthar go dtí an t-olltoghchán, agus post an Taoisigh ag Leo Varadkar. Ach tá athruithe ann maidir le pearsanra an rialtais, ní léir ar chor ar bith go mbeidh aon athrú polasaí ann, nó aon réiteach ar na fadhbanna go léir a bhíonn ag goilliúint orainn

Ní foláir olltoghchán a reáchtáil faoi mhí Feabhra 2025, cé gur dóichí gur i bhfómhar 2024 a reáchtálfar é. Dhá bhliain mar sin atá ag Varadkar lena lorg a fhágáil ar an rialtas agus ar a sheasamh i measc an phobail.

Agus tá comharthaí ann cinnte go bhfuil sé i gceist é sin a dhéanamh. Murar féidir leis stop a chur le rith Shinn Féin, is féidir leis dul chun tosaigh ar Fhianna Fáil.

Cheana féin rinneadh file caoch d’Fhianna Fáil nuair a choinnigh Fine Gael Paschal Donohoe ar an Eoraghrúpa san AE, in ainneoin gurb é Michael McGrath an tAire Airgeadais anois.

Níos spéisiúla, tá éadaí an náisiúnachais á ngoid ag Varadkar ó Fhianna Fáil. Labhair Varadkar, mar shampla, ag cruinniú mór de Todhchaí na hÉireann i mBaile Átha Cliath nuair a d’fhan Micheál Martin as.

Agus tá Neale Richmond, TD, Protastúnach as Baile Átha Cliath, agus an comhairleoir Lorraine Hall, Protastúnach as Co na Chabháin, roghnaithe aige mar phríomh-urlabhraithe an pháirtí maidir le hathaontú na hÉireann.

Beidh ar Fhianna Fáil fáil réidh le Martin chun éadaí sin an náisiúnachais a fháil ar ais. Agus táid ann sa bpáirtí a bhfuil fonn orthu é sin a dhéanamh – ina measc Jim O’Callaghan, TD, a labhair freisin ag an gcruinniú mór sin ag Todhchaí na hÉireann.

Is fiú mar sin súil a choinneáil ar an gcuid seo den scéal. Cén fhad a fhanfaidh Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil, nó cén fhad a ligfear dó fanacht?

Tá ráflaí láidre ann go dteastaíonn ó Martin post breá éigin a fháil san Eoraip, agus tá sé á lua mar Choimisinéir Éireannach sa chéad Choimisiún eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Ní bheidh an post sin ar fáil go dtí Meitheamh 2024, ach an féidir le Fianna Fáil fanacht an fhaid sin?

Sí laige Fhianna Fáil, ar ndóigh, nach bhfuil sé soiléir cé a d’fhéadfadh a bheith ina cheannaire. Tá cáil Darragh Uí Bhriain millte ag praiseach na tithíochta, níl aon difear idir Michael McGrath agus Paschal Donohoe, agus, in ainneoin a chuid poblachtánachais, is rich boy ó Gonzaga é Jim O’Callaghan.

Ar ndóigh, tá a chuid deacrachtaí féin ag Varadkar taobh istigh de Fhine Gael, ach ní dóigh liom go gcuirfidh siad isteach air mórán. Tuigeann gach éinne i bhFine Gael go bhfuil deis acu buille marfach a thabhairt do Fhianna Fáil, agus beidh ionadh orm má dhiúltaíonn siad don deis.

Tá an Comhaontas Glas ag fanacht mar a bhí leis na haireachtaí céanna. Ach léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil cuid mhór dá gcuid tacaíochta caillte acu ón olltoghchán, agus, ag an bpointe seo, níl aon bhiseach orthu le feiceáil.

Go deimhin, níl aon suíochán dá gcuid slán, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an olltoghchán. Ní fheicim comhartha ar bith ann go n-athróidh siad port. Níos tábhachtaí níl comhartha ar bith ann go mbeidh tionchar as an nua ar bith acu sa rialtas.

Céard faoin taobh eile, agus scéalta lárnacha na polaitíochta?

Tá fadhb na tithíochta gan réiteach leis na polasaithe atá ag an rialtas go dtí seo, is níl aon chomhartha ann go mbeidh aon athrú polasaí ann agus Varadkar i gceannas.

Níos measa, tá tionchar mór ag fadhb na tithíochta ar na deacrachtaí sa gcóras sláinte, sa gcóras oideachais agus ar infheistíocht ó ollchomhlachtaí mar nach féidir leo áiteacha cónaithe a aimsiú dá bhfoireann oibre.

Cinnte, leanfaidh Sinn Féin leis na hionsaithe ar pholasaithe an rialtais a bhfuil ag teip orthu, ach tá ceist mhór ann i gcónaí arbh fhéidir leo comhghuaillíocht a chur le chéile a chinnteoidh athrú rialtais.

An bhfeicfimid aon iarracht ag Sinn Féin mar sin, na Daonlathaithe Sóisialta, an eite chlé i bhfad amach, agus neamhspleáigh a thabhairt in éineacht leo? Tá Páirtí an Lucht Oibre fíornaimhdeach do Shinn Féin (mar atá Micheál Martin), ach tá an páirtí sin chomh himeallach is chomh lag gur ar éigean is fiú bacadh leo.

Agus sin iad na cathanna atá romhainn: Fine Gael agus Fianna Fáil in iomaíocht le chéile le bheith gceannas ar an mBunaíocht; agus Sinn Féin ag iarraidh a a dteachtaireacht a choinneáil soiléir láidir os comhair an phobail, agus páirtí eile a mhealladh chun comhoibriú leo.

Fág freagra ar 'Beidh Fianna Fáil agus Fine Gael in iomaíocht lena chéile in 2023'

  • Pádraig

    Beidh FF FG. ag iomaíocht lé chéile, san leaba chéanna. Go bhfóire Dia orainn.

  • Máire

    Ba chóir go mbeadh ainm údair le feicáil sula n-osclaímid alt ionas gur féidir linn cinneadh a dhéanamh gan é a oscailt nuair a fheiceann muid ainm áirithe.