‘Beidh cuimhne go deo na ndeor ar choireanna cogaidh na Rúise san Úcráin’ – Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Breis is cúig mhilliún duine atá teite ón Úcráin ó thús an ionraidh, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe

‘Beidh cuimhne go deo na ndeor ar choireanna cogaidh na Rúise san Úcráin’ – Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, in Borodyanka

Deir Uachtarán na Comhairle Eorpaí go mbeidh cuimhne go deo na ndeor ar na coireanna cogaidh atá déanta ag an Rúis san Úcráin.

Thug Charles Michel cuairt ar Kyiv inniu thar cheann bhallstáit an Aontais Eorpaigh.“In Kyiv inniu, i gcroílár na hEorpa, Eoraip atá saor agus daonlathach,” a dúirt Uachtarán na Comhairle ar a chuntas Twitter.

Thagair sé ina dhiaidh sin do na coireanna cogaidh a deir sé atá déanta ag an Rúis in áiteanna amhail Borodyanka, baile gar don phríomhchathair ar scriosadh cuid mhór de.

Breis is cúig mhilliún duine atá teite ón Úcráin ó thús an ionraidh, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe, an ghéarchéim teifeach is measa san Eoraip ón dara cogadh domhanda.

Tá an dá thaobh sa chogadh san Úcráin tagtha ar chomhaontú faoi chonair dhaonnúil a bhunú chun mná, páistí agus daoine críonna a thabhairt slán ó Mariupol, an chathair threascartha i ndeisceart na tíre atá faoi léigear ó thús an ionraidh.

Tá súil ag údaráis na hÚcráine 6,000 sibhialtach a thabhairt slán i 90 bus a rachaidh go dtí Zaporizhzhia trí Berdyansk.

Tá foláireamh eile tugtha ag an Rúis do na trúpaí atá fós ag seasamh an fhóid sa chathair chalafoirt iad féin a thabhairt suas láithreach.

Dúirt ceannasaí de chuid na dtrúpaí atá fós ag cur i gcoinne na Rúise i monarcha cruach Azovstal go bhféadfadh nach bhfuil fágtha ag a chuid saighdiúirí “ach cúpla uair an chloig”.

Deir na trúpaí sa mhonarcha, a bhfuil an daingean deireanach in Mariupol déanta de, nach ngéillfidh siad ach go bhfuil siad ag iarraidh go dtabharfaí slán iad do thír eile.

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na Rúise, go raibh cúrsaí “chomh crua is a d’fhéadfaidís a bheith” in Mariupol.

Mariupol. an chathair chalafoirt i ndeisceart na hÚcráine atá faoi léigear ó thosach an ionraidh

 

Ach smacht a bheith acu ar Mariupol agus Donbas bheadh conair ag an Rúis sa deisceart go dtí an Chrimé agus bheadh muintir na hÚcráine scartha amach ó chuid mhór den chósta.

Dúirt Zelensky go bhféadfadh go mbeadh an cogadh buaite ag an Úcráin faoin dtráth seo dá mbeadh teacht acu ar dhóthain arm. “Aon mhoill ar chabhair a thabhairt don Úcráin tugann sé deis do na gabhálaithe a thuilleadh Úcránach a mharú,” ar sé.

Tá a thuilleadh arm curtha ar fáil ag tíortha san iarthar don Úcráin ó chuir an Rúis tús lena mórionsaí ar oirthear na tíre agus a bhfogha faoi Donbas.

Deir aireacht chosanta na Rúise gur bhuail a bhfórsaí 1,053 sprioc mhíleata aréir.

 

Fág freagra ar '‘Beidh cuimhne go deo na ndeor ar choireanna cogaidh na Rúise san Úcráin’ – Uachtarán na Comhairle Eorpaí'