Beidh díoltas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fós…

Níor dhruid Gáia doras amháin nár oscail sí doras eile, agus cad é an dream is mó a bhain úsáid as an rothar lena gcúis a chraobhscaoileadh ach lucht na Gaeilge?

Beidh díoltas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fós…

Is maith an scéalaí an aimsir, deirtear, agus amharc go bhfuil Fine Gháia agus Leaf Varadkar i ndiaidh an méid sin a chruthú dúinn. Sea, tá páirtí an airgid, páirtí na dtiarnaí móra talaimh, le cosc a chur ar cheannach carranna nua díosail agus peitril faoin bhliain 2030 leis an timpeallacht a chosaint. Sea, rinne tú gáire nuair a chuala tú sin agus rinne tú gáire ní ba mhó nuair a chonaic tú grianghraf de Leaf agus a chomrádaithe ar bhus – ar bhus! – le fógairt a dhéanamh go raibh siad leis an domhan ar fad a shlánú. Skibereen Eagle cá bhfuil tú?

(Níl a fhios agam an bhfuil bunús ar bith leis an ráfla go raibh an rialtas le fógairt fosta go ndéanfaí Gaeltacht d’Éirinn gan roinnt an bhliain chéanna. Tháinig siad ar mhalairt tuairime, is cosúil, nó níor mhaith leo an ghrian agus an ghealach a ghealladh dúinn.)

Á, bhuel, bímis sásta go bhfuil Leaf Varadkar le parthas a dhéanamh den pháirt sin d’Éirinn atá faoina chúram glas. Ní bheidh gluaisteán ar bhealtaí móra ná beaga roimh i bhfad. Beidh an M50 chomh huaigneach le Páirc Mhic Ásmaint lá craoibhe agus ní bheidh ar na mótarbhealtaí eile ach rothaithe agus coisithe. Sea, a mhuintir na Gaillimhe, ní bheidh ábhar gearáin ar bith agaibh faoin trácht mar ní bheidh aon trácht ag tachtadh na cathrach i ndiaidh 2030. Ná cuirtear oiread agus euro rua amháin amú ar an tseachbhóthar sin a bhíonn faoi chaibidil ar RnaG agus TG4.

B’fhéidir gurb é an chuid is áiféisí den scéal seo gur minic a deirtear gurb iad lucht na Gaeilge an dream is mó atá ag iarraidh an pobal a tharraingt siar go Ré na gCloch lena síorchaint ar thábhacht na teanga. Fine Measúil Gael atá á dhéanamh as an charr a shéanadh orainn. Ach fan go bhfeice tú, déanfaidh siad praiseach de. Ní fada go mbeidh muid ag gearán arís, faoi dhíth an rothair, faoi phraghas an rothair agus “rip-off rothar” sna ceannlínte. (Beidh ar chréatúr bocht ar théarma.ie an téarma sin a aistriú!)

Mar sin féin, níor dhruid Gáia doras amháin nár oscail sí doras eile. Tá deis agus deis mhór ag lucht na teanga le bheith chun tosaigh sna cúrsaí seo. (Sea, tá a fhios agam nach dtig liom na focail “chun tosaigh” agus “lucht na Gaeilge” a chur in aon abairt amháin ach tá sé fíor sa chás seo de.)

Cad é an dream is mó a bhain úsáid as an rothar lena gcúis a chraobhscaoileadh ach lucht na Gaeilge? Tá stair na teanga breac le tagairtí do thimirí agus a gcuid rothar, iad ag taisteal leo fríd dhoineann agus eile le béaloideas, le hamhráin, le saíocht na hÉireann a thabhairt slán as díchuimhne.

Ná déantar dearmad ach an oiread den trucail! An bhfuil íomhá níos Gaelaí ann ná an seanlead agus a thrucail Ghaelach, í lán go doras le tachráin bheaga rua de bhunadh na Gaeltachta? Nár bhain an Piarsach clú amach dó féin mar gheall ar an trucail Chonallach agus an fógra i nGaeilge?

Cuirtear tús anois leis an chuardach in áit na mbonn. Aimsítear gach aon trucail agus gach aon asal beo – tá saol na teanga líon lán le hasail – agus seoltar na trucailí anois. Ná fanaimis le 2030; cuirtear chun bóthair anois iad! Bainimis buntáiste as pleananna Leaf le buille a bhualadh ar son Gháia agus ar son na Gaeilge inniu. (Tig le TG4 clár a dhéanamh faoi chóras nua iompair seo – Top Trucail.)

Agus carbaid! Ná déan dearmad den charbad. Is le lucht na Gaeilge an carbad ó aimsir Chú Chulainn ar aghaidh. Cad é an uair dheireanach a chuala tú duine ar bith le Béarla ag caint ar charbad? Ní aithneodh siad carbad thar carbhat. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta monarchana fud fad na Gaeltachta le carbaid bhreátha Ghaelacha a thógáil. Déanaimis anois é sula ngoideann Audi agus BMW an smaoineamh. Déanaimis cinnte de fosta go mbíonn mana greannmhar Gaeilge greamaithe de gach aon charbad leis an teanga a chur os comhair an phobail – ‘Is Ferrari é mo charbad eile.’

Seo an deis, seo an t-am, seo an uain. Cuirimis carbaid ar chabhsaí cathrach agus tuaithe go luath lenár gcumas a léiriú. Bímis ar thús cadhnaíochta agus mura dtugann lucht na Páile cluas le héisteacht dúinn, dhéanfaidh muid scrios ar Dhuibhlinn ar an dóigh thraidisiúnta Ghaelach. Cacadh ár gcuid capall agus asal ar shráideanna na hardchathrach; báfaidh muid le bualtrach Ghaelach iad ó tharla go bhfuil polaiteoirí na cathrach sin ár mbá le bualtrach bhéil le fada fada an bhliain.

Sea, beidh díoltas againn – díoltas deas orgánach.

Fág freagra ar 'Beidh díoltas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fós…'

  • Seán Mag Leannáin

    Píosa an-ghreannmhar a chuirfeadh Myles i gcuimhne duit.

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn uilig… Blaiseadh den fhírinne an greann is fearr…

  • Seán Mac Gearailt

    Ní greann go dtí seo.