Beidh clár Bhláthnaid Treacy ar 2fm ‘go hiomlán trí Ghaeilge’ ó mhí Aibreáin amach

Cur chuige dátheangach atá ag Bláthnaid Treacy ar Chlár na gCairteacha ar RTÉ 2fm ‘go dtiocfadh na héisteoirí i dtaithí ar na hathruithe’

Blathnaid Treacy

Ó mhí Aibreáin ar aghaidh beidh an clár atá á chur i láthair ag Bláthnaid Treacy ar RTÉ 2fm ‘go hiomlán trí Ghaeilge’.

Fógraíodh i mí na Nollag seo caite go mbeadh Treacy i mbun chlár nua raidió ar an stáisiún popcheoil agus gur i nGaeilge amháin a bheadh an clár sin á chraoladh.

Is cur chuige dátheangach, áfach, atá glactha ag Treacy chuici féin ó thosaigh sí ag cur Clár na gCairteacha RTÉ 2fm i láthair oíche Dé hAoine tamall de sheachtainí ó shin.

Thug Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, le fios do Tuairisc.ie go bhfuil sé fós i gceist ag RTÉ 2fm go mbeadh an clár ‘go hiomlán as Gaeilge’ ach gur socraíodh go dtosófaí le cur chuige dátheangach go mbeadh deis ag na héisteoirí ‘dul i dtaithí’ ar an nGaeilge.

“Thóg RTÉ 2fm cinneadh tús a chur leis an gclár go dátheangach le go dtiocfadh na héisteoirí i dtaithí ar na hathruithe, i bhfianaise ard-phróifíl an chláir atá i gceist, The Chart Show, ó thaobh sceidil agus líon éisteoirí de,” a mhínigh Mac Con Iomaire.

Dúirt sé go mbeadh an clár le craoladh go hiomlán i nGaeilge ó mhí Aibreáin na bliana seo ar aghaidh.

Bhíodh Bláthnaid Treacy ag obair le Spin FM agus RTÉ ach tá sí tar éis Spin FM a fhágáil chun díriú ar a cuid oibre le RTÉ, mar a chuireann sí an clár teilifíse Two Tube i láthair chomh maith le Clár na gCairteacha. Tháinig sí chun cinn ar an teilifís ar dtús nuair a chuir sí an clár Ó Tholg go Tolg i láthair ar TG4 sa bhliain 2012.

Nuair a fógraíodh an clár nua lán-Ghaeilge ar dtús, dúirt Rónán Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie gur léiriú a bhí sa chlár nua “ar thiomantas na seirbhíse i leith phlean gníomhaíochta Gaeilge RTÉ”.

Fág freagra ar 'Beidh clár Bhláthnaid Treacy ar 2fm ‘go hiomlán trí Ghaeilge’ ó mhí Aibreáin amach'