Beidh Cúige Mumhan in aghaidh Castres idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh

Agus Joey Carbery fós gortaithe is cúis dóchais do Chúige Mumhan go bhfuil fáil acu arís ar Peter O’Mahony agus Conor Murray

Beidh Cúige Mumhan in aghaidh Castres idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh

Is cinnte nár chuidigh an éiginnteacht atá cruthaithe ag Covid-19 le réiteach na gCúigí do Bhabhta a Trí de Chorn na gCuradh, babhta a gcuirfear tús leis anocht. Cé nach raibh aon easpa fógraí dearfacha ag teacht ó fhoireann bainistíochta an chomórtais ag deimhniú nach gcuirfí aon cheann den dá chluiche dhéag atá liostaithe don deireadh seachtaine seo ar ceal, bhí na meáin shóisialta lán le ráflaí agus tuairiscí maidir le deacrachtaí Covid i mbeagnach chuile champa.

Anocht cuirfidh na Muimhnigh chun páirce sa bhFrainc agus iad i gcoinne Castres. Ag foireann na hÉireann a bhí an bua, 19-13, agus iad ag imirt ar pháirc Thuamhan i mBabhta a Dó. Is ábhar imní i gcónaí a bheith ag imirt sa bhFrainc, go háirithe agus tú i gcoinne foireann atá sa tríú háit ar thábla an Top 14 faoi láthair le naoi mbua as cúig chluiche dhéag. Is cinnte gur ábhar imní an easpa cluichí iomaíocha atá imeartha ag na Muimhnigh an séasúr seo. Níor imir Cúige Mumhan ach naoi gcluiche go dtí seo, seacht gcluiche san URC agus dhá chluiche i gCorn na gCuradh.

Ní hamháin sin ach ó tharla go bhfuil Joey Carbery fós gortaithe caithfidh Cúige Mumhan imirt arís an deireadh seachtaine seo d’uireasa leathchúlaí amuigh atá cleachta a bheith ag imirt ar an leibhéal seo. Mar sin féin is cúis dóchais go bhfuil fáil acu arís ar an toirt agus an fhisiciúlacht a thugann Peter O’Mahony agus Conor Murray chun páirce, gan trácht ar an mbua iontach a bhí acu i gcoinne na nUltach seachtain ó shin.  Beidh an cluiche seo idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus beidh go leor ag brath freisin ar an gciceálaí.

Amárach cuirfidh na Connachtaigh fáilte chuig an mBóthar Beag roimh Leicester Shasana. Beidh foireann Andy Friend ag iarraidh a dteip i gcoinne Leicester  i mBabhta 2 a chúiteamh.  29-23 a chaill siad an mhí seo caite. Más le foireann na Gaillimhe é sin a dhéanamh caithfidh siad a chinntiú go n-imríonn siad ar feadh ochtó nóiméad, rud nach ndearna siad i mBabhta 2 nuair a lig siad na maidí le sruth tar éis seasca nóiméad. Cuirfidh filleadh Jack Carty go mór le spiorad agus dóchas na gConnachtach, mar a dhéanfaidh  an spreagadh a thabharfas an trí mhíle duine a bheas sa staid ag tacú leo. Tá deis iontach eile ag na Connachtaigh an ceann is fearr a fháil ar cheann d’fhoirne móra rugbaí an limistéir seo. Tá súil agam go mbainfidh siad leas as an deis sin.

Ar an Domhnach beidh Cúige Laighean ag imirt ina gcéad chluiche ón 3 Nollaig agus iad ag tabhairt faoi Montpellier san RDS. Níor chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 2 den chomórtas seo mar go raibh an oiread sin Covid i gcampa na Laighneach. Tá imní ormsa go gcuirfidh an easpa cluichí sin as d’fhoireann an bhaile agus go mbeidh a gcuid imeartha meirgeach ag tús an chluiche. Más féidir leo é sin a sheachaint ní féidir ach bua do Chúige Laighean a thuar agus b’fhéidir fiú amháin ceann le pointe bónais.

Sa gcluiche deiridh, beidh na hUltaigh i Northampton agus iad ag iarraidh tógáil ar an mbua baile (27-22) a bhí acu i mBabhta 2. Tá an sprioc sin sách dúshlánach go háirithe mar go bhfuil Northampton sa seachtú háit ar thábla an Premiership le seacht mbua as 12 cluiche. Tá an deacracht chéanna maidir le heaspa cluichí iomaíocha a bheith imeartha acu ag cur as do na hUltaigh. Níl aon dabht faoi, beidh éacht déanta ag foireann Bhéal Feirste má thugann siad pointí abhaile leo an Domhnach seo.

Fág freagra ar 'Beidh Cúige Mumhan in aghaidh Castres idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh'