‘Beidh cosa nua agam lá ar bith feasta!’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: ní hionann galar Alzheimer a bheith ar dhuine agus a rá gur féidir na maidí a ligean le sruth maidir le fadhbanna sláinte eile an duine sin

‘Beidh cosa nua agam lá ar bith feasta!’

Ós rud é gur le teacht na seanaoise a thagann galar Alzheimer ar dhaoine go hiondúil, is baolach gur annamh a thagann sé leis féin. Trí bliana ó shin, nach mór, a deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair. Bhí na cromáin ag cur as di le tamall de bhlianta roimhe sin, ach tá siad tar éis dul i ndonas chomh mór sin le bliain anuas nach bhfuilim ag dul thar fóir ach beagán nuair a deirim gur ar na ceithre boinn a bhíonn mo mháthair ag dul timpeall an tí.

Bhí sé in am obráid mháinliachta a iarraidh di.

Arís.

Ní hé nach ndearna muid ár ndóthain iarrachtaí cheana. Is cuimhin liom féin dul chuig an dochtúir teaghlaigh i gcuideachta mo mháthar faoi dhó maidir le scéal na gcromán, agus is iomaí uair a chuaigh mo dheartháir óg ina teannta.

An freagra céanna a fuair muid ón dochtúir i gcónaí: ní raibh sé inmholta obráid mháinliachta a chaithfí a dhéanamh faoi ainéistéiseach ginearálta a lorg do dhuine a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi, a deireadh sí, toisc go mbeadh an baol ann go rachadh an t-othar in olcas ó thaobh an ghalair sin de tar éis na hobráide. Fisiteiripe an t-aon réiteach ar chás mo mham, dar léi.

Nuair ba léir dúinn féin, don fhisiteiripeoir agus go deimhin don dall nach raibh aon mhaith leis an bhfisiteiripe a thuilleadh thuig muid nach raibh rogha againn ach cuairt a thabhairt ar dhochtúir teaghlaigh eile. Rud a rinne, agus an tseachtain dár gcionn bhí mo mháthair agus mo dheartháir óg san ospidéal chun obráid ar na cromáin a phlé leis an ortaipéidí agus an geiriatrach.

Ní hamháin go raibh an bheirt sin den tuairim nach ndéanfaí dochar leanúnach do chás Alzheimer mo mháthar dá gcaithfí úsáid a bhaint as ainéistéiseach ginearálta (faoi ainéistéiseach áitiúil a dhéantar cuid mhór obráidí ar chromáin na laethanta seo) ach thug an geiriatraí tús áite do chás chromáin mo mháthar, rud a chiallaíonn go mbeidh sí ag léimt (maith dom an drochjóc) thar chuid mhór den liosta feithimh.

Mar sin féin, de bharr ghéarchéim an choróinvíris, is dóichí ná a mhalairt nach mbeidh sí ag dul faoin scian go dtí Earrach na bliana seo chugainn.

Pian sa tóin is ea cosán dearg a dhéanamh go dtí an dochtúir ar mhaithe le duine eile (go háirithe má bhíonn cónaí ar an duine sin i gcathair, nó i mo chás-sa, i dtír eile) ach ní hionann galar Alzheimer a bheith ar dhuine agus a rá gur féidir na maidí a ligean le sruth maidir le fadhbanna sláinte eile an duine sin. Buncheart daonna is ea an cúram sláinte.

Idir an dá linn, is ar éigean go bhfuil mo mham in ann fanacht go dtí an lá mór.

‘Beidh cosa nua agam lá ar bith feasta!’ a insíonn sí dom i ngach uile fhísghlaoch beo, amhail is nach raibh a fhios agam cheana.

Fág freagra ar '‘Beidh cosa nua agam lá ar bith feasta!’'