Corrach go maith a bhí an tús a chuir na foirne a bhí áirithe ar bhoic mhóra na craoibhe le comórtas na gcúigí go dtí seo. Cé gur bhuaigh Doire go héasca ar Fhear Manach an deireadh seachtaine seo caite, thángthas aniar aduaidh ar Mhaigh Eo agus ar Thír Eoghain cheana féin agus iad díomhaoin anois go dtí deireadh na míosa seo chugainn.
Beidh trí cinn eile de na foirne is mó atá á lua i mbliana le Corn Mhig Uidhir ag dul chun páirce idir seo agus tráthnóna amárach agus súil ag Ciarraí, Áth Cliath agus Gaillimh go n-éireoidh níos fearr leo ná mar a d’éirigh leis na piardaí eile.
An t-am seo anuraidh, bhí sé ina imní dá n-éireodh le David Clifford Craobh Shinsir na hÉireann a bhuachan den chéad uair gurbh fhada go stopfaí Ciarraí ag bailiú na mbonn. Nuair a chríochnaigh an séasúr, bhí Corn Mhig Uidhir ina ghlac ag réalta na Ríochta ach, ar chúis éigin, níl an imní chéanna ann faoi láthair go bhféadfadh Ciarraí craobh i ndiaidh craoibhe a bhuachan.
Taispeántais na foirne le linn na sraithe i mó is cúis leis sin, sraith inar chríochnaigh Ciarraí sa chúigiú háit i Roinn 1 tar éis dóibh trí chluiche a bhuachan agus na ceithre cinn eile a chailliúint. Is beag duine nach gceapann go bhfeabhsóidh foireann Jack O’Connor sula dtiocfaidh cluichí móra an tsamhraidh agus má dhéanann siad scrios i mBabhtaí an 16 agus ina dhiaidh sin, beidh siad ann a bheidh ag iarraidh dhá leath a dhéanamh de Chiarraí Thoir, gan trácht ar an gcontae uile.
In ainneoin gur thug Jason Foley, Tadhg Morley agus Gavin White gradaim All Star leo anuraidh, agus go raibh mí-ádh ceart ar Tom O’Sullivan nach bhfuair sé ceann, tá an tuairim fós ann nach bhfuil cosaint Chiarraí chomh láidir is atá ag foirne eile. Tá bearna fágtha ag imeacht David Moran i lár na páirce freisin cé gur éirigh go maith le Súilleabhánach eile ón Daingean, Barry ‘Dan’ O’Sullivan le linn an earraigh.
Ní gheofar léargas ceart ar Chiarraí an deireadh seachtaine seo, áfach, agus iad ag imirt in aghaidh Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais na Mumhan agus seans go mbeidh lár an tsamhraidh ann sular féidir measúnú ceart a dhéanamh orthu.
D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Áth Cliath, a thabharfaidh Craobh Laighean leo gan mórán stró arís i mbliana, cheapfá.
Agus iad ag imirt i Roinn 2, bhí go leor nach raibh ach leathshúil acu ar fhir na príomhchathrach go dtí go bhfaca siad Stephen Cluxton ag teacht amach as na seomraí feistis sa bhabhta deireanach in aghaidh chontae Lú. Cuir leis sin an greadadh a bhuail Áth Cliath ar Dhoire i gcluiche ceannais na Roinne.
Ní raibh a gcuid torthaí eile i Roinn 2 chomh suntasach céanna ach tá an dá eachtra sin, chomh maith le filleadh Jack McCaffrey agus Paul Mannion, tar éis aird a tharraingt arís ar pheileadóirí Átha Cliath.
Tá lucht tacaíochta Átha Cliath ag tnúth go mór leis an lá go bhfeicfidh siad Cluxton, Michael Fitzsimons, McCaffrey, John Small, Brian Fenton, James McCarthy, Brian Howard, Ciarán Kilkenny, Mannion, Dean Rock agus Con O’Callaghan uile ar an bpáirc ach cé gur grúpa imreoirí den scoth iad sin, níl aon amhras ach go bhfuil Áth Cliath cúpla céim ar gcúl ó bhí siad i mbarr a réime.
Rinne Fitzsimons go leor chun líne lánchúil Átha Cliath a choinneáil le chéile ach tá fear Chuala ar an mbóthar le fada agus cé go bhfuil Davy Byrne in ann cuid den ualach a iompar, tá bearnaí le haimsiú. Bhuaigh Áth Cliath cluiche ceannais Roinn 2 go héasca ach níor thosaigh an scrios go dtí gur imigh Conor Glass Dhoire den pháirc agus cé gur scóráil Áth Cliath ceithre chúl, níor chuir siad ach sé phointe lena gcois. Tá an cumas san fhoireann craobh eile a ghnóthachtáil ach, anois níos mó ná riamh, ní féidir an obair uile a fhágáil faoin seandream.
Cé nach bhfuil mórán amhrais faoi na torthaí a bheidh i gcluichí Átha Cliath agus Chiarraí, ní fhéadfaí an rud céanna a rá faoi cheann na Gaillimhe agus iad ag fáil réidh le haghaidh a thabhairt ar Ros Comáin.
Tháinig foireann Davy Burke chomh fada le Staid an Phiarsaigh i mBabhta a 2 na sraithe agus bhuadar ar Ghaillimh agus fuair Ros Comáin an ceann is fearr ar na Gaillimhigh sa chraobh in 2017 agus 2019.
Má bhíonn an lá fliuch, mar a bhí in 2019 agus arís coicís ó shin nuair a bhuaigh Ros Comáin ar Mhaigh Eo, beidh muintir na háite i bPáirc de hÍde níos muiníní fós ach beidh Gaillimh mar rogha na coitiantachta ag go leor.
Beidh Pádraic Joyce ag súil le taispeántas níos fearr ná an ceann a chonaic sé i gcluiche ceannais Roinn 1 trí seachtaine ó shin. Ní raibh na Gaillimhigh iontach le linn an earraigh, ach cé go raibh siad ag feabhsú an t-am ar fad, baineadh an mhaith as go leor den obair nuair a chliseadar in aghaidh Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh.
Fadhb atá fós ag Gaillimh leas a bhaint as Damien Comer agus Shane Walsh sa chluiche céanna agus is minic duine acusan ciúin nuair a bhíonn ag éirí go maith leis an bhfear eile. Údar faoisimh do Joyce go mbeidh an bheirt ag dul chun páirce ag an am céanna tar éis dóibh cuid mhaith den tsraith a chailleadh. Is maith a thuigeann an bainisteoir nach leor brath ar bheirt astu féin más le Gaillimh Craobh na hÉireann a bhaint. Chonacthas comharthaí le linn na sraithe go bhfuil cúpla imreoir nua aimsithe ag Gaillimh a chuirfidh lena n-iarrachtaí agus níl áit níos fearr ná Páirc de hÍde chun a mianach sin a thástáil.
Craobh Shinsir Peile Chonnacht
Sligeach v Nua-Eabhrac – Páirc Markievicz, 2.30in (Beo ar GAAGo)
Craobh Shinsir Peile na Mumhan
Ciarraí v Tiobraid Árann – Staid an Ghearaltaigh, 4.00in (Beo ar GAAGo) Craobh Shinsir Peile Uladh
An Cabhán v Ard Mhacha – Páirc Bhreifne, 6.30in (Beo ar GAAGo)
Luimneach v An Clár – Páirc na nGael, 7.00in
Craobh Shinsir Peile Chonnacht
Ros Comáin v Gaillimh – Páirc de hÍde, 4.00in (Beo ar RTÉ)
Craobh Shinsir Peile Laighean
An Iarmhí v An Lú – Páirc Uí Chíosóig, 2.00in Craobh Shinsir Peile Uladh
An Dún v Dún na nGall – Páirc Esler, 2.00in (Beo ar BBC)
Cill Dara v Cill Mhantáin – Páirc Uí Chuilinn, 2.30in
Laois v Áth Cliath – Páirc Uí Mhórdha, 3.30in (Beo ar GAAGo)
Uíbh Fhailí v An Mhí – Páirc Uí Chonchúir, 4.00in
file
Cén fhoireann í seo a dtugtar ‘Áth Cliath’ uirthi? An bhfuil baint ar bith aici le Baile Átha Cliath? Nó an dtosóidh muid ar leithéid ‘Láirge’ a thabhairt ar an chuid den chontae sin nach bhfuil gar den phort?